.

Nollaigí m’Óige 2.

Peadar Bairéad

.

(Memories of Christmases past return at this time of year)

.

Maidin Lae Nollag

D’fhéadfadh muid dearmad a dhéanamh tamall ar na Stocaí Nollag. Bheadh spórt againn leosan i ndiaidh an Aifrinn… Ach’ First things First’… mar adéarfá.

Ach bhí chuile dhuine ag fáil réidh don Aifreann faoi seo. Ní raibh aon chaint ar bhricfeasta, nó bhí chuile dhuine againn ag dul ar Aifreann ina throscadh. Nár dheas caoin é solas an lampa pairifín an mhaidin bheannaithe sin?

Bhí sé in am bheith ag triall ar an Séipéal anois, mar bhí muintir an bhaile ar a gcois, cheana féin, agus iad ag triall ar an séipéal ina mbuíonta beaga tostacha, agus bhí sé in am dúinne an cleas céanna a dhéanamh.. Ní cuimhin liom báisteach nó sneachta riamh ar mhaidin Nollag; sioc, cinnte; agus spéir lom-lán de réaltóga geala lonracha. Bhí naofacht agus diagacht rúnda ag baint leis an bhfuacht agus leis na réaltóga. Bhí láithreacht Dé le mothú iontu.

Chasadh mná an bhaile orainn. Iad sona, sásta, ag filleadh abhaile ón Aifreann luath, le dul i mbun cócaireachta. Gé a bhíodh againne don Nollaig, an t-am sin. Ní raibh an turcaí i mbéal an phobail, an uair úd. Ní raibh aon chultúr iasachta imithe i bhfeidhm orainn, an tráth sin. Nós trasatlantach is ea nós an turcaí, nach raibh glactha leis fós in Iorras.

Agus i gcás an tséipéil sin, sa Gheata Mór, ní raibh suíocháin ann ach do shiopadóirí, do mhúinteoirí, agus do dhaoine deisiúla eile an pharáiste, ach d’fhanadh an chosmhuintir ar a gcosa! Ach nár chuma. Ba é Teach Dé é, agus fáilte is fiche aige i gcónaí roimh chuile dhuine, pe bocht saibhir é. Ní raibh de sholas sa séipéal sin ach solas na gcoinnle, na coinnle sin a thug solas bog, buí, órga, dúinn, solas a raibh boige, cineáltas, agus teas, ann, solas a raibh draíocht na sástachta ag baint leis.

Deireadh an Aifrinn, agus breacadh an lae, ag teacht i bhfochair a chéile.

Bhuel, sin mar is cuimhin liomsa é.

Bheadh an chuid eile den lá faoi’n dtor againn, faoi mar adeireadh Peig Sayers fadó. Féasta, agus spórt go hoíche againn, agus bí cinnte freisin, go mbeadh a ghuinnín gé fhéin ag beirt againn, i ndiaidh dúinn slán a fhágáil le gé mhór na Nollag, mar, faraoir géar! ní bhíodh ar ghé ar bith ach an dá sciathán!

Agus nach mbeadh lá fada, tuirsiúil romhainn leis an Dreoilín, an lá dár gcionn?

Nár mhéanar a bheith beo, ach nár neamhaí bheith óg, na laethe úd fadó, in Iorras thiar, agus go mbeirimid beo ag an am seo arís!

.

N O L L A I G N A h Ó I G E .

Um Nollaig, is na réaltaí ag rince,

Mar a rinc siad i mBeithil fadó,

Filleann chugam smaointe ina dtáinte,

Mar aingil ag canadh a dtráth.

.

An choinneal mhór ghorm ar lasadh

I bhfuinneog na cistineach glé,

Le teaghlach na Maighdine a mhealladh

Trí shioc is trí shneachta na ré.

.

Mo Mham i mbun cácaí is cístí,

Ag fuint is ag bácáil gan stró,

Agus sinne ag spraoi is ag comhrá,

Sa teach beag ceann tuí úd fadó.

.

An tine mhór ghorach dom mhealladh,

Le teas is le bladhairí go hard,

Dom shuaimhniú, dom chiúnú, dom spreagadh,

Lena físeanna geala gan chrá.

.

An dtiocfadh San Nioclás ar chuairt chugainn,

San oíche is an réalt Nollag thuas,

Nó an dtiocfadh an Naí is a Mhamaí,

Nuair a luífeadh an teaghlach faoi shuan?

.

Filleann chugam cuimhní na hóige,

Anocht fhéin, is an aois uaim ar strae,

Is molann an gasúr im chroíse

An leanbh a luigh sa mháinséar.

.

.

Nollaig shona, agus athbhliain faoi shéan is faoi mhaise, dár léitheoirí uilig.

.

.

.

en_USEnglish