N í B h e i d h a L e i t h é i d í a n n A r í s .

**************************

Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin………………………….An chéad chló…….2000.

Eagarthóir……………………………………………………………….Mairéad Ní Loinsigh.

************************************

Nach gcuirfeadh sé ionadh ar dhuine ar bith, gur eascair an oiread sin litríochta as ithir cinealta, iargúlta, an Bhlascaod Mhóir, taobh istigh d’achar chomh ghearr sin, agus caiscín phobal an oileáin álainn chéanna sin i ndáil do bheith meilte, ag an am.

Céard tá i gceist agam, an ea?

Tá seo, gur scríobh údair ón mBlascaod fhéin an oiread sin leabhar, ag cur síos ar a saol fhein, nó ar chúrsaí an oileáin sceirdiúil iargúlta sin, agus gur tharla sin blianta beaga sular tréigeadh an t-oileán mara sin.

Agus cad iad na leabhair atá i gceist agam sa ráiteas sin, an ea? Bhuel, go príomha, is iad na leabhair atá i gceist agam nó,

 Peig, agus Machtnamh Seana Mhná, le Peig Sayers, bíodh nár scríobh Peig fhéin iad, mar is amhlaidh a scríobh a mac Micheál, file, ó dheachtú, di iad, agus chomh maith leo siúd, nár scríobh Kenneth Jackson, Scéalta ón mBlascaod, naoi scéal is triocha, ó dheachtú Pheig freisin. B’fhéidir gur chóir tagairt a dhéanamh anseo freisin, do shaothar Mhichíl, file, mac Pheig Sayers, nó scríobh seisean Is Trua ná Fanann an Óige, agus Beatha Pheig, blianta ina dhiaidh sin, sna blianta, 1953, agus 1970.
 Fiche Bliain ag Fás, le Muiris Ó Súilleabháin.
 An tOileánach, Dinnseanchas na mBlascaodaí, agus Allagar na hInse le Tomás Ó Criomhthain.

Ar na mallaibh, áfach, de thimpiste, tháinig mé ar leabhar suimiúil, spreagúil, eile, a d’eascair as an ithir chéanna sin, as ithir mhéith Cheilteach an Bhlascaod.

Agus cén t’ainm atá ar an leabhar spreagúil seo, an ea?

 Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin a baisteadh ar an leabhar seo is déanaí chugainn ó phobal an Bhlascaod.

Ach nach bhfuil fhios ag gach éinne, gur tréigeadh an t-oileán sin, blianta fada ó shoin?

Tréigeadh cinnte, ach scríobhadh an dialann seo triocha bliain sular tréigeadh an t-Oileán, agus i ndáiríre, scríobhadh an dialann seo sular thosaigh scríobhneoirí eile an oileáin fiú ag cleachtadh a gceirde. Le fírinne, bhí an t-údar ag tabhairt an fhéir faoin am ar tréigeadh an t-oileán.

Conas a tharla, mar sin, nár chualamar tada faoin nDialann seo cheana, fad is a bhí na leabhair eile i mbéal an phobial, le blianta fada anuas?

Tharla go raibh an láimhscríbhinn seo i measc pháipéirí Bhriain Uí Cheallaigh, agus ar ball, thug deartháir Bhriain, an Canónach Ó Ceallaigh, an láimhscríbhinn, maraon le páipéirí eile, de chuid Bhriain, don Ollamh Brian Ó Cuív, agus dob é an tOllamh Ó Cuív a thug na páipéií sin don Ollscoil Náisiúnta. Is dócha gur fhan siad ansin, go dtí go ndeachaigh Mairéad Ní Loingsigh i mbun oibre ar an nDialann spéisiúil seo, mar phríomhchuid dá tráchtas M. Phil.

Dhealródh sé gur éirigh le Brian Ó Ceallaigh, údar an Chín Lae a spreagadh, le leathanach a scríobh chuile lá, mar chleachtadh, agus lean sí den saothar sin ó Bhealtaine go Samhain na bliana 1923. Is cuimhin libh, gurbh é mana a bhí ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin, Dialannaí Chalainn, nó, ”gach lá líne”. Bhuel, i gcás Eibhlín Ní Shúilleabháin, is dócha gurbh é an mana a bhí aicese nó gach lá leathanach, agus chuaigh sí i mbun oibre ar Lá Bealtaine na bliana 1923, agus choinnigh uirthi ag scríobh, go dtí gur chuir sí críoch leis an bhfiontar, ar an 29 Samhain 1923, agus sin a bhfuil i gCín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin. N’fheadar ar scríobh sí níos mó ná sin, nó nár scríobh, ach, sin a bhfuil i saothar seo Mhairéad Ní Loingsigh. B’fhéidir gur tuigeadh d’Eibhlín agus do Bhrian Ó Ceallaigh, faoin am sin, go raibh a ndóthain déanta acu, fan an chasáin sin, agus go raibh sé chomh maith dóibh éirí as, mar thionscadal, nó b’fhéidir gurbh amhlaidh a tuigeadh d’Eibhlín fhéin nach bhféadfadh sí í fhéin a cheangal faoi cuing na litríochta, agus go raibh cúrsaí eile á mealladh i dtreo eile ar fad. Ach faoi’n am seo, ní féidir a rá, le cinnteacht, cén fáth ar éirigh sí as saothrú an Chín Lae.

Mar adúirt mé thuas, ní raibh duine ar bith de mhórscríbhneoirí an Oileáin i mbun pinn, ag an am. B’fhéidir go mbeadh sé spéisiúil, ag an bpointe seo, breathnú ar roinnt dátaí, leis an saothar seo a shuíomh ina ionad ceart, croineolaíoch féin. Mar is eol do chách, ba iad na scoláirí móra, ón dtaobh amuigh, a las an tine faoi thalann liteartha na mBlascaodach. Thug Carl Marstrander, Ioruach, cuairt chúig mhí ar an mBlascaod, agus é ar bheagán Gaeilge, sa bhliain 1909. Lean Robin Flower, nó Bláithín, mar a thugadh muintir an Oileáin air, lean seisean é, ar chomhairle Mharstrander, an bhliain dár gcionn, i 1910. D’fhill seisean ar an oileán arís, sa bhliain 1911, le mí na meala a chaitheamh ansin, agus chuile bhliain uaidh sin go lá a bháis, sa bhliain 1946, chaitheadh sé tréimhse áirithe ar an Oileán sin. Sa bhliain 1917, thug Brian Ó Ceallaigh cuairt orthu, agus b’eisean a spreag Tomás Ó Criomhthain le dul i mbun pinn. Léigh sé Gorki dó agus Pierre Loti, agus tar éis roinnt a scríobh síos dó, i dtosach, d’fhág sé Tomás ansin, lena iomaire fhéin a bhaslú. Go gairid ina dhiaidh sin, is dócha gur éirigh leis áitiú ar Eibhlín Ní Shúilleabháin tabhairt faoin scríobhnóireacht freisin, agus bíodh nár cuireadh cló ar an saothar sin, faoi mar a tharla i gcás na mórscríbhneoirí, ag an am gcéanna, tá an toradh ansin fós, agus níl dabht ar domhan, ach gur spéisiúil an rud é saothar Eibhlín a chur i gcompaaráid le saothar na n-údar eile.

Cad é a mheall scoláirí móra Ceiltise na hEorpa chun an Bhlascaod, in óige na haoise seo caite, má sea?

Bhuel, is dócha gur thaitin a bhfuair siad amach ina gcuid taighde faoi shaol agus faoi theanga na gCeilteach, agus de réir a chéile, cuireadh ar a súile dóibh, go raibh an iarsma deiridh den seansaol Ceilteach úd beo, beathaíoch, agus le fáil fós, faoi choigilt na mblianta, amuigh ar imeall imigéineach na hEorpa, in oileán sceirdiúil mara, i measc phobal an Bhlascaod Mhóir, agus i ndáiríre, ba bheag duine de na scoláirí Ceiltise céanna sin, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, nár thug geábh ar an oileón sceirdiúil mara sin, am eicínt sular tréigeadh é, sa bhliain 1953.

Ach le filleadh ar na dátaí arís…

Níor cuireadh saothar an Criomhthainigh i gcló go dtí an bhliain 1928, cúig bliana i ndiaidh do Eibhlín a Cín Lae a bhreacadh. Cúig bliana i ndiaidh sin arís, cuireadh cló ar Fiche Bliain ag Fás, le Muiris Ó Súilleabháin, deartháir Eibhlín. Ní féidir a shéanadh, go raibh tionchar eicínt ag saothar Eibhlín ar Mhuiris.

Sa bhliain 1936, foilsíodh Peig, leabhar a thug insint sách lom ar shaol na mBlascaodach, agus n’fheadar ar thaitin chuile shórt a bhí le fáil sa leabhar céanna sin leis na hOileánaigh, nó is dócha gur fhéachadar siúd ar Pheig mar dhuine ón dtaobh amuigh, bíodh nach ró-fhada Baile Viocáire, nó Dún Chaoin fhéin, ón mBlascaod céanna, go háirithe le linn soininne. Bhí Peig trí bliana is trí scór, ag an am sin.

Nuair a chuirtear na dátaí sin uilig san áireamh, tuigtear ansin an tábhacht faoi leith a bhaineann leis an saothar seo is déanaí ó phobal an Bhlascaod.

Tuige, an ea?

Bhuel, ar an gcéad dul síos, is spéisiúil gur duine óg a scríobh an Cín Lae seo, nó ní raibh Eibhlín Ní Shúilleabháin ach trí bliana is fiche, ag an am, ó tharla gur rugadh í sa bhliain 1900. Sa tslí sin, faigheann muid léargus eile ar fad ar shaol an oileáin, thar mar atá le fáil againn sna leabhair eile, nó cé gur scríobh Muiris Ó Súilleabháin a leabhar fhéin, Fiche Bliain ag Fás, agus é sách óg, ag an am gcéanna, bhí tionchar an domhain amuigh dulta i gcionn air, ag an am ar dhein sé a shaothar a chur ar phár, agus ní call dom a rá, go raibh Tomás Ó Criomhthain agus Peig Sayers imithe anonn sna blianta, tráth thosaigh siadsan ar a saothar. Don bhean óg seo, d’Eibhlín Ó Súilleabháin áfach, ba í an tOileán a ‘baile’, agus deir sí fhéin linn insa chuntas ná braitheadh sí riamh ar a suaimhneas in aon áit ach age baile, agus ná raibh aon namhaid aice ach an tarna hoíche a thabhairt in aon áit eile, dá mb’é Dún Chaoin féin é, mar go mbíodh sí marbh ag an uaigneas (tógtha as an Réamhrá.}

Nár mhór an trua, mar sin, go raibh ar an mbean óg seo dul ar imirce go Springfield Mass. i ndeireadh na bhfichidí, agus gur cailleadh ansin í sa bhliain 1949. Is dócha gur mhinic a smaointe ar an Oileán sceirdiúil mara sin i gcéin, ba bhaile di, le linn a hóige, agus í ag cur fúithi i gcathair strainséartha Springfield.

Tá rud eile a scarann an saothar seo ó na saothair eile, agus sin gur scríobhadh an Cín Lae seo, ag tráth sula raibh daoine ag smaoineadh nach raibh todhchaí i ndán do phobal an Bhlascaod, agus ar deireadh thiar, go mbeadh orthu an tOileán, ba bhaile dóibh, a thréigint, agus cónaí a dhéanamh feasta ar an dtír mhór. Sa Chín Lae seo, tá cur síos ar rince agus spórt, ar spraoi agus cuileachta, ceol, cleasa agus cúirtéireacht, sea, agus an dúil mhallaithe a bhí ag an óige i misleáin, an tráth úd! Bhí saol dá gcuid fhéin ag an óige, agus dhealródh sé nach gcuireadh na daoine fásta isteach go ró-mhór orthu. Is speisiúil freisin, smaointe na mná óige seo a thabhairt faoi deara, agus iad a chur i gcomparáid, b’fhéidir, le dearcadh lucht a comhaoise sa lá atá inniu ann. Mór idir inné agus inniu, gan aon agó!

Breathnaigh mar a chuireann sí tús lena Cín Lae..

“Bealtaine a 1, 1923.

Céad moladh agus buíochas le Dia tá an chéad lá don samhradh againn inniu agus maidir le spórt, is againn atá sé ó mhaidin. Timpeall lár an lae do chonaic gach duine an naomhóg ag teacht agus struip siúil aici dá dhéanamh, agus triúr fear ag rámhaíocht agus triúr eile díomhaoin. Bhí gach duine dá rá gur póilíní iad ‘bhi ag teacht timpeall gadhar…..”

Bhí go maith. Ar deireadh, chuir na póilíní iad fhein in aithne dóibh, agus chomh luath is a dhein, siúd chun siúil iad, chuile dhuine a raibh gadhar de shaghas ar bith aige, agus ba é deireadh an scéil é gur caitheadh roinnt mhaith de na gadhair chéanna sin le faill, agus tógadh roinnt eile díobh chun an chnoic, ar eagla go dtiocfaí orthu agus madraí gan cheadúnas acu. Bhuel, ba ghearr go bhfuarthas amach, nár shuim leis na póilíní seo na gadhair chéanna sin, toisc go mba lucht an phinsin iad. Nuair a chuala na póilíní an scéal, ba iad a bhí ag steallamhagadh faoi na daoine a theich uathu.

“D’fhanadar ar an gcnoc go dtí dubh agus dall na hoíche agus mara raibh spórt ag an mbaile orthu nuair a ghaibheadar chúinn anuas tráthnóna thiar agus iad fliuch báite, mar dhein sé cith báistí orthu agus gach duine againn dá casadh leo ó shin “tá na póilíní ag teacht”, agus is dóigh liom go mb’fhearr leo go bhfanfaidís age baile. Agus an dream a chaith le haill iad go bhfuil ana-chathú go léir orthu.”

Bhuel, sin an chéad scéal agat anois, agus cuimhnigh freisin, gurbh iad ár bpóilíní fhéin a thug cuairt orthu an Lá Bealtaine úd, sa bhliain sin 1923!

Sea, bhí spórt, magadh agus caitheamh aimsire acu mar phobal, ar an mBlascaod Mor, ag an am sin.

Tógaimis iontráil eile…

Is minic na laethe seo daoine ag cur síos ar an aimsir agus iad ag rá nach cuimhin leo samhradh chomh hainnis ó tháinig ann dóibh. Bhuel, breathnaigh ar an bpíosa seo a scríobh Eibhlín, an tráth seo den bhliain 1923…

“Iúil a 30, 1923.

Níl an lá inniu róchneasta ach oiread, agus ní bheidh. Is dócha nár tháinig a leithéid do shamhradh le cuimhne na ndaoine. Is minic atá sé ráite ages na seandaoine nach cuimhin leo a leithéid d’aimsir a theacht ná go dtiocfadh tamall éigin do breá, ach, dá oilceas a tháinig a thosach, is measa ná san a dheireadh.

Ní chuaigh aon naomhóg ar an bhfarraige ó mhaidean le gála, agus ó chianaibh a chonaiceamair an naomhóg ag teacht agus gála gorm gaoithe ann, agus chuir sé iontass ar gach éinne í a bheith ag teacht insa scríb a bhí ann. Do bhí triúr fear ag rámhaíocht agus fear eile díomhaoin suite ar an dtochta inti, agus bhí sé cosúil le sagart mar bhí hata mór ard air, agus chuaigh gach éinne síos roimis ag féachaint cad é an ócáid a bhí orthu. Is amhlaidh a bhí ná coláisteánach óg ab ea é a bhí ag teacht ag foghlaim Gaelainne, agus mise dá rá leat ná cloisfidh aon ní eile anso ach í, ach nílim a rá ná go bhfuil Béarla acu ach, más ea, níor thugadar aon taithí dóibh féin ar a bheith dá labhairt. ‘Sí teanga ár sinsear í agus ní mór dúinn í do choimeád suas an uair ná fuilimid ábalta ar aon ní eile a dhéanamh dár ndúthaigh, ach dá bhféadfaimís do dhéanfaimís, mar níl éinne ná go mbíonn ar a dhícheall ag iarraidh í do chur chun treafa.”

Gan dabht ar domhan b’olc an samhradh a bhí acu, sa bhliain sin, 1923, ach cheana féin, tugaimid faoi deara, go bhfuil daoine ag tarraingt ar an Oileán, ag foghlaim Gaelainne, agus is dócha go bhfuil Eibhlín ag iarraidh a chúis sin a mhíniú di fhéin. Is dócha freisin, go raibh an t-iomaire sin baslaithe go maith ag Brian Ó Ceallaigh, agus ag cuairteoirí eile dá shaghas. Ach cibé faoi sin, níl aon easpa misnigh, faoi thodhchaí na tíre, nó na teanga, le tabhairt faoi deara san iontráil sin.

Tá dhá iontráil spéisiúla le fáil faoi na dátaí, 24 agus 25 Meitheamh 1923. Labhair mé cheana faoi spórt agus rince, bhuel, seo samplaí den rud a bhí i gceist agam…

“Meitheamh a 24, 1923.

Do bhíos féin agus Eibhlís Bheag ar an gcnoc inniu ag válcaeireacht, agus níor bhraitheamar an lá ag imeacht nó go dtí go raibh an tráthnóna thiar ann…..Nuair a thánamair go dtí Ceann Cnoic do bhí beirt bhuachaillí bheaga ’ár gcoinne agus mara raibh siúl chúthu ag dul ag triall ar na ba, agus an chéad rud adúradar linn go raibh an lá caillte againn.

‘A leithéid do Dhomhnach daoine ní tháinig riamh. Tá siad ós gach aon áit fén mbaile agus rinnce acu ar bharra na trá’ arsa iad san…..Ní abhaile a thugamar ár n-aghaidh in aon chor ach gabháil lom díreach an talamh garbh siar agus teacht orthu anuas ón gcnoc….Níor chuaigh a bhfurmhór abhaile in aon chor agus is docha go ndéanfaidh sí ardoíche anocht, le cúnamh Dé.

Bhuel, nach maith í an óige! Níorbh fhearr leo rud ar bith ná seal maith den oíche a chaitheamh ag rince ansin ar bharra na trá. Ach leanann Eibhlín lei in iontráil an lae dár gcionn.

“Meitheamh a 25, 1923.

A leithéid d’oíche – is dócha nár tháinig sí riamh agus ná tiocfaidh go deo arís – is ’ bhí againn aréir. Bhí a rian air; d’fhan an baile ‘na gcodladh inniu nach mór go dtí lár an lae. Tá ag éiriú ar na seandaoine féin agus ar na seanamhná an aimsir seo, agus bhídís sin riamh agus ní mór ná go maróidís tú dá bhfanfá amuigh óna haon dhéag a chlog amach ach, dár ndóigh, bíonn siad féin amuigh anois chomh maith leis na daoine óga. Bhí rince agus ceol agus amhráin ag dul sa spéir, agus ba dhóigh leat ná raibh mairg insa saol orthu agus gan aon chuimhneamh ag éinne ar dhul abhaile agus an oíche dá chaitheamh, ach ba chuma é, ní fhéachadh éinne do.

‘Nach oíche dár saol is ea í?’ a deireadh gach éinne, ‘agus b’fhéidir gur mó duine a bheadh insan uaigh ‘ an dtaca seo arís agus tá sé chomh maith againn bús maith a bhaint as an saol.’ ”

Nach mór idir na píosaí sin, agus a bhfuil le léamh againn sna leahair eile, a d’eascair as ithir an oileáin. Ach nach í seo an óige ag labhairt linn, agus bíodh gur tuigeadh di, ina croí istigh, nach raibh i ndán di féin, ar ball, ach an imirce, ag an am gcéanna, bhí sí sásta toit a bhaint as an saol, díreach mar a bhí sé, an tráth sin.

Ait nach ndéanann sí tagairt ar bith do Pheig Sayers, bíodh go raibh breis is scór bliain caite ag Peig ar an Oileán ag an am a raibh Eibhlín Ní Shúilleabháin i mbun pinn ar a Cín Lae.

Léitheoireacht éigeantach is ea an leabhar seo d’éinne a bhfuil litríocht an Bhlascaod Mhóir léite, tuigthe, measúnaithe, aige, agus gan aon agó, tá muid uilig faoi chomaoin ag Mairéad Ní Loingsigh, as a scoláireadcht agus a taighde i saothrú an Chín Lae seo don saol Gaelach. Sladmhargadh ar £5.00 (€6.35 Euro). Nára fada go gcloisfear uaithi arís.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

.

.

.

en_USEnglish