.

Leabhar Draíochta

*****************

.

Memoirs of an Irish Surgeon…….An Enchanted Life……..

by

Jack Gibson

*****************

.

De thaisme

De thaisme a tháinig mé ar an leabhar neamhghnách seo, ar na mallaibh. Sílim gur mar bhronntanas a tugadh dom é, ach cibé faoi sin, caithfidh mé a admháil dhuit, gur bhain mé an-taitneamh as. Ní hé anois go bhféadfá é a chur i gcomparáid le leabhair mhóra na litríochta, ach ag an am gcéanna, éiríonn leis an údar greim scóige a bhreith ort, sa chaoi go bhfanann tú i mbun an tsaothair sin, go mbíonn an deoir dheiridh diúgtha agat as. Níl a fhios agam go díreach conas a éiríonn leis an údar sin a dhéanamh, nó i ndáiríre, is é atá sa leabhar seo aige, nó mám cuimhní caite ar phár, gan aon ró-eagar orthu, ach ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, éiríonn leis draíocht chorraitheach na hóige a fhí isteach i ngach snáithe de na cuimhní céanna sin, sa chaoi go n-éiríonn leis dul i gcionn orainn, agus go meallann sé sinn, siúl cois ar chois leis, fan bhealach chasta a ré.

Beagnach céad bliain ó shoin

Féach mar a chuireann sé tús lena scéal sa chéad chaibidil dá leabhar…..

I was born on the 3rd November 1909 in the village of Ranelagh, on the south side of Dublin, which was then believed to be the fifth finest city in the world.

Sea, agus nuair a smaoiníonn tú, gur chuir sé a Chuimhní Cinn i gcló sa bhliain 1999, tuigtear dúinn, nárbh aon bhunóc bliana é, ag an am, ach é ina dhuine foirfe, aibí, cliste. Ní raibh sé ach cúig bliana d’aois nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí deartháir aige dárb ainm Harry, agus bhí seisean seacht mbliana déag ag an am, agus chuaigh sé isteach san arm, sna Royal Dublin Fusiliers, agus ba é críoch an scéil sin nó gur cailleadh sa choimheascar céanna sin é mar Harry. Daoine measúla ba ea a mhuintir, ach mar sin féin, theip ar a ngnó, agus b’éigean dóibh gearradh siar roinnt ar an stíl bheatha a bhí á cleachtadh acu, roimhe sin.

Scolaíocht

I Wesley College a cuireadh oideachas air, agus inniu fhéin, smaoiníonn sé go minic ar ar dhein lucht na scoile sin ar a shon. Nuair a bhí sé thart ar sé bliana déag d’aois, d’fhág sé an scoil, agus chuaigh i mbun oibre dó fhéin, ach tar éis bliana, chuaigh sé chuig a athair, agus dúirt leis, gur mhaith leis bheith ina dhochtúir. Thoiligh an t-athair cabhrú leis sa bhfiontar sin, ar choinníoll nach ligfeadh sé a rún le héinne. Tuigeadh don údar, nach raibh ar a chumas adhmad ar bith a bhaint as na cúrsaí a bhí le déanamh aige, ach ag an am gcéanna, bhíodh na boinn agus onóracha eile, á ngnóthachtáil ina mbrosna aige. D’éirigh leis na céimeanna cuí a bhaint amach, agus féach gur éirigh thar barr leis……

I had taken my fellowship immediately after qualifying. I went into the School of Tropical Medicine and Hygiene and there I met a man called Dr. Petrie who was a missionary in Aden. He invited me to go for a locum to a place called Sheik Othman…….I had a wonderful time there performing surgery, getting vast experience and learning all about the customs of the Arabs.

Buanna faoi leith

Bhí go maith is ní raibh go holc, mar b’in an cineál duine a bhí ann, duine a bhain toit agus taitneamh as a shaol mar dhochtúir, agus duine a raibh scileanna neamhghnácha aige, agus é i mbun a cheirde. Bhí bua leighis de dhlúth agus d’inneach ann, agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin an-taitneamh as léamh faoina shaol agus a shaothar mar dhochtúir. Nach cuimhin leat an seanfhocal adeir “Dá mbeadh fios, aige bheadh leigheas aige”, bhuel, bhí idir fhios agus leigheas ag an nDochtúir draíochta seo.

Hipneoisí sciliúil

Ba dhochtúir é a raibh an-scil go deo aige sa hipneois, agus ba mhinic a bhaineadh sé úsáid as an scil chéanna sin, nuair nach mbeadh ar a chumas, nó nuair nach mbíodh fáil aige, ar aon chineál eile anaestéisigh, a bheadh oiriúnach don ghnó a bhí idir lamha aige. ag an am. Féach mar a chuirtear sa Réamhrá é….

He performed over 4,000 procedures using hypnosis as an anaesthetic without any pain. Some of the operations were very big, but the stories he tells in the book are fascinating and humorous.

Ba dhuine é a chaith sealanna in áiteacha éagsúla, ó cheann ceann na cruinne d’fhéadfá a rá, agus uaireannta, ní go ró-mhaith, nó go ró-fhial, a chaith a chomhdhochtúirí leis, ach thar aon rud eile, tabharfaidh an léitheoir faoi deara, nach raibh croí an dochtúra seo sa scilling. Cuma cá ghabhfadh sé, d’fhágfadh sé a rian ar chleachtadh an Leighis sa dúiche sin, ina dhiaidh, nó ba dhuine é, a bhí sásta i gcónaí, a scileanna a roinnt ar a chomhleacaithe, agus ag an am gcéanna, ba bhreá leis i gcónaí scileanna nua a phiocadh suas, trí bheith ag breathnú ar dhochtúirí eile agus iad i mbun oibre.

Chaith sé roinnt dá shaol i Nás na Rí, áit ar chleachtaigh sé a cheird in Ospidéal an bhaile sin, sea, agus d’éirigh leis freisin, fad is a bhí sé ansin, oidhreacht an bhaile sin a chaomhnú, trí sheantithe a athnuachan agus a athchóiriú. Sea, ba dhuine ildánach é an Dochtúir Gibson.

leigheas ar shranntarnach, fiú!

Nach ait freisin mar a d’éiríodh leis leigheas a fháil ar an tsranntarnach fhéin fiú, féach mar a chuireann sé fhéin é …..

When I went into a ward at night. I would find some people sleeping, some of them snoring and the reamainder who were longing to sleep and probably feeling some pain or feeling sick. I would go to the people who were wide awake and say to them the anaesthetic or the injection is still in the blood and if they will relax a little, they will fall asleep and the pain will disappear. I then put my hand on them and I would say ‘Sleep’ and they would drop into a deep sleep and stay asleep.

Dheineadh sé an cleas céanna leis na daoine a bhí ag sranntarnach. Deireadh sé leosan..

Keep breathing, don’t waken up, you will stop snoring, your throat will remain alive and you will sleep very peacefully.

Agus mar sin leis, go dtí go mbeadh ciúneas sa bharda ar fad, agus chuile dhuine de na hothair ina thoirchim suain agus sámhchodlata.

Sea, ba dhochtúir ann fhéin é an Dochtúir Gibson, agus nárbh iontach an gaisce aige é an leabhar seo a chríochnú ina nóchadú bliain, i ndeireadh na haoise seo caite.

Más scéal suimiúil, neamhghnách, corraitheach, draíochta, atá uait, ba chóir duit lámh a leagan ar an leabhar seo. Ní bheidh a chathú ort…

.

  

.

.

en_USEnglish