Leabhar spéisiúil

The Things We Know Now..by..Catherine Dunne

Seo leabhar ar tháinig mé air de thaisme, ar na mallaibh. Ní hé seo an chéad leabhar ón údar cáiliúil, Áth Cliathach, seo, Catherine Dunne, nó tá naoi           n-úrscéal curtha ar fáil aice, agus tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aice lena saothar, cheana fein. Úrscéal, bunaithe ar shaol clainne, atá againn anseo, clann atá scoilte ag easaontais, agus atá, ag an am gcéanna, aontaithe ag coraí crua an tsaoil anróitigh seo. Thaitin an scéal go mór liom, agus thaitin cur chuige agus stíl an údair liom freisin. Is dócha gurb é, Patrick Grant, príomhcharactar an scéil seo. Féach mar a chuireann an t-údar in aithne dhúinn é, agus mar a chuireann sí tús lena scéal, ag an am gcéanna :-

Today, Thursday 21st March, 2013, is my seventy-fourth birthday. Three and a half years have passed since Daniel left us. Three years and six months, almost to the day.

Cuimhní cráite

Sea, nach glas fós é cuimhne Phádraig ar bhás a mhic, Daniel, agus sin an fáth go músclaítear ár bhfiosracht i dtús an scéil, agus nádúrtha go leor, teastaíonn uainn a fháil amach, tuige a bhfuil a chuimhne chomh glas sin? agus céard a tharla dá mhac? Ach le fios fátha an scéil sin a fháil amach, tá orainn dul siar ar chúrsaí saoil Phatrick. Mar a fheiceann muid san athlua sin, tá Patrick anois imithe anonn go maith sna blianta, nó tá ceithre bliana is seachtó ar an gclog aige. Phós sé Cecilia, agus bhí triúr iníon mar chúram orthu, ach tar éis blianta fada a bheith caite acu i bhfochair a chéile, thosaigh Patrick ag breathnú ar na cnoic i bhad uaidh, agus tuigeadh dó, go mba ghlaise iad ná na cnoic abhus. Ar Janet a chaith sé súil, agus chaith seal faoi gheasa aice. Fuair Cecilia amach gur mar sin a bhí, agus níor thaitin sin lei, nó lena n-iníon, Rebecca, ach d’éirigh leis an t-easaontas sin a leigheas, agus chuaigh cúrsaí i bhfeabhas, ar feadh tamaill, ach ansin, mar bharr ar gach anachain, fuair Cecilia bás agus fágadh Patrick leis fhéin. Bhí droch bhail air ar feadh scathaimh, ach chabhraigh, Ella, saineolaí sna cúrsaí sin, go mór leis, Ar ball, phós sé Ella, agus bíodh go raibh Rebecca go mór i gcoinne an phósta sin, go háirithe ó tharla go raibh scór bliain ag Patrick ar Ella. Ar ball áfach, nuair a rugadh mac, Daniel, dóibh, tuigeadh dóibh go raibh an saol ar a dtoil acu.

Faltanas curtha ar gcúl

D’éirigh go seoigh leo, ar feadh roinnt ama, ach nuair a bhí Daniel ceithre bliana déag d’aois, chuir sé lámh ina bhás fhéin, agus fágadh a mhuintir croíbhriste, buartha, brónach. Is dócha go bhféadfá a rá, gur chuir an bhuairt sin go léir cúl le faltanas Rebecca freisin, mar ní tráth faltanais é tráth géibhinn. Bhí ceist le scaoileadh ag Patrick agus ag a mhuintir faoi chúis bháis Daniel, agus chaith Patrick agus a bhean, Ella, a ndúthracht ag iarraidh teacht ar fhreagra na ceiste céanna sin. Anois, níl fúmsa fuascailt na faidhbe sin a chur ar phár dhuit anseo, ach b’fhéidir go maithfí dhom é, dá dtabharfainn leide don léitheoir anseo, agus dá gcaithfinn an focal ‘bullaíocht’ isteach sa mheascán anseo, tá mé cinnte, go dtuigfeadh fear inn leathfocal, agus gur leor nod don eolach. Thuig Patrick fhéin an scéal go maith, nó chuir seisean aithne ar bhullaithe agus ar bhullaíocht, le linn dósan bheith ag dul ar scoil, leathchéad bliain roimhe sin.

Bain triail as, agus tuigfidh tú fhéin céard tá idir chamáin agam.

.

.

en_USEnglish