.

Leabhar Spreagúil

J O H N

by

Niall Williams

.

Ar na mallaibh a tháinig mé ar an leabhar seo, ‘JOHN’, le Niall Williams, agus caithfidh mé a rá, gur chuir mé suim ann ó thús. Mar a mhínigh mé go minic cheana, léann an tsagairt, a cuireadh ormsa, le linn m’óige, agus dá bharr sin, bhí cúlra eicínt agam i gcúrsai bíobalta, rud a chiallaigh go gcuirfinn spéis, agus b’fhéidir dhá spéis, i leabhar faoin tSoiscéalaí, Eoin, mac Seibidí, an deisceabal úd ar ghráigh Íosa é.

Cé scríobh an leabhar seo, an ea?

Niall Williams a chuir an leabhar i dtoll a chéile, agus a d’fhoilsigh é i mbliain seo an Tiarna, 2008. I mBaile Átha Cliath a rugadh é agus is drámadóir é, chomh maith le bheith ina úrscéalaí. Cónaí air fhéin, ar a bhean is ar a chúram, faoi láthair, i gContae an Chláir. Clú agus cáil tuillte aige cheana mar údar mór-ráchairte.

Ach le filleadh ar an leabhar seo, ‘JOHN’, ba é an chaoi ar spreagadh an t-údar leis an scéal seo a scríobh, nó, tharla go raibh roinnt taighde ar siúl aige do leabhar eile, nuair a dúisíodh an cheist seo i ngort a aigne.

Cén cheist, an ea?

seo, gur theastaigh uaidh buille faoi thuairim a thabhairt ar a raibh ar siúl ag Eoin, Soiscéalaí, an lá sular scríobh sé a Shoiscéal. Anois níor leabhar spioradálta, nó tada dá leithéid, a bhí idir chamáin aige, ag an am, agus chuile sheans nach raibh aon staidéar ró-dhoimhin déanta aige ar Eoin, nó ar a chuid scríbhinní, ach ba é toradh a bhí ar a fhiosracht nó gur chaith sé thart ar bhliain iomlán, ag déanamh taighde ar an scéal, ag léamh a raibh le léamh faoin ábhar, agus é ag iarraidh an fhadhb sin a scaoileadh. B’in a spreag é le tabhairt faoi Scéal Eoin Soiscéalaí, a ríomh, ach ní i bhfoirm staire, nó i bhfoirm dhírbheathaisnéise a chuir sé roimhe é a dhéanamh, ach i bhfoirm úrscéil. Is soiléir ón leabhar, gur dhein sé staidéar grinn, cruinn, ar scríbhinní uilig Eoin, agus éiríonn leis cuid de na carachtair as a Litreacha, nó as a Eipistilí, a shníomh isteach san úrscéal seo freisin. Déanann sé tagairt do Gaius, do Demetrius, beirt a bhí ar thaobh na n-aingeal, agus tagairt déanta aige freisin do Diotrephes, a d’fhógair nár Mhac Dé in aon chor é Íosa, ach go mba fháidh den scoth é, agus tuilleadh eile freisin chomh maith leis, a bhí go láidir ar an dtaobh eile, ar thaobh na bhfrithchríostanna, faoi mar a chuirfeadh Eoin Soiscéalaí fhéin é.

Tosaíonn an scéal le hEoin, agus buíon bheag dá dheisceabail, ina ndeoraithe, ruaigthe ag an Impireacht Rómhánach go hOileán Patmos. Ní raibh ina gcónaí ar an oileán céanna sin, ag an am, ach fíorbheagán daoine, agus bunaíonn Eoin agus a chomhluadar Pobal beag Críostaí dóibh fhéin ansin, agus maireann siad faoi smacht an chloig agus na nAithne, agus iad ag fanacht go foighdeach ar lá a bhfuascailte. Faoin am seo, bhí Eoin ina sheanfhear liath, dall, agus é ag brath ar chabhair Phapias, lena shlí a dhéanamh ó áit go háit ar an oileán. Ní gá a rá anseo, go raibh tuiscint ag na luath-Chríostuithe sin nach bhfaigheadh Eoin, Soiscéalaí, bás, riamh, nó choíche, go dtiocfadh an Slánaitheoir an dara huair.

Leanadar leo ar an oileán sin, go sítheach, sásta, cheapfadh duine. Ach bheadh breall ort, nó tharla éirí-amach ansin ar ball, nuair a mheall Deisceabal darb ainm Matthias, roinnt áirithe den phobal beag sin, agus thréigeadar Eoin agus a lucht leanúna-san.

Ar deireadh thiar, cuireadh a ndíbirt ar ceal, agus thug Eoin agus a chomhluadar aghaidh ar chathair Ephesus. Is dócha gur cheapadar, go mbeadh comhluadar fairsing láidir Críostaí forbartha rompu in Ephesus, faoin am sin, ach nuair a shroicheadar an chathair cháiliúil sin, ba ghearr gur cuireadh ar a súile dóibh, nach mar a shíltear a bhítear, go minic, agus níor thaise don bhabhta seo é, ach oiread, nó ba bheag Críostaí a fuaireadar rompu in Ephesus, ní bhfuair siad rompu ach easaontas, cur i gcéill, agus namhadas. Bhí roinnt bheag Giúdach ann a bhí fábhrach go maith don Deascéal, ach go raibh faitíos orthu é sin a admháil os ard, ar eagla go ruaigfí as na Sionagóga iad. Bhí ann freisin, Matthias, an té úd ar deineadh tagairt dó thuas, agus an té a thréig iad, tráth raibh siad ina ndeoraithe ar Oileán Patmos, agus é anois ina cheannaire ar bhuíon láidir, a raibh cineál eaglaise bunaithe acu i gcathair Ephesus. Ach chuir Eoin agus a chuid deisceabail chun oibre, chomh maith is a d’fhéadfaidís, ach ní raibh mórán díobh ann, agus chomh maith le sin, bhí siad uilig imithe anonn sna blianta faoin am sin, agus mar bharr ar an gclampar, bhí Eoin fhéin ag druidim chun deireadh a laethe. An té ba thaca dó, Papias, tholg seisean lobhra, agus tar éis dó argóint a bheith aige le Matthias, d’imigh sé leis ón gcomhluadar le bás a fháil, ar an iargúil, leis fhéin. Chuir na cúrsaí sin isteach go mór ar Eoin, Soiscéalaí, agus ba é deireadh an scéil é nó gur iarr sé ar dhuine dá lucht leanúna a shoiscéal a bhreacadh ar phár dó…

“ ‘I would that one of you would write these words,’ he says.

Startled, as if from dream into the thing dreamt, the disciples bestir themselves. Danil lights a candle, Lemuel brings papyrus and stylus, offers these to Meletios, whose hand is fairest.”

Chuireadar chun oibre agus níor tharraingíodar srian go dtí go raibh an t-iomlán dá Shoiscéal curtha ar phár acu. Bhuel, suas go dtí an t-aonú caibidil fichead, ar a laghad.

Is dócha go bhfuair an t-údar, Niall Williams, freagra ar a cheist fhéin faoina raibh ar siúl ag Eoin, an lá sular scríobh sé a shoiscéal, agus déanann sé iarracht freisin, ar spléachadh a fháil, trí mheán a úrscéil, ar ar tharla i ndiaidh dó an saothar sin a chur ar bruach. Is dócha gurb é an ‘second coming’ atá i gceist aige i bhfocail deiridh an scéil…

“He sees the tomb opened and he cannot keep himself from joy. His hands he brings to his mouth. He would cry out. He would cry out with joy for ever now. The light fills in him as pure water that flows and flows. Love is resurrected.

He is risen. He is risen. He is risen.

My Lord you are come.”

Sular cailleadh an Soiscéalaí áfach, deineadh roinnt dá dheisceabail a raibh an lobhra á gcriogadh, deineadh iad a leigheas. Sea, tháinig an Slánaitheoir ar chuairt ar a phobal, faoi mar a rabhthas ag súil, le breis is trí scór bliain, ó tráth a aiséirithe, ach tháinig sé ar bhealach nach rabhthas ag súil leis.

An-scéal. É spreagúil, misniúil, corraitheach, go háirithe, nuair a bhreatnaítear air, trí shúile an chreidmhigh.

.

.

.

en_USEnglish