L ú i r e a c h P h á d r a i g

.

(Some thoughts and memories to go with the National Festival)

.

Seo píosa a chuir mé i dtoll a chéile tamall de bhlianta ó shoin anois, ach b’fhéidir gur mhaith leat é a léamh i mbliana agus Cuimhneamh Céad an Éiri Amach á chomóradh againn.

  

S e a n m ó i r n a C á s c a .

Nuair a bhí mise ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, faoi lár dhaichidí na haoise seo caite, ba é ba Uachrarán ar an Institiúd sin, ag an am, nó an Dochtúir Alfred O’Rahilly. An-scoláire agus an-Ghael ba ea an fear céanna sin, agus an-Chríostaí freisin, dá ndéarfainn é, ach cibé faoi sin, bhí de nós aige, chuile bhliain, teacht dheireadh an Charghais, léacht a thabhairt ar an ‘Turin Shroud’ agus a raibh le foghlaim againn uaidh, faoi Pháis agus faoi Bhás Íosa. Chuireadh sé tús leis an léacht sin, trína rá linn, gurbh í seo a sheanmóir bhliantúil. Bhuel, anois, agus muidinne ag deireadh na Seachtaine Móire, cuirfidh mé fhéin tús leis an bpíosa seo, trína rá libhse, gurb í seo mo sheanmóir bhliantúil-se. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh, agus tairbhe aisti!!

Anois, agus cruas Laethe na Bó Riabhaí ag cur ghoimh fuachta in aer thús an Aibreáin, filleann mo smaointe, uair amháin eile, ar Lá ‘le Pádraig, agus tugaim chun cuimhne, go ndúirt Pádraig go dtabharfadh sé chuile lá go breá dhúinn, i ndiaidh na Féil’ Pádraig, agus leath an lae sin freisin. Nach annamh a tharlaíonn a leithéid, nó de ghnáth, bíonn Lá ‘le Pádraig fuar, feanntach, crua. Ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo…….

An tráth seo chuile bhliain anois, geall leis, téann mo smaointe fhéin ar oilithreacht siar, agus filleann arís ar na fírinní, agus ar na prionsabail, a chuir Pádraig i gcré mhéith an chine s’againne. Smaoiním ar Lúireach Phádraig, an phaidir a dúradh le Lúireach Dé a fháisceadh timpeall ar Chríostaí, chuile mhaidin, len é a chosaint ar chumhacht an oilc, i rith an lae sin, nó nach chosúil chuile lá le cath eile in oilithreacht an té a bhfuil a aghaidh dírithe aige ar Dhún an Rí.

.

                                             Lúireach Phádraig.

Neart Dé do mo chosaint gach lá,

Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth,

Críost i mo thimpeall de shíor,

Mac Dé i gceartlár mo chroí.

Romham do mo threorú,

‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,

Do mo ghráú, do mo shlánú, gan chríoch.

.

Tosaíonn an saol chuile mhaidin, as an nua, don Chríostaí, do chuile dhuine, d’fhéadfá a rá, ach ar bhealach speisialta don Chríostaí. Bíonn air breathnú arís ar fhírinní agus ar phrionsabail a chreidimh, agus cé go ndeirtear, gur féidir linn saibhreas a chur i dtaisce dúinn fhéin sna Flaithis thall, tá me ag ceapadh, nach mar sin a tharlaíonn ar an saol seo, nó na fíricí agus na prionsabail ar ghlacamar leo, gan stró, inné, ní féidir glacadh leis, go mbeidh siad díreach chomh hinghlactha, chomh héifeachtach, nó chomh hinchreidte, inniu. Agus fiú, nach bhfuil taobh eile ar an scéal sin freisin. Nach n-éiríonn sé níos deacra, ó bhliain go chéile, glacadh leis na fírinní agus leis na prionsabail chéanna sin, nó nach n-éiríonn an daonnaí níos ceistí, níos scaipthe, agus níos dímheabhraí freisin, de réir mar a théann sé in achrann sna blianta, agus bíodh go raibh an oireadh sin creidimh aige, le linn a óige, is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, cailleann scian sin a chreidimh a fhaobhar, nuair a mhaolaítear faoi ualach trom na mblianta í. Fiú amháin, nár dhúirt an Naomh cumasach sin, Pól, linn, go raibh sé fhéin ag troid leis, trí chúrsa a shaoil, ach nach raibh an bua deiridh gnóite aige fós, ach go raibh sé ag treabhadh leis, agus é ag súil go mbéarfadh sé bua, ar deireadh thiar. Sea, agus nárbh ‘in an fáth a mbíodh na seandaoine fadó ag guí go bhfaighidís grásta na buanseasmhachta, sé sin, go n-éireodh leo fanacht dílis do na fírinní agus do na prionsabail úd, ar dhein mé tagairt dóibh thuas.

.

Bí fúm do mo chosaint gach tráth,

Os mo chionn, do mo threorú, led’ ghrá,

Bí liom nuair a luífidh mé síos,

Bí faram ar mo leaba san oích’,

Ar mo dheis do mo threorú,

Ar mo chlé do mo sheoladh,

A Chríost ghil, ná diúltaigh mo ghuí.

.

Ní haon dóichín é, saol Críostaí a chaitheamh, agus fanacht dílis dá rialacha, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana, ach sin é dualgas an chreidimh. Breathnaigh ar chroí an Aifrinn, agus tuigfidh tú cad chuige a bhfuilim. Sa chuid sin den Aifreann, creideann an Caitliceach Rómhánach go dtagann Críost fhéin, idir anam is corp, daonnacht is diagacht, anuas chugainn ar an altóir, ag nóimead cinniúnach úd an coisreacain. Nach deacair a chreidiúint go bhféadfadh Dia Mór na Glóire fhéin, a chumhacht is a neart a cheilt faoi ghné aráin is fíona? Tagann an dá shaol, an saol thall is an saol abhus, an-chóngarach dá chéile ag an nóiméad cinniúnach sin, sa chaoi nach bhfuil eatarthu ach an scáth, no an scáil, is caoile, ach ag an am gcéanna, scáth a fholaíonn A láithreacht orainn. Don Chaitliceach, sin é nóiméad na fírinne, agus más féidir leis, a ndeir sé, a chreidiúint ag an nóiméad sin, tá leis, tá bearna an creidimh trasnaithe aige, léim an chreidimh gearrtha aige, agus is féidir leis feasta, siúl i scáth an Tiarna….

.

Bí liom nuair a shuífidh mé fúm,

Nuair a sheasfaidh, bí taobh liom, a rún.

Bí i mbéal an té a labhrann lem chroí,

Bí i súil an té a chasann im líon.

Romham, do mo threorú,

‘Mo dhiaidh, do mo sheoladh,

Bí i gcluais an té a éisteann lem mhian.

.

Nach ag Pádraig Naofa fhéin a bhí an creideamh daingean. Chreid seisean go raibh Dia leis chuile orlach den bhealach, ó éirí dhó ar maidin, go ham luí san oíche. Agus ó tharla gur chreid sé sin go diongbháilte, ní raibh faitíos, nó eagla, air roimh chumhacht an oilc. Ní dhéanfadh gaiste an fhiagaí, nó líon an fhoghlaera, dochar nó damáiste dó. Thiocfadh sé saor ó shaigheada an diabhail fhéin, nó bhí Dia leis, agus é timpeallaithe lena lúireach ilchosantach. Anois, tá sé éasca go maith é sin a chreidiúint, ag an té atá óg agus ag bailiú chuile shaghas eolais chuige. Leanann sé loighic álainn, bhuile, an chreidimh, ach de réir mar a imíonn duine anonn sna blianta, ceistíonn sé ciall an chreidimh chéanna sin, agus bíonn air a chur ina luí air fhéin, tar éis dó chuile shórt a chur san áireamh, go luíonn an creideamh céanna sin le réasún, agus gur freagra daonna é, ar fhadhb na beatha, fadhb a chéas, is a chráigh, an cine daonna, ó thus ama i leith….

.

Neart Dé do mo chosaint gach lá,

Lena bhriathar, mar Lúireach, mar scáth.

Críost le mo thaoibhse go buan,

Do mo chosaint, ó dhúiseacht go suan.

Romham, do mo threorú,

‘Mo dhiaidh, do mo sheoladh,

Do mo shlánú Lá léanmhar an Luain.

.

Anois agus an Cháisc an doras isteach chugainn arís, tá orainn uilig na smaointe sin a scrúdú, agus a chur sa mheá, uair amháin eile, féachaint an fiú dúinn toiliú leo, uair amháin eile, nó sin an cineál ruda é an creideamh, sé sin, go gcaithfidh tú é a mheas agus a athmheas, a mheá agus a athmheá, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana. Níl aon chinnteacht ag baint le creideamh ar bith, nó caithfidh tú toiliú chuige, arís is arís eile, go deireadh do ré, nó tosaíonn an saol, as an nua, dhuit, ag breacadh chuile lae nua a bhronntar ort.

Agus ó tharla gurb é seo séasúr na Cásca, téann mo chuimhne fhéin siar arís, chuig na laethe, nuair a bhíos-sa im ghasúr, agus an creideamh sin fáiscthe go daingean sa chroí istigh ionnam, agus chuile mhaidin Cásca, bhínn im dhúiseacht le giolc an ghealbhain, le go bhfeicfinn an ghrian ag rince.

Agus cogar! An ndéanadh sí aon ghreas rince ar bith daoibh? Adéarfadh duine liom, b’fhéidir.

Bhuel! nílim á dhearbhú go ndéanadh, nó nílim á rá nach ndéanadh, ach déarfaidh mé an méid seo, gur chreideamarna go bpocléimeadh sí as a craiceann le háthas agus í ag ceiliúradh na hAiséirí , ar éirí as a leaba san oirthear di, Maidin Dhomhnach Cásca, agus b’in é díreach mar a chonacthas dúinne é, bliain i ndiaidh bliana, agus dheamhan focal bréige sa mhéid sin!

Cáisc faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig……. D’aiséirigh Sé! ………

Lúireach Phádraig agus Brat Bhríde umat, anois agus i dtólamh.

en_USEnglish