I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ní lia duine ná tuairim.

Sea, agus ní lia tír ná nós! B’in iad nathanna cainte a tháinig anuas le huacht chugainn ón dream a d’imigh romhainn, agus nach acu a bhí an chiall agus an tuiscint ar chúrsaí an tsaoil chasta, do-thuigthe, seo. Agus nárbh é comhartha na céille agus na heagna, chuile lá riamh, glacadh le fírinne na nathanna céanna sin.

ard a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé an tseachtain seo? adéarfadh duine, b’fhéidir. Bheul! an gcreidfeá gur ag éisteacht le clár teilifíse a bhí mé, ag an am, nuair a chuaigh fírinne na nathanna céanna sin go smior na gcnémh ionnam. Inniu sa Dáil, a bhí idir chamáin ag an gClár céanna sin, agus cuairt Mhuintir Obama ar an tír seo, a bhí á plé ar an gClár sin.

I mBéal gach éinne

Níorbh aon rud nua é sin, nó bhí an dream céanna sin i mbéal gach éinne, ag an am, dream amháin á moladh go hard na spéire, dream eile ag cur a gcuairt i gcomparáid le cuairt na gCinnéadach, leathchéad bliain ó shoin anois. Bhí mé réidh leis an gcnaipe a chasadh chuig stáisiún eicínt eile, nuair a phléasc cainteoir mná an tost ómósach lena hionsaí binibeach ar mhuintir na tíre seo, agus an chaoi a raibh siad ag lútáil go lústrach leo. Caithfidh mé a admháil, gur bhain a cuid cainte stangadh asam,nó chuaigh sí níos fuide ná sin leis an scéal nuair a d’ionsaigh sí Uachtarán na Stát Aontaithe freisin ag maíomh go raibh sé ag dul thar fóir, go minic, lena eachtraí polaitíochta, agus míleata, i dtíortha eachtrannacha.

Litir ó Mheiriceá

Mhothaigh mé i dtosach faoi mar a bhuailfí buille feille orm fhéin, nó smaoinigh mé ar an gcúnamh, agus ar an gcabhair, a fuair muid mar chine ó Mheiriceá, le sinsearacht. Nár mhinic a choinnigh siad an dé ionainn lena dtacaíocht, agus leis ‘an litir ó Mheiriceá’ a d’iompar mám dolar ó ghaolta a bhí ar imirce san Stáit. Smaoinigh mé freisin, gur bheag duine sa Dáil s’againne a d’aontódh go huile is go hiomlán le caint lasánta na mná céanna sin, agus ní gá dhom a rá, go gcuirfeadh caint dá leithéid déistean croí orm fhéin, agus go gcuirfinn go láidir ina choinne, seacht lá na seachtaine; ach ba ag an bpointe sin a rith na sean-nathanna sin, a luaigh mé thuas, liom. Ní lia duine ná tuairim agus má tá fírinne ar bith folaithe sa seanfhocal sin, nár chóir go mbeadh duine bheith ag súi,l go mbeadh dearcadh dá leithéid ag roinnt áirithe daoine. Sea, agus nach cuid den chiall, agus den eagna é, a bheith sásta éisteacht go cúramach, creidiúnach, le dearcadh an duine eile, agus a bheith sásta misneach an chainteora a mholadh, agus a mhóradh. Ní deirim anois go bhfuil dualgas ar bith orainn glacadh leis na tuairimi sin, ach is é is lú is gann dúinn a dhéanamh, ná éisteacht leo, iad a chur sa mheá, agus ár mbreith fhéin a thabhairt orthu, ar ball, agus gan ligint do na tuairimí sin ár meas ar an gcainteoir a laghdú dá mbarr.

Inniu sa Dáil

B’in an chiall a bhain mé fhéin as an gClár Teilifíse céanna sin faoi ‘Inniu sa Dáil.’

Céard fútsa?  Cé’n tionchar a bhí ag an óráid sin ortsa?   Tá aithne agam fhéin ar dhaoine áirithe agus ní raibh ar a gcumas cur suas leis an gcineál sin cainte, olc, maith, nó dona, ach, i gcás dá leithéid, nach maith an leigheas ar an scéal é, smaoineamh ar na seannathanna a luaigh mé thuas, nó tá blas agus boladh na céille, agus na heagna, orthu fós.

Sea, ní lia duine ná tuairim, agus ní lia tír ná nós.

.

en_USEnglish