A History of Loneliness…by…John Boyne

Céadchló………..2014………..£12.99

.

Peadar Bairéad

.

Úrsceal Úr

Ní hé seo an chéad úrscéal a chuir an t-údar cáiliúil seo ar fáil dúinn, nó is dócha gur chuimhin le chuile dhuine againn an sár-leabhar sin, ‘The Boy in the Striped Pyjamas’, leabhar mór-ráchairte, a chuir sé ar an margadh, tamall de bhlianta ó shoin anois, agus freisin, na leabhair bhreátha, spéisiúla, inchreidthe, sin, ‘The Absolutist’ agus ‘Mutiny on the Bounty’. Áth Cliathach isea John Boyne a bhfuil clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach aige cheana, agus tá fáil ar a shaothar i gcúig theanga is caoga. Tá John pósta agus cónaí air san Ardchathair. Ach i dtaobh. A History of Lonliness, an leabhair seo is déanaí óna pheann….

Is é an tAthair Odhran Yates an príomhcharachtar sa leabhar seo. i gColáiste Chluain Life a cuireadh léann an tsagairt air, áit a ndeachaigh sé i mbun staidéir in aois a seachtdéag, sa bhliain 1970. Tuigeadh dó ó thús, go raibh glaoch chun na sagartachta faighte aige, nó b’in adúirt a mháthair leis, ar aon nós, agus níor cheistigh sé an dearcadh sin riamh thar na blianta fada. Ba é Tom Cardle a chomrádaí i gCluain Life ar feadh cúig bliana, ach ba bheag aithne a fuair an bheirt sin ar a chéile i rith na tréimhse sin. Bhí Tom cineál aisteach, agus ar ócáid amháin thréig sé Clonliffe, agus thug a bhaile air fhéin, ach má thug, fuair sé léasadh maith óna Dhaid, agus thóg an Daid céanna sin ar ais go dtí an Coláiste é agus rian na mbuillí fós le léamh ar a aghaidh. Ach níor dhein sé aon iarracht eile éaló ón gCliarscoil sin, ach ba bheag ní i bhfoirm ghairme, nó chreidimh, a bhí fanta aige i ndiaidh an léasta sin a thug a dhaid dó.

‘Ar strae’ sa Róimh

Toisc go raibh ag éirí chomh geal sin le hOdran ina staidéar, cuireadh chun na Róimhe ar feadh tréimhse é. Ba mhór an onóir dó an a leithéid de phribbhléid a fháil. Ach b’ait mar a thit sé ag an gclaí céanna sin, nó thit sé i ngrá le bean ón mbialann mar a bhfaigheadh sé cupán caifé, anois is arís. Comhartha ab ea é sin nach raibh a ghlaoch chun na sagartachta chomh soiléir so-chloiste sin! Glaodh ar ais chun na hÉirinn é, agus ar ball, oirníodh ina shagart é. Chaith sé triocha bliain ina mhúinteoir, agus ina leabharlannaí, i gColáiste Thír an Iúir in Áth Cliath, agus ansin, d’aistrigh Ardeaspag Átha Cliath óna phost taitneamhach sa Choláiste go dtí paráiste i dtuaisceart na cathrach é, ach gheall sé dhó, nach raibh sa socrú sin ach rud sealadach, agus go gcuirfeadh sé thar nais chun an Choláiste é ar ball, ach go raibh an sagart a bhí sa pharáiste thuasluaite á aistriú aige go post eile sa bhFairche. Sea! agus cé bhí á aistriú aige ón bparáiste sin ach a sheanchara, Tom Cardle, fear nár fágadh ró-fhada in aon pharáiste sula ndéanfaí é a aistriú go háit eicínt eile. Dhealródh sé, nár thuig Odran céard a bhí taobh thiar de na hathruithe sin, ach thuig an tArdeaspag go maith é, ach is dócha go bhfuil an t-údar ag iarraidh leide a thabhairt dúinn go bhfuil aineolas agus aineolas ann! agus gur chóir go mbeadh a fhios ag Odran céard a bhí á dhéanamh ag a sheanchomrádaí, Tom. Ach b’in an sórt duine é Odran. irigh freisin, go mba shaonta, amach is amuigh, é, an tOdran céanna sin agus é ag tógáil an ghasúir úd ar ghreim láimhe, taobh amuigh de Brown Thomas, agus iad ag dul ar thóir mháthair an ghasúir! Cheapfá gur tuigeadh dó go raibh sé ar phlainéad eile ar fad, bunús an ama.

Ceilt na Fírinne

Tríd is tríd, san úrscéal seo, díríonn an t-údar tóirse a thaighde agus a scileanna ar an Eaglais Chaitliceach, ar shagairt, agus ar easpaig, a raibh a fhios acu, go raibh mí-úsáid ghnéasach á dhéanamh ag cléirigh áirithe ar ghasúir, agus a raibh sin á cheilt ag idir easpaig agus shagairt, agus dár leis an údar, bhí an Pápa fhéin fiú, ciontach sa cheilt chéanna sin. Ag deireadh thiar áfach, thuig Odran go raibh sé fhéin ciontach ina shaontacht, agus ina aineolas, faoi chúrsaí, go háirithe nuair a thug a sheanchomrádaí léasadh teanga dhó as a easpa tuisceana sna cúrsaí sin. Gan dabht ar domhan, bhí a chuid taighde déanta go maith ag an údar, agus bheadh sé deacair go maith a dhíograis ar son an chirt a cháineadh. B’fhéidir nach í an Eaglais a raibh aithne agamsa uirthi, atá idir chamáin aige, bunús an ama, ach ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil, gur léigh mé chuile fhocal den leabhar seo, golis,oigraiseach.

Ní féidir a cheilt go bhfuil John Boyne ar dhuine de na scríbhneroirí is fearr atá ag saothrú an úrscéil inár measc, i láthair na huaire seo. Éiríonn leis greim a fháil ar aird an léitheora ó thús an scéil. Breathnaigh air seo mar thús…

“I did not become ashamed of being Irish until I was well into the middle years of my life.”

Más uait an scéal iomlán a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar breá seo a léamh duit fhéin. Ní bheidh a chathú ort, nó is deacair an leabhar seo a chur uait go dtí go gcríochnaíonn tú é.

en_USEnglish