Léim an dá Mhíle 1

Peadar Bairéad

(An babhta seo, agus mar chloch ar a charn, caithimis súil siar ar léirmheas a rinneadh anseo ar leabhar Phádraig Fhiannachta, tarraingt ar ocht mbliana ó shoin )

Léim an Dá Mhíle……………….Céadchló………………2009

Le

Pádraig Ó Fiannachta……………………………………€10.00

.

Trí ghloine shioctha

Gafa i ngéibheann idir dhá shaol, ceann acu thall, agus an ceann eile abhus, a bhí an sagart cráifeach, dáiríreach, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta. Feictear dó, dár liomsa, go bhfuil laethe a ré fhéin ag druidim chun chríche, mo dhála fhéin freisin, agus dá bharr sin, chaith sé súil ghéar tríd an nghloine shioctha a scarann an dá shaol óna chéile, le spléachadh neamhshoiléir a fháil, ar úire, agus ar ghlaise, an fhéir atá ag fás go buacach ar an dtaobh eile, agus ar an lúcháir bhuan atá curtha in áirithe dúinn ansin ag íobairt Fhear Ghailíle. Samhlaítear dó, go bhfuil breith agus óige na Críostaíochta buailte isteach ina aigne níos daingne ná mar atá imeachtaí agus tarlúintí a óige fhéin, ina dhúiche fhéin. Micheál de Liostún a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin é, a chéaduair, i ndán leis a foilsíodh, thart ar thriocha bliain ó shoin, agus ba é a dúradh i seoladh an dáin úd nó…

“Rugadh Íosa in Áth Dara.

Bhí teach a mhuintire ar an tSráid Fhada…”

Nach éasca, i ndáiríre, Críost a shamhlú beo beathaíoch inár measc, ó tharla gur tógadh muid i measc Críostaithe díograiseacha an Iarthair, breis is ceithre scór bliain ó shoin, nó an t-am sin, chloisfeá Críost ag labhairt leat amach as béal na gcomharsan, Domhnach agus Dálach, agus ó cheann ceann na bliana.

Dhá Mhíle Bliain

Léim an dá mhíle bliain, ó thús na mílaoise seo, siar go dtí laethe Chríost, (Nó is mar cheiliúradh ar an Mílaois a cumadh an saothar seo a chéaduair.) Níl sa léim sin i ndáiríre ach cupla truslóg, adeir an tAthair Pádraig linn.

Sa phíosa thuas, níl tagairt déanta agam ach do leath an tsaothair seo, nó téann aistriú fileata le Natalie Trump, taobh le taobh, le saothar an tsagairt. Saothar an tsagairt ar chlé, agus saothar Natalie ar dheis. Breá, taitneamhach an leagan amach é, agus nach breá an socrú é go bhféadfá breathnú ar chonas a rinne Natalie leagnacha cainte áirithe Gaeilge a láimhseail i mBéarla. Jesus in Dingle, a bhaist Natalie ar a leagan sise.

Turas chun an Tobair

Táim tar éis cupla turas a thabhairt ar an dtobar fíorálainn fíorGhaeluinne seo, a thochail na húdair ildánacha seo, cheana féin, agus tá mé meáite ar chupla cuairt eile a thabhairt air, sul má dtí i bhfad, nó ní hé amháin go sásaíonn chuile chuairt acu mo chion ar theanga mo mhuintire, ach níos tábhachtaí fós, beathaíonn sé an dúil do-shásta, spioradálta, atá neadaithe sa chroí, agus san anam, istigh ionam. Ní shásódh cuairt amháin mé. Caithfidh mé cosán dearg a bhualadh chun an tobair dhothaomtha seo. Is mór an mhaise ar an leabhar é freisin, na grianghrafanna agus na pictiúir dea-línithe a ghabhann leis. B’fhéidir gur mhaith leatsa triall a bhaint as?

Ach b’fhéidir gur chóir dom, i dtosach báire, tagairt eicínt a dhéanamh don saothar fhéin.

I bhfoirm filíochta a chuirtear an saothar seo inár láthair, agus ní gá a rá, nach inné ná inniu a thosaigh an tAthair Pádraig ag shadhmadh focal ina ndánta sciliúla, ealaíonta, eolgaiseacha, agus ní taise don iarracht seo é.

Íosa ag an gCé sa Daingean, a bhaisteann an file ar an gcéad chaibidil filíochta dá dhán, agus breathnaigh mar a chuir sé tús leis an alt filíochta seo.

“Ní os comhair an tsáipéil

A bhí Críost ag caint an lá úd

Ach thiar ag Bun Calaidh

Agus amuigh ar Cheann an Ché….”

B’fhéidir gur leor sin don tseachtain seo……………

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish