Julien i measc na gCnoc

Peadar Bairéad

(This week we reacall that unforgettable visit to Julien, on July 20th 2003)

.

Cuairt ar Julien

20 Iúil, 2003

Ó tharla nach raibh mórán d’ár saoire i gCalafórnia fágtha, shocraíomar go raghadh muid go dtí an baile is áille sa taobh sin tíre, Julien i measc na gCnoc, Bhí an lá go breá, brothallach, ach bhí fhios againn go mbeadh sé deas, fionnuar i Julien, nó tá an baile sin píosa maith os cionn leibhéal na farraige. Stopamar tamall i Ramona, le greim lóin a chaitheamh ansin.

Ghost Town?

D’fhás an baile seo, Julien, a chéaduair, nuair a fritheadh ór sa limistéar seo. Nuair a chuaigh an t-ór i ndísc, ar ball, cheapfá nach mbeadh fágtha ach “Ghost Town” faoi mar a tharla do bhailte eile i gCalafóirnia nuair a baineadh an t-ór uilig as a mianraí, ach bhí an t-ádh ar Julien, nó bhí talamh torthúil timpeall ar an mbaile seo, agus é an-oiriúnach do thorthaí, do bheostoc, agus do chapaill agus nuair a bhí deireadh an óir bainte acu, d’iompaigh muintir an bhaile ar fheirmeoireacht, agus sa tslí sin, bhí ar a gcumas a mbaile a choinneáil sa tsiúl. Anois, de réir mar a chuaigh cúrsaí eacnamaíochta chun tosaigh, agus de réir mar a rinne bailte eile cuma nua-aoiseach a chur ar a sráideanna agus ar a bhfoirgintí, níor lean muintir Julien iad síos an casán sin, ach is amhlaidh a choinnigh siadsan a mbaile, díreach mar a bhí, agus níor lig siad do na hOllstóir mhóra spág fiú, a leagan ina mbaile. D’éirigh leo, dár ndóigh, na seanfhoirgintí a athchóiriú, agus a mhaisiú, sa tslí, nárbh éasca baile chomh slachtmhar leis, a fháil, áit ar bith sa Stát ollmhór sin Chalafóirnia.

Dúiche Álainn

Nuair a bhí ár lón caite, d’ardaíomar ár seolta arís, agus thugamar an bóthar go Julien orainn fhéin. B’álainn an tír trínar ghabhamar. Sléibhte arda, garbha, clochacha, ag éirí go bagarthach ar ’chaon taobh dínn i dtosach, ach de réir mar a chuamar chun tosaigh, scuab na sléibhte leo agus ina n-áit bhí úlloird anseo, tréad breá ansiúd, agus eachra san áit úd eile. Agus cé nach mbíonn mórán den ghlaise le feiceáil i bpáirceanna timpeall Chalafóirnia, go háirithe an tráth seo bliana, bhí na páirceanna seo chomh glas leis an t-seamróg.

Bhí muid chomh tógtha sin le háilleaht an radharcra, nár mhothaíomar go raibh muid ag druidim isteach i Julien. Bhíomar ag díriú ar lár an bhaile nó bhí fúinn, buaileadh isteach i bproinnteach áirithe, le cupán tae agus píosa de thoirtín breá úll a fháil.

Sceana Gréasaí

Taobh istigh de chupla soicind, dhorchaigh an spéir os ár gcionn, agus díreach chomh tapaidh is a bhuailfeá do dhá láimh ar a chéile, bhuail cupla sprais ollmhóra fearthainne gaothscáth agus díon an ghluaisteáin, sa chaoi gur cheapamar gur cioth cloch a thit ón spéir anuas orainn. Ba scanrúil an tarlúint é. Micheál, a bhí i mbun na tiomána, agus ó tharla go bhfuil cónaí airsean sa chuid sin de Chalafóirnia, thuig sé láithreach baol na hócáide. Níor dhein sé iarracht ar bith stopadh i Julien, ach, as ag brách leis, amach as an mbaile, chomh tapaidh is a d’fhéadfadh sé. Bóthar a 79, a thug sé air fhéin. Ní raibh muid ach iompaithe síos an bóthar sin nuair a bhí ina chlagar agus é ag stealladh sceana gréasaí ar lom a dhíchill. Bhí sé deacair tada a fheiceáil mar bhí an díle ag titim chomh tiubh orainn faoin am sin. Ba ghearr go raibh orainn ár luas a ísliú, nó bhí sé ag éirí níos deacra tada a fheiceáil tríd an ngleáradh báistí, agus chomh maith le sin, bhí an t-uisce, faoin am seo ag scuabadh leis ina thuile trasna an bhóthair romhainn amach, agus é ag dul i ndoimhne, de réir a chéile, agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa fós, bhí clábar buí, agus chuile chineál bruscair, á n-iompar aige trasna an bhóthair, romhainn amach. Ansin, thángamar go casadh sa bhóthar sin, agus ag an bpointe sin, bhí sé deacair bóthar a aithint thar pháirc, ach bhí an t-ádh linn, agus roghnaíomar an bealach ceart amach as an gcoirnéal cinniúnach sin.

Éaló ar éigean

B’in an pointe ab ísle ar an mbóthar sin, agus uaidh sin amach bhí cúrsaí ag dul

i bhfeabhas, Bhí linn. Tar éis dúinn thart ar dheich míle eile a chur dínn, stop an gleáradh, agus ghlan an spéir. Bhí an stoirm thart.

en_USEnglish