Im’ Nóibhíseach dom, sna Daichidí 1

Peadar Bairéad.

.

(This week I share with you my experience as a Novice in the Mid-Forties)

.

Fonn Sagartóireachta

lim gur inis mé dhaoibh cheana, go raibh fonn orm le linn m’óige. Bhuel, bhí, agus chuir mé leis an bhfonn sin trí dhul isteach i gColáistí an SMA, i mBéal an Átha Fhada, agus i gCorcaigh na gCuan, agus ar deireadh thiar, i Meán Fómhair na bliana 1945, thug mé aghaidh ar Nóibhíseacht an SMA céanna sin i ‘Clochballymore House, in aice le Cill Cholgáin, i gContae na Gaillimhe. Mhínigh mé cheana, go mba leis an gCunta Llewellyn Blake an Teach Mór céanna sin, fear a d’éirigh as an tsaighdiúireacht san Ind agus é na Leifteanantchoirnéal sna Connaught Rangers ag an am. Ar ball, tar éis dá bhean bás d’fháil, agus é fágtha gan chlann, gan oidhre, shocraigh sé ar a Theach Mór a bhronnadh ar an SMA, mar Nóibhíseacht, rud a bhí ag teastáil go géar uathusan, ag an am, tharla go raibh siad ar an míle dhícheall, ag iarraidh Cúige neamhspleách den SMA sin, a bhunú anseo in Éirinn.

Turas dhá lá!

Ba bheag feabhas a bhí tagtha ar chúrsaí taistil sa tír seo, ó thaistil mé go Wilton, Chorcaí, trí bliana roimhe sin, agus dá bhrí sin, b’éigean dom dhá lá fhada a chaitheamh ag taisteal ó bhaile na Druime in Iorras, go Teach Cloughballymore, ach i ndeireadh na feide, shroich mé cathair na Gaillimhe, agus ceart go leor, bhí duine ansin, ag fanacht orm, le mo thabhairt ó stáisiún na traenach ansin, go dtí an Nóibhíseacht. Ni capall agus jaunt a bhí aige seo, faoi mar a bhíodh i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo! Níorbh ea mh’anam, ach carr breá galánta. Tharla go raibh beirt, nó triúr eile, ag dul ar an aistear céanna liom, agus bhailigh an tAthair Harrington muid leis ina charr breá, galánta. Fear íseal, tanaí, lách, ba ea an sagart seo, agus ollamh cliste, léannta, eolgaiseach, freisin.

Suanliosanna fuara, folmha

Ní call dom a rá, nach raibh seomraí dár gcuid fhéin le fáil againn sa Nóibhíseacht sin. Ní raibh againn ach suanliosanna fuara, folmha. Tugadh a leaba fhéin do chuile dhuine againn, agus chuireamar pe acairí, agus éadaí, a bhí againn, isteach i gcóifrín a bhí ag taobh na leapan sin, ag chuile dhuine againn. Nuair a bhí an gnó sin déanta, tugadh ar chuairt na Nóibhíseachta sinn. Bhí ansin, in éineacht leis na suanliosanna, Aireagal breá, fairsing, agus seomraí ranga maraon le halla ollmhór staidéir. Teaspáineadh an Bhialann mhór, fhairsing, dúinn freisin. Ní lampaí pearaifín a bhí á n-úsáid sa bhfoirgneamh seo, níorbh ea mh’anam, ach soilse gléigeala leictreacha. Tugadh spléachadh dúinn freisin, ar chuid den Teach Mór fhéin, mar a raibh parlúis, seomraí feithimh, agus seomraí na sagart, suite. Samhlaíodh domsa, ach go háirithe, go mba neamhaí an t-ionad é an Nóibhíseacht álainn seo, i Cloughballymore House. Coláiste a bhí againn anseo, cinnte, ach ag an am gcéanna, ba Nóibhíseacht é, agus b’in é príomhghnó an ionaid seo. Dhéanfaí chuile iarracht ar bhealach an Spioraid a léiriú, agus a mhúineadh, do chuile Nóibhíseach, le linn an ama a chaitheadh sé ansin. Cinnte, mar adúirt mé, ba Choláiste é, agus mhúintí Fealsúnacht dúinn freisin, agus dár ndóigh, nach breá a raghadh an péire sin, an Fhealsúnacht, agus an Nóibhíseacht, le chéile, i múnlú spioradálta na Mac Léinn?  

rdhreach Boireannach!

Bhí rainse mór ag dul leis an bhfoirgneamh sin, ach i ndáiríre, níor thalamh maith é an chuid ba mhó de, nó ba chosúil le tírdhreach boireannach é. Anois is arís, nuair a bhíodh lá saoire nó a leithéid d’ócáid againn, théimis ag fánaíocht tríd an rainse céanna sin, agus nach orainn a bhíodh an t-áthas, agus an t-ionadh, nuair a thagaimis ar fhoireann bhreá mhór de chapaillíní Chonamara, ag réabadh leo thar na carraigreacha, nó bhí seansagart ag cur faoi sa Nóibhíseacht sin, Sparánaí na hInstitiúide, a raibh spéis an domhain aige sna capaillíní céanna sin, agus dhéanadh seisean iad a phórú agus a thógáil ar fheirm an Choláiste. Nach minic a chuireamar ceist orainn fhéin faoin chaoi ar éirigh leis na beighigh sin teacht i dtír ar thalamh chomh bocht, neamhthorthúil.

Ach, ní raibh na cúrsaí sin ag cur as dúinne, an lá breá sin i bhFómhar na bliana 1945, an lá úd ar chéadleag muid spág ar thalamh Cloughballymore, in aice le Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish