L u a s a r B h ó i t h r e !
.
**************************
.
Nach mór go deo idir inné agus inniu! Ba bheag trácht a bhí ar luas ar bhóithre nuair a bhí mise ag fás suas in Iorras na nIontas, breis is trí scór bliain ó shoin anois. Capall, cú, nó giorria, na beithigh a rithfeadh linne agus muid ag samhlú luas thar na bearta, dúinn fhéin, an tráth úd, agus le fírinne, ba bheag cur isteach a dhéanadh fear ar bith den triúr sin orainne, nó ní raibh capaill ráis, nó cúite, chomh flúirseach sin i measc na cosmhuintire, ag an am, agus téadh an giorria ag feadaíl, nó ba bheag dochair a d’fhéadfadh seisean a dhéanamh dúinn. Ceart go leor, bhí cupla feithicil le hinill dócháin inmheánaigh iontu, sa timpeall, ach ní dóigh liom, go gcuirfeadh sé aon ró-stró ar chapall ar bith, gan trácht ar chapall ráis in aon chor, coinneáil suas le ceachtar acusan. Sa lá atá inniu ann áfach, is earra marfach, amach is amuigh, é an luas céanna sin, agus tá an cine s’againne ag dul as a gcrann cumhachta ag iarraidh taisteal níos tapúla, agus níos tapúla fós. Tá sin go breá, ach nuair a smaoiníonn tú ar na feithicil atá cumtha acu don taisteal, sa lá atá inniu ann, ansin tuigfidh tú an dochar a d’fhéadfadh fear de na feithicil sin a dhéanamh, nuair a théann sé ó smacht.
Ní chreideann tú mé, an ea?
Bhuel, níl le déanamh agat ach dul amach ar na bóithre s’againne, lá ar bith, agus feicfidh tú na gluaisteáin, na busanna, agus na leoraithe, gan trácht in aon chor ar na rothair ghluaiste, agus iad faoi mar a bheidís in iomaíocht lena chéile, iad ag iarraidh an bhearna a bhaint dá chéile, iad ag iarraidh an fear maith a fháil ar a chéile, nó is cosúil le cluiche báis nó beatha an cluiche atá idir chamáin acu, amuigh ansin ar bhóithre na Banban. Ní gá dom pictiúr a líniú duit ar an toradh a bheadh ar phléascadh boinn, ar mhiogarnach neamhbheartaithe, ar shraoth gan choinne, ar bheach gan chuireadh, nó ar thada ar bith eile dá leithéid sin, go háirithe, nuair atá tú ag caint ar luas thart ar ochtó, nó nócha, míle san uair a chloig.
.
Ach, adéarfadh duine, b’fhéidir, níl luas dá leithéid ceadaithe ar ár mbóithre, anseo i dtír seo na nÉireann.
Fíor dhuit, a mhac! níl luas dá leithéid ceadaithe ar bhóithre na Banban, ach ní hionann sin is a rá nach dtéann gluaisteánaithe áirithe ar na luasanna sin. Níl le déanamh ag duine ach dul amach ar na bóithre sin, agus tabharfaidh sé fhein faoi deara, nach dtugann daoine áirithe aird dá laghad ar an teorainn luais. Má dhéanann tú fhéin iarracht ar fanacht taobh istigh dár dteorainneacha luais, is beag nach séidtear den bhóthar thú, nuair a réabann gluaisteánaithe áirithe tharat. Minic a iompaionn siad thart, le radharc ceart a fháil ar an tseilide de thiománaí, nach bhfuil de luas faoi ach an seasca míle san uair! agus bóthar breá, leathan, folamh, os a chomhair amach. Sea, mh’anam, agus seans freisin, go dtabharfadh sé comhartha na méar dhuit, lena dhrochmheas a chur in iúl dhuit. Nach é an scéal céanna é ar shráideanna ár mbailte, agus ár gcathracha? Meas dá laghad níl ag cuid acu ar na teorainneacha luais atá i bhfeidhm ar na sráideanna céanna sin.
.
Ach, b’fhéidir go ndéarfá liom, gur scríobh mé sa cholún seo, anuraidh, go raibh feabhas ollmhór tagtha ar bhéasa bóthair ár dtiománaithe, le tamall anuas.
Admhaím gur scríobh mé a leithéid, anuraidh, ceart go leor, ach má scríobh, geallaimse dhuit é, go raibh sin fíor, ag an am. Bhí feabhas iontach tagtha ar bhéasa na ngluaisteánaithe, an t-am sin. Choinnigh a mbunús an teorainn luais, agus lena chois sin, thiomáin siad go ciallmhar, cúramach, comharasanúil, sa chaoi go mba phléisiúr é bheith amuigh ar na bóithre, in éindigh leo. Ach le tamall anuas, thug mé faoi deara, go raibh na dea-bhéasa sin imithe le gaoth, imithe mar a d’imigh an sneachta a bhí ann anuraidh, agus tá faitíos orm, nach bhfillfidh siad arís, mura múintear fios a mbéas dóibh, agus sin go luath, nó má leantar ar aghaidh, faoi mar atá cúrsaí, i láthair na huaire seo, raghaidh uimhir na dtionóiscí tríd an díon, amach anseo.
Ach céard is féidir linn a dhéanamh, leis an scéal seo a leigheas?
.
Cibé rud is féidir linn a dhéanamh leis an scéal seo a leigheas, caithfear a admháil i dtosach báire, nach bhfuil ag éirí le cibé rialacha atá i bhfeidhm againn i láthair na huaire seo leis an ngnó sin a dhéanamh. Is dócha nach bhfuil aon mhaith bheith ag iarraidh ar dhaoine dlithe an bhóthair a choimeád, faoi mar a bheifeá ag súil go gcoimeádfadh saoránaigh mhaithe iad. Agus ó tharla gur mar sin atá, caithfear úsáid a bhaint as an mbata, in ait na meala.
Cén bata, an ea?
Bhuel, caithfear cór speisialta tráchta a bhunú, leis an ngnó a dhéanamh, ó tharla nach bhfuil a ndóthain ama, nó ball, ag an nGarda Síochána, leis an mbeart a dhéanamh dúinn. D’fhéadfadh an cór sin cúram a dhéanamh de thrácht na tíre seo, ionas go mbeadh ar a gcumas, rialacha an bhóthair, maraon le teorainneacha luais, a chur i bhfeidhm, ó cheann ceann na tíre seo. D’fhéadfadh siad úsáid a bhaint as chuile ghléas is nua-aimseartha ná a chéile, chuige sin. Geallaimse dhuit é, gur ghearr go mbeadh cúrsaí faoi mar a d’iarrfadh do bhéal fhein iad a bheith, dá gcuirfí beart dá leithéid i gcrích. Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, ní féidir leis na gardaí bheith i ngach áit ar fud na tíre, i mbun an ghnó sin, nuair atá orthu a n-aird a dhíriú ar dhlithe uile na tíre a chur i bhfeidhm. Agus arís, cad is fiú ceamara a shuíomh anseo is ansiúd le teacht ar lucht briste rialacha an bhóthair? Go háirithe, má chuireann tú fógra suas, ag insint don saol mór, go bhfuil an ceamara sin suite ag an bpointe áirithe seo, nó ag an ionad áirithe úd eile! Má theastaíonn uainn teacht aniar aduaidh, ar lucht briste na dteorainneacha luais, nó ar lucht sáraithe rialacha an bhóthair, ní dóigh liom gur chóir dúinn clog a chur ar an gcat bocht, ach is amhlaidh a caithfimid úsáid a bhaint as ceamaraí ceilte. Sin iad na “leaids” a chuirfidh stop lena srianta scaoilte, geallaimse dhuit é!
.
Ar thug tú faoi deara, go bhfuil rampaí ag fás chomh tapaidh le miosarúin ar bhóithre ár mbailte, agus ár gcathracha, na laethe seo?
Thug, mh’anam, agus geallaimse dhuit é, nach dtaitníonn na rampaí céanna liom, olc maith nó dona.
Ach nach n-éirionn leo srian a chur ar luas na ngluaisteánaithe, thart ar ár sraideanna? Agus nach maith an rud é sin, go háirithe, fan na sráideanna mar a bhfuil cónaí ar dhaoine?
Ó, tagaim leat sa mhéid sin, éiríonn leo teorainn luais a chur i bhfeidhm, agus chaithfeadh duine a admháil, gur maith an toradh é sin ar na rampaí úd, ach má bhreathnaíonn tú ar an dtaobh eile den scéal, feicfidh tú nach bhfuil ann ach an bealach leisciúil le dlí a chur i bhfeidhm.
Conas a dhéanann tú sin amach?
Bhuel, ritheadh an dlí le teorainneacha áirithe luais a chur i bhfeidhm ar shráideanna ár mbailte, agus ár gcathracha. Anois, ar thiomáin na gluaisteánaithe taobh istigh de na teorainneacha sin? Bí cinnte nár thiomáin. Agus ar deineadh chuile iarracht ansin, iachall a chur orthu, glacadh leis na rialacha sin? Rinne na gardaí a ndícheall leis na teorainneacha luais sin a chur i bhfeidhm, ach nuair a tugadh lucht briste na dteorainneacha céanna os comhair na cúirte, níor gearradh ach fíneáil beag orthu, sa chaoi gur tuigeadh do lucht briste na rialacha sin, nár fál go haer é, dá mbéarfaí orthu, nó gurbh fhiú an tairbhe an pionós. Ach dá ngearrfaí fíneáil sách trom orthu, bheadh scéal eile ar fad againn anois, agus ní bheadh aon ghá le rampaí a chur ar bhóithre, nó ar shráideanna nach raibh thar mholadh beirte, cheana féin. I ndáiríre, nach bhféadfadh duine a rá, nach raibh sa teorainn luais, a chéaduair, ach fastaím, agus fastaím gan chúis, nó dá gcuirfí na rampaí ansin, a chéaduair, ní bheadh gá leis an dteorainn luais in aon chor, má thuigeann tú leat mé! Agus má bhreathnaíonn tú air, ó thaobh eile fós, feicfidh tú nach bhfuil ann ach pionós a ghearradh ar chuile ghluaisteánaí, toisc go bhfuil mionlach beag ag briseadh an teorainn luais, agus caithfidh tú a admháil, gur baolach ar fad an beithíoch é an rampa céanna sin, agus dá dtiocfá ar cheann acu gan choinne, geallaimse dhuit é, go mbainfeadh sé stangadh asat fhéin, agus as do ghluaisteán bocht, ag an am gcéanna. N’fheadar an mbeadh cúis dlí ag duine i gcoinne na Comhairle Áitiúla, i gcás dá leithéid? Bheinn fhéin den tuairim go mbeadh! Agus arís, nach dona an scéal é, go gcaithfidh na Comhairlí Áitiúla a mbóithre, agus a sráideanna, a mhilleadh ar an mbealach sin, ar mhaithe le ceacht a mhúineadh do chupla áilteoir. Nárbh fhearr i bhfad iadsan a chur ó bhaol, in áit nach mbeadh ar a gcumas feasta dochar a dhéanamh do dhuine ar bith.
.
Nach é an scéal céanna é i gcás na gcuaillí sin a tógadh ar thaobh na dtaobhchasán, le tamall anuas. Nach amhlaidh a chuirtear ansin iad le bac a chur le gluaisteánaithe ionad páirceála a dhéanamh den dtaobhchasán? Nárbh fhearr, i fhfad, an dlí a chur i bhfeidhm, agus na taobhchasáin a fhágáil slán.
.
Rud amháin eile a thagann idir me fhéin agus codladh na hoíche isea na clampaí úd, a fháisctear ar rothaí na ngluaisteán a fhaightear páirceáilte, in áit a bhfuil páirceáil crosta ar ghluaisteánaithe. Nach é an scéal céanna arís é? Nárbh fhearr an dlí a chur ar na daoine a bhriseann an riail sin, agus gan iachall a chur air freisin, a ghluaisteán a shaoradh ón lucht clamptha. Is bróch go deo an nós é, nós úd an chlamptha, agus cothaíonn sé fuath bóthair, agus drochfhuil, i measc gluaisteánaithe, frí chéile, nuair a fheiceann siad a leithéid ag tarlú.
Ach b’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam don bhabhta seo.
Mar sin, go dtí an chéad uair eile….
Slán….
********************
Peadar Bairéad.
********************
.