I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Laethanta na Bó Riabhaí

Ag smaoineamh ar phíosa na seachtaine seo a chur i dtoll a chéile a bhí mé, an lá faoi dheireadh, nuair a scannraigh clog an dorais mé. Duine eicínt amuigh, agus a mhéar coinnithe ar chnaipe an chloig aige, faoi mar a bheadh an riach fhéin sa tóir air. Chuir mé uaim mo pheann is mo nótaí, agus as go brách liom chuig an doras tosaigh, féachaint cén bhroid a bhí ar an té úd a bhí amuigh.

Nuair a d’osail mé an doras, caithfidh mé a admháil gur baineadh stangadh asam, nó cé bheadh ansin, ina staic, ar lic mo dhorais agam, ach mo Shéimí breá a’ Droichid, ach má ba ea fhéin, chuir sé ionadh an domhain orm chomh préachta is a bhí an fear bocht.

“Tar isteach, a Shéimí”, arsa mé fhéin leis, “déarfainn go bhfuil tú préachta, nó tá a chuma sin ort, ar aon nós.”

“Abair é! nó i ndáiríre, ní préachta atá mé ach sioctha, reoite, agus cuirfidh mé cnaipe leat, gurb annamh a thagann lá chomh fuar feanntach leis, an tráth seo bliana”

“Bhuel, tá morc mór tine againn sa seomra seo istigh, buail isteach agus suigh síos ansin ina haice, agus geallaimse dhuit é, go ndéanfaidh sé sin thú a chascairt i ngearraimsir.”

Gáilleog den Stuif Chrua

Isteach leis, agus ba ghearr go raibh cúl curtha aige ar an bhfuacht, agus é ag teacht chuige fhéin. Ach lena theacht-chuige-fhéin a dheifriú, líon mé fhéin gáilleog den stuif chrua, as an gcuinneog, agus thairg dó é. Ní raibh orm aon tathaint a dhéanamh air, nó ba bheag nár sciob sé an gloine as mo láimh, agus scaoil siar ina chraos é, d’aon shlog amháin. Thug an ghloine ar ais dom, bhain searradh as fhéin, shuigh siar sa chathaoir agus cuma na sástachta air.

“Tá sé fuar amuigh” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh scéal nó duan a mhealladh as.

“Bí ag caint ar fuar! Ní dóigh liom, gur chuimhin liom fhéin Geimhreadh chomh crua, feannaideach, leis, ó tháinig ann dom, ach chuala mé na seandaoine ag rá, go raibh Geimhreadh crua, righin acu sa bhliain 1947.”

Geimhreadh crua righin

“D’fhéadfá Geimhreadh crua righin a thabhairt ar an nGeimhreadh céanna sin, gan dabht, nó mhair sé ó Eanair na bliana sin go dtí dhá lá i ndiaidh Lá ’le Pádraig, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa ar fad, an bhliain sin, bhí sneachta ar an dtalamh ó Mhí Feabhra go dtí gur thosaigh sé ag cascairt, ar Lá ’le Pádraig na bliana sin. Ní gá a rá, nach raibh cúrsaí chomh heagraithe an tráth sin is atá siad inniu. Nó ní raibh an tír ach ag teacht chuici fhéin, i ndiaidh an Chogaidh Mhóir, ag an am. Bhí mé fhéin ag cur fúm i gColáiste Cónaithe an bhliain sin, agus ní gá dhom a rá, nárbh é saol an mhada bháin a bhí againn, in ionad dá leithéid, ag an am sin. Ach, sin uilig ráite, admhaithe, nach fíor freisin, go bhfuil Geimhreadh na bliana seo 2010, níos righne ná Geimhreadh na bliana céanna úd ’47, cé go ndéarfaí nach bhfuil sé chomh crua leis.”

“Tagaim leat sa mhéid sin, ach cogar mé seo leat, agus nach crua, fuar, an aimsir atá againn le scathamh anuas. Ní haon ionadh go bhfuil na daoine óga ag rá, go bhfuil cúrsaí aeráide, agus aimsire, imithe as alt ar fad, na laethe seo.”

“Bhuel! Tá agus níl. Níl dabht ar bith ann ach go bhfuil cúrsaí aimsire, frí chéile, imithe le craobhacha, le cupla bliain anuas, ach ar an dtaobh eile den scéal, ní haon rud nua é, aimsir dá leithéid a bheith againn thart ar an tráth seo chuile bhliain, nó nach bhfuil an téarma, Laethe na Bó Riabhaí, sa Teanga againn, le sinsearacht?”

“ Minic a chuala an téarma sin, ceart go leor,” arsa Séimí, “ach i ndáiríre, cén t-údarás atá leis an leagan cainte céanna sin?”

Laethe na Riabhaí

“ Tugadh faoi deara go dtagadh stoirmeacha agus cruatan geimhriúil, chuile bhliain, i ndiaidh na heacaineachta, agus bhaist siad Laethe na Bó Riabhaí ar an ndrochaimsir sin, agus sin an cineál aimsire atá againn, le scathamh anuas anois.”

Bhí mé réidh leis an gcuid eile den scéal sin faoin mBó Riabhach chéanna sin a ríomh dó, ach chuir mo chara, Séimí an Droichid, a lámh in airde ag an bpointe sin, le mo stopadh, agus bhris isteach orm, gan chuireadh gan iarraidh…..

Beidh lá eile ag an bPaorach!

“Fóill ort ansin anois, nó an bhfeiceann tú an t-am ar an clog matail úd os do chomhair amach ansin, agus mise tar éis a ghealladh do Naipí bhocht s’againne, go mbeinn ar ais sa bhaile aice, leathuair a chloig ó shoin. Slán leat anois, agus críochnoidh muid an seanchas sin, an chéad bhabhta eile. Beidh lá eile ag an bPaorach!”

Agus le sin, scuab mo Shéimí breá leis an doras amach, faoi mar ba chat scólta é, ach bhí mé fhéin sásta freisin, nó nach raibh píosa na seachtaine seo tugtha aige dom. Chuir mé mo shlán abhaile leis, bíodh go raibh sé as éisteacht, agus as radharc, faoi’n am sin………………..

.

.

  

en_USEnglish