I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Nollaig Shona Dhaoibh Uilig

Ó tharla go bhfuil sé de nós agam píosa faoi leith a scríobh sa cholún seo don Nollaig, tuigeadh dom, nár chóir dom nós a bhriseadh, an babhta seo, mar sin, seo chugaibh píosa speisialta do Nollaig na bliana seo Dhá Mhíle is a Deich. Agus ó tharla arís go bhfuil sé de nós agam, le tamall anuas, súil a chaitheamh siar fan bhóithrín na gcuimhní, tá mé réidh anois le tamall a chaitheamh, thiar ansin, i measc chuimhní geala meanmnacha na hóige.

Tá cuimhne ghlé, gheal, ghrinn, agamsa ar Nollaigí thriochaidí an ocrais, in óige an fhichiú haois, agus ní inné ná inniu a ceiliúramar na Nollaigí céanna sin, agus fiú, dá gcuirfí chuige mé, déarfainn go mbeadh lag-chuimhne agam ar Nollaigí deireannacha fhichidí na haoise céanna sin.

Agus conas a bhí againn na laethe úd?

.

Scothchuimhní

Bhuel! Is féidir liom a rá anois, i ndiaidh na mblianta sin uilig, nach bhfanann liom ach scoth-chuimhní geala, croíléiseacha. Cuimhnigh ar an gcineál saoil a bhí thart orainn, an tráth úd. Bhí cónaí orm i mbaile beag, mar a raibh aithne ag chuile dhuine ar na daoine a mhair sna bólaí sin, agus níorbh é sin amháin é, ach d’fhéadfá dánacht a dhéanamh ar dhuine ar bith acu. Ba chomharsanna iad uilig, daoine a d’ithfeadh béile i do theachsa lá meithle, agus daoine a thiocfadh i gcabhair ort in am an ghátair, agus ní gá dhom a rá, go n-íocfása an comhar leo, ar do sheal. Ach conas mar a bhí ag an bpobal thart orainn, an tráth úd? Le scéal gairid a dhéanamh de, go hainnis, nó mar is cuimhin le chuile dhuine anois, ba iad sin laethe an Great Depression, nó Cúlú Eacnamaíochta na bliana 1929.

Cleasa an Aosa Óig

Ach ní hé seo ach é siúd, conas mar a bhí ag daoine óga sa sochaí sin?

Mar a bhíonn ag an aos óg i gcónaí, seal i mbun poistíneachta, agus seal i bhfad níos faide i mbun cleasanna agus caitheamh aimsire.

Cén cineál poistíneachta atá i gceist agam, an ea?

Ag brath ar a aois, agus ar a neart, bhíodh a graithí fhéin leagtha amach do chuile dhuine den chlann. Ach, de ghnáth, b’iad na ‘jabanna’ a thit ar chrann an aosa óig nó, cannaí uisce a iompar abhaile ón dtobar, brosna móna a thabhairt isteach ón gcruach mhóna, seal a chaitheamh ag buachailleacht bó, seal eile a chaitheamh ag déanamh teachtaireachtaí, agus a leithéid.

Ach inis dom faoi shaol na hóige, teacht na Nollag.

Bheul! Thosaíodh an t-aos óg ag ullmhú don Nollaig i dtús Mhí na Nollag, nó bhíodh nós acu an tráth úd cúig mhíle Áibhé a rá idir sin agus Oíche Nollag, agus don té a dhéanfadh a leithéid, bheadh a mhian le fáil aige Lá Nollag, agus dár ndóigh, bheadh ar chumas duine an mian sin a bhronnadh ar chara, nó ar ghaol, dá mba mhaith leat a leithéid a dhéanamh.

Tús an Scleondair

Ach, níor thosaigh an scleondar ar fad go dtí cupla lá roimh an Nollaig fhéin, mar ansin chuirtí na daoine óga amach, ar fud na bhfud, ar thóir eidhinn agus craobhacha glasa de chineál ar bith, agus geallaimse dhuit é, gur bheag earra dá leithéid a bhí le fáil, thart orainne, in Iorras na nIontas, an tráth úd, nó ní bhíodh crann nó tor, nó mórán bláthanna fiú, ag fás thiar an t-am sin. Ach sin ráite, b’annamh a thagadh muid abhaile gan ábhar oiriúnach de chineál eicínt ar láimh againn. Faoi’n am sin, bhíodh an teach aol-daite ag na daoine fásta, agus chrochtaí na craobhacha glasa thart faoin teach, maraon le slabhraí de pháipéar daite, agus nuair a bhíodh an gnó ar fad críochnaithe, bhíodh cuma geal, aerach, Nollaigiúil, ar an teach, agus leis an sméar mhullaigh a chur ar chúrsaí ansin, dhéanfadh Mam coineall mhór dhaite na Nollag, a fheistiú ar fhuinneog na cistine. Ina dhiaidh sin, dhéantaí tine mhór na Nollag a adhaint agus ba chomhartha é sin go raibh na hullmhúcháin don Nollaig críochnaithe, agus ag an bpointe sin, théadh an t-aos óg i mbun a gcleas fhéin, ó cheann ceann an tí agus théidís i mbun cleasa ar nós, Dallóg, Lúrapóg Larapóg, Tomhaiseanna, agus tuilleadh dá leithéid. Ní bhíodh féasta ar bith againn an oíche sin, ach tar éis gnáth shuipéir, roinntí cuid de chiste risíneach na Nollag orainn, le blas beag den Nollaig a thabhairt dúinn.

Fear na Feasóige Léithe

Ansin, thagadh am codlata, agus idir sin agus maidin, thagadh fear mór na féasóige léithe fhéin ar a chuairt. Ní hé anois go mbíodh an oiread sin fanta ina mhála dúinne, ach d’fhágadh sé tomhaisín milseán, cupla úll, agus dá mbeadh an t-ádh i do chaipín, b’fhéidir go bhfagfadh sé féirín beag ón siopa i do stoca freisin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh an oiread céanna fáilte againne roimh na féiríní céanna sin, is a bhíonn ag aos óg an lae inniu roimh ríomhaire, nó roimh rothar, nó roimh féirín costasach ar bith eile dá shórt.

Maidin Lae Nollag bhíodh muid inár suí le giolc an ghealbhain, nó roimhe fiú, agus muid ag ullmhú dAifreann luath na Nollag. D’fhágadh muid an teach i ndorchadas na maidine, agus d’fheiceadh muid solas na Nollag ar dearglasadh i bhfuinneog chuile theach sa mbaile. Ar ár mbealach chun an tséipéil chasadh comharsanna orainn, agus ‘Nollaig Shona’ ar bharr a ghoib ag chuile dhuine acu. B’aoibhinn bheith beo ar a leithéid de mhaidin. Aifreann, Laidin, Lampa fearraibín, Éadach bán ar na ráillí thart ar an Altóir. Draoícht na Laidine ó bhéal an tsagairt. Cráifeacht phobal Dé ag éirí mar thúis os comhair na hAltóra. Seanmóir na Nollag agus liosta na ndaoine a thug airgead do bhailiúchán Nollag na sagart. ‘Ite Missa Est’. Deireadh an Chláir, a chairde.

Ag Dul sa Dreoilín

D’fhanadh na daoine fásta taobh amuigh den tséipéal seal ag déanamh a gcomhrá, agus ag guí ‘Nollaig Shona’ ar a chéile, ach chomh fada is a bhain sé linne, gasúir, bhí gnó tábhachtach le déanamh againne, nó bhí muid meáite ar dhul amach ar thóir an dreoilín, nó nárbh é amáireach ‘Lá ‘le Stiofáin’, agus nach raibh socraithe againne dul sa Dreoilín go breá luath an lá sin. Nuair a bheadh an gnó sin curtha i gcrích againn, bheadh dinnéar mór na Nollag ullamh dúinn, agus ní call dom a rá, go mbainimis taitneamh agus sásamh as an dinnear céanna sin, agus as an ngé bhreá phlucach a bhí ullmhaithe inár gcomhair ag Mam. Beannacht Dé lena hanam, agus leo siúd uilig atá imithe romhainn ar Shlí na Fírinne.

.

Merry Christmas to all our Readers!

agus

Go mbeirimid beo ar an am seo arís.

en_USEnglish