.

I’m Noibhíseach dom sna daichidí 5

Peadar Bairéad

(This week we continue our memories of Novitiate Days)

.

I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda

An tseachtain seo caite bhí mé ag cur síos ar na laethe, nó na blianta, a chaith mé im’ nóibhíseach i gCloughballymore House, cóngarach do Cill Colgáin, i gContae na Gaillimhe, ach sul má fhágaim Cloughballymore House taobh thiar díom, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do chupla rud eile, le pictiúr níos iomláine den áit sin a thabhairt don léitheoir. B’fhéidir nárbh olc an rud é, tuairim eicínt a thabhairt, faoin gcineál beatha a chleachtaímis, agus muid inár nóibhísigh ansin, díreach i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Ba é a bhíodh againn don bhricfeasta, ar maidin, nó brachán i dtosach, agus ansin, cupán tae agus arán, ní call dom a rá, nach mbíodh im againn le cur ar an arán sin, ní bhíodh againne ach margairín, dár ndóigh choinnítí an t-im do na sagairt a bhí inár mbun. Diabhal locht ar bith ar an gcineál sin beatha, adéarfadh duine, b’fhéidir, agus bheadh an ceart aige, ach amháin inár gcásna, bhí ceataí sa scéal, nó i gcás an aráin sin de, d’fhéadfá a rá, nach raibh sé inite in aon chor. Ba é an rud a tharla, nó gur dhein údaráis an Choláiste a gcuid cruithneachta fhéin a mheilt ina plúr, agus b’as an plúr sin a dhéanaidís ár n-arán laethúil a fhuint. Anois, bhí an iomarca taise sa chruithneacht sin, agus dá bharr sin, ní bhíodh inite de na builíní a dhéanaidís aisti, ach an screamh, agus b’in díreach an méid de a d’ithimis, nó bhí an chuid eile ina thaos, gan chuma an aráin chor ar bith air. Bhí go maith. Leanamar linn ag iarraidh maireachtáil ar an bpraiseach sin, ar feadh tamaill, ach ansin chuireamar stailc suas, agus chuireamar in iúl do na húdaráis, nach gcuirfeadh muid suas lena leithéid de bhia, a thuilleadh. Bhuel, a stór mo chroí thú! ba bheag nach ndeachaigh siad le báiní ar chlos an méid sin dóibh. Ba bheag nach gceapfá gur orainne a bhí an locht ar fad, nó dár leosan, ba cheart, agus ba chóir, do nóibhísigh, bheith sásta cur suas lena leithéid, agus gan scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh de! Chaitheadar seal ar a marana. Bhíomarna ag ceapadh go dtabharfaí bata agus bóthar do chuid againn, ach ar deireadh thiar, tuigeadh dóibh, nach raibh dhá cheann ar dhuine ar bith againn, agus nach raibh á dhéanamh againn, ach an rud a dhéanfadh siad fhéin, dá mbeadh siadsan inár gcásna. Bhuel, ba é deireadh an scéil sin é, nó gur stop siad dá gcruithneacht fhéin a mheilt, agus gur thosaigh siad ag ceannacht aráin isteach ó bhácús eicínt i gcathair na Gaillimhe. Ní call dom a rá, go mba mhór an faoiseamh dúinne, an socrú sin.

Beadaíocht!

Bhíodh an dinnéar againn, thart ar mheánlae, agus ba é a bhíodh againn don bhéile sin nó anraith, de chineal eicínt, i dtosach, agus ansin, bhíodh feoil, fataí, agus glasra eicínt á dtionlacan, agus bíodh nach mbíodh ceann ar bith acu thar mholadh beirte, de réir chaighdeán an lae inniu, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil go gcuirfeadh siad cúl ar an ocras, agus go sásódh siad sinn, go ceann scathaimh, ach go háirithe. Anois, caithfidh mé a admháil, go raibh cupla glasra nár thaitin in aon chor liom fhéin, agus b’iad sin, cainneann, agus biatas dearg. Bhíodh milseog de chineal eicínt againn freisin, le críoch a chur le chuile dhinnéar acu. Lá amháin bheadh rís ar bhainne againn, lá eile, bheadh úlla bruite agus custard, agus lá eile fós, bheadh maróg aráin mar mhilseog againn. Ní call dom a rá, go dtaitnaíodh an milseoga céanna liomsa, ach go háirithe. Dár ndóigh, i gcás cuid de na buachaillí, a bhí níos beadaí ná mise, ní bhíodh meas an mhadra acu ar na milseoga céanna sin, agus b’in an fáth go mbíodh thar mo dhóthain le n-ithe agamsa, chuile lá, geall leis! Níor luaigh mé nach mbíodh cead cainte againn le linn an dinnéir! Bhuel, ní bhíodh, nó is amhlaidh a bhíodh leabhar eicínt á léamh, i rith an bhéile, leabhar a mbíodh blas spioradálta air, de ghnáth.

Don tae, ansin, bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le harán agus margairín, agus cupán tae, nó caifé, mar bhí tae gann go leor, an tam sin.

Nuair a chuimhníonn tú air, is dócha go mbeadh ort a rá, nach raibh basctha de mar bheatha, ach d’ógánaigh, a raibh goile na seacht bhfathach acu, ag an am sin, b’é a locht a laghad, chuile bhabhta. Ag breathnú siar air anois, is iad na smaointe a thagann thar nais chugamsa faoi na béilí sin, nó an chaoi ar leagadh os ár gcomhair iad, d’fhéadfaí iad a chur i láthair ar bhealach i bhfad níos taitneamhaí, agus níos mealltaí, b’fhéidir, ach taobh amuigh den arán úd, bhíodh a mbunús inite, agus chomh maith le sin, is dócha go raibh sé an-deacair srian a chur ar an gcaiteachas ar bhianna dúinne, nó i ndáiríre, d’iosfadh muid an diabhal fhéin, gan salann, gan anlann, dá bhfaigheadh muid bruite é, ag an am sin. Is dócha gur leor sin mar chuntas ar an gcineál beatha a thugtaí dúinne, nóibhísigh, i gCloughballymore House, idir Mheán Fómhair 1945, agus Meitheamh 1947.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish