.

.

N o l l a i g S h o n a d h a o i b h

Peadar Bairéad

(Seo píosa Nollaigiúil a scríobh mé roinnt blianta ó shoin.)

Nollaig eile chugainn !

Nollaig eile an doras isteach chugainn agus gan aon ullmhúchán ceart déanta againn faoina chomhair fós! Ach ní haon scéal nua againn an Nollaig chéanna a theacht aniar aduaidh orainn. Feiceann muid romhainn amach í, amuigh ar íor na spéire, mar adéarfá, agus tuigtear dúinn go bhfuil sí i bhfad ar shiúl fós, ach i ndáiríre, ní mar a shíltear a bhítear, agus ar deireadh thiar, tagann sí an doras isteach de léim chugainn. Mo chuidse de, deinim iarracht chuile bhliain cupla véarsa a chur i dtoll a chéile, leis bhFéile mhór seo a cheiliúradh, agus b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh dom é, cupla véarsa as na hiarrachtaí sin a leagan os bhur gcomhair amach anseo. Ní in aon bhliain amháin a cumadh na véarsaí seo, ach is amhlaidh a cumadh iad thar na blianta. Ach ní hé seo ach é siúd, b’fhéidir nár dhochar ar bith é, an méid seo as mo bhailiúcháin filíochta a shníomh isteach anseo.

Then and Now

Féach mar a scríobh mé faoi na dánta Nollaigiúla céanna sin in “Duilleoga Fómhair”.

“Mar adúirt mé cheana, tháinig mise ar an saol i bpobal bocht. Ní raibh aon rabairne ag baint linn. Aimsir na Nollag áfach, bhíodh flúirse thart orainn, cácaí Nollag, rísíní, torthaí, feoil, gé, agus corfhéirín, fiú!

Bhíodh paidreacha na Nollag le rá ag an aos óg, trí mhíle Áibhé ó thús Mhí na Nollag go hOíche Nollag. Bhí chuile shórt ceangailte leis an Nollaig. Bhíodh Aonach mór na Nollag; Margadh mór na Nollag; Tine mhór na Nollag; agus mar sin dóibh. Ní haon ionadh mar sin go gcoraíonn Féile Mhór na Nollag mé fós. Fonn orm fós bronntanas beag eicínt a thabhairt chun an Mháinséir liom, le leagan os comhair an Linbh Bheannaithe, Maidin Nollag, bíodh nach mbeadh ann ach dáinín bacach fhéin.”

Ach breathnaímis ar chupla véarsa as mo dháinín do Nollaig na bliana 1987:-

Spréacharnach spéire dom mhealladh

Go Beithil na rún is na scéal.

Cuimhní na mblianta ag plódú

Trí dhoirse m’anama thréith.

.

Íosa is Muire dár gcumhdach

Ar ionsuithe géara an tsaoil.

Teaghlach an Tiarna dár stiúradh,

Um Nollaig, anocht, agus choích’.

B’fhéidir nach mbainfeadh na véarsaí sin Duais Nobel dom, ach nach cuma, ag an am sin, roimh Nollaig na bliana 1987, dhoirt siad spiorad beannaithe na Nollag ar fhásach tur, tirim, m’anama.

Christmas in the Canaries

Smaoiním freisin ar Nollaig álainn a chaith mé i bhfad óm dhúchas i bPlaya gainmheach na nGall. Tháinig ál cuimhní ar chuairt chugam, cuimhní a chuir orm áilleacht taitneamhach Ghran Canaria a chur i gcomparáid le hiargúltacht scoite Iorrais, agus caint bhog na cosmhuintire thiar a chur i gcomparáid le hurlabhra borb na gCanáireach. Féach ar an véarsa seo:-

Ceol rithimeach chugam ‘na chlagar

Ón Óstán geal aerach cois trá,

Roiseanna borba Spáinnis’

Á scaoileadh mar philéir, dom chrá,

Ag réabadh bhrat folaigh mo smaointe

Le briathra lán fuinnimh is croí,

Mar rabhadh, gan rithim, mícheolmhar,

Ag tolladh chroí chráite na hoích’.

Tharraing na smaointe sin siar abhaile mé, go dtí an t-ionad sin, mar a luíonn fód mo dhúchais in Iorras, faoi bhrat geal fáilteach na Nollag, agus é réidh, ullamh, le fáilte a chur romhamsa abhaile, tráth ar bith a bhuailfeadh an fonn sin abhaile mé.

Ó thuaidh, gheobhainn pobal is muintir,

A d’fháilteodh go Ceallach, geal, caoin,

Roimh dhuine dá gcineál ag filleadh,

le siúl ina measc-san arís.

Nollaig Shona dhaoibh uilig.

en_USEnglish