.

O d a i s é i g C r í o c h a n a S a m h l a í o c h t a .

.

****************************

.

L i f e o f P i …………………………………céad chló………….2002

l e

Y a n n M a r t e l ………………………………………………………………£12.99.

.

.

************************************

.

Is dócha gurbh é an teideal a mheall mé i dtosach leis an leabhar seo a léamh, ach faoin am seo, is cuma liom sa tsioc céard a mheall mé, nó tá mé an-tsásta gur shocraigh mé ar é a léamh, mar i ndáiríre, bheadh sé deacair, leabhar eile dá shórt a fháil, i dteanga ar bith, dearfainn, nó éiríonn leis an údar, san úrscéal seo, réaltacht agus samhlaíocht a fhí go healaíonta, sciliúil, ar a chéile, ar bhealach nach mbeadh fhios agat go fírinneach, cioca den phéire sin a bhí idir chamáin aige, ag pointí áirithe den scéal.

Spáinneach fir is ea Yann Martel, ach i láthair na huaire seo, tá cónaí air i Montreal. Tá clú agus cáil tuillte aige, i bhfad agus i ngearr, lena shaothar liteartha. Tá an-mheas ag lucht litríochta ar a chéad úrscéal, “Self”, agus chomh maith le sin, tá cnuasach scéalta leis, “The Facts Behind the Helsinki Roccamations”, i mbéal an phobial freisin.

Is é “Life of Pi”, an tríú leabhar uaidh, agus cheana féin, tá a cháil imithe ó cheann ceann na cruinne, nó is leabhar é seo a ainmníodh do dhuaiseanna gradamacha cosúil leis an “Commonwealth Writers prize”, agus lena chois sin, bronnadh “The Man Booker Prize 2002” air, i ngeall ar an leabhar céanna sin, agus cheana féin, tá an t-údar ag obair ar a thríú úrscéal.

Cuireann an t-údar tús lena leabhar le “Authors Note”, ina gcuireann sé síos ar an chaoi ar chuir sé roimhe, a chéaduair, an leabhar seo, “Life of Pi”, a scríobh. Anois, ní gá gur fíor tada atá sa nóta céanna sin, ach féach mar a chuireann an t-údar fhéin tús lena scéal, sa nóta sin…

This book was born as I was hungry. Let me explain. In the spring of 1996, my second book, a novel, came out in Canada. It didn’t fare well. Reviewers were puzzled or damned it with faint praise. Then readers ignored it….

Ní gá a rá nach saothródh sé mórán pingneacha ar an leabhar céanna sin, agus is dócha go raibh pingneacha uaidh, le greim agus bolgam a choinneodh anam agus corp fite fuaite ina chéile, tamall eile, a shaothrú! Shocraigh sé, mar sin, ar leabhar eile a chur le chéile, úrscéal suite sa Phortaingéil a bhí i gceist aige, an babhta seo, agus bheartaigh sé dul chun na hIndia leis an ngnó sin a dhéanamh go críochnúil, éifeachtach. Chaith sé seal i mbun na hoibre sin, ach bíodh gur chaith, ag an am gcéanna, ba bheag a bhí aige dá bharr, nó ní raibh toradh fónta ar bith ar a shaothar, agus ar deireadh thiar, bherthaigh sé éirí scun scan as an tionscnamh sin. Chaith sé seal ag guairdeall thart mar sin, agus i rith an ama sin, casadh daoine áirithe air, agus nuair a d’inis sé dóibh go mba scríbhneoir é, dúradarsan leis, go raibh scéalta fiúntacha acu fhéin, scéalta arbh fhiú dó éisteacht leo, agus b’fhéidir iad a bhreacadh síos, agus úrscéal a shníomh timpeall orthu. Ar deireadh thiar, casadh Indiach leis, arbh ainm dó Francis Adirubasamy, agus mhaígh seisean go raibh scéal aigeasan dó. Féach mar a chuir Francis é….

“I have a story that will make you believe in God”

Chuir na focail sin ionadh a dhóthain ar an údar, agus tar éis dó caifé a cheannacht don bheirt acu, agus tar éis dóibh iad fhéin a chur in aithne dá chéile, thosaigh mo dhuine ar a scéal. D’inis sé don údar faoi chlann a mhair tráth i Pondicherry, stáitín féinrialaithe, ar an taobh theas de Mhadras, ar chósta Tamil Nadu. Bhí tráth ann nuair a bhí Pondicherry mar phríomhbhaile in India na Fraince…

For Pondicherry was once the capital of that most modest of colonial empires, French India……

They clung to these for nearly three hundred years. They left Pondicherry in 1954, leaving behing nice white buildings, broad streets at righ angles to each other……

Tharla gur mhair muintir Patel sa mbaile sin, nó bhí an tUasal Patel i bhfeighil Ghairdín na nAinmhithe, sa mbaile sin Pondicherry. Beirt mhac a bhí mar chúram air, agus fear acu sin atá mar príomhcharactar sa scéal aisteach seo. Mhol Mr Adirubasamy don údar, dul i dteangmháil leis an bhfear sin, nó bhí scéal thar na bearta le n-insint aige, dá dtoileodh sé chuige. Anois, ní raibh fáil ar an gcaractar seo i bPondicherry a thuilleadh, nó thréig a mhuintir an baile sin blianta roimhe sin, ach bhí cónaí air, ag an am áirithe seo, i Toronto Cheanada.

Bhuel, le scéal gairid a dhéanamh de, chuaigh an scríbhneoir go Ceanada, agus tar éis do tamall a chaitheamh ag glaoch ar chuile Phatel a bhí in Eolaí an Telefóin ansin, d’éirigh leis dul i dteangmháil leis an bhfear a bhí i gceist ag Mr Adirubasamy…

My heart pounded as I dialed his phone number. The voice that answered had an Indian lilt to its Canadian accent, light but unmistakable, like a trace of incense in the air. ‘That was a long time ago’ he said. Yet he agreed to meet. We met many times. He showed me the diary he kept during the events. He showed me the yellowed newspaper clippings that made him briefly, obscurely famous. He told me his story. All the while I took notes.

Ar ball, fuair sé téip ó Aireacht Taistil na Seapáine, agus tar éis dó éisteacht leis an dtéip seo, bhí air a admháil, go raibh an ceart ag Mr Adirubasamy….

It was as I listened to that tape that I agreed with Mr Adirubasamy that this was, indeed, a story to make you believe in God.

Sea, mh’anam, agus sin an scéal atá á insint aige dúinn san úrscéal neamhghnách, corraitheach, samhlaíoch, seo.

Agus ó tharla gur ón bpríomhcharactar fhéin a fuair sé an scéal, ba nádúrtha an rud é an scéal seo a insint trína ghuth siúd, sé sin, trí guth an phríomhcharactair.

Ainmníodh an carachtar seo as Linn Snámha, Piscine Molitar, Linn Snamh i gcathair Pharas na Fraince, ach bhí ceataí sa sceal áfach, nó nuair a thosaigh Piscine Molitar ag dul ar scoil, ba ghearr go raibh praiseach cheart, chríochnaithe déanta ag, idir mhúinteoirí agus dhaltai, dá ainm, ach nuair a thosaigh na múinteoirí ag glaoch “Pissing” air, in áit Piscine, thuig sé go raibh sé thar am aige rud eicínt a dhéanamh faoi. Féach mar a chuirtear sa leabhar é, agus é ag cur síos ar an gcaoi a labhradh an múinteoir áirithe seo leis, tar éis dó a lámh a chur in airde…

My hand would be up to give an answer, and I would be acknowledged with a “Yes, Pissing.” Ofter the teacher wouldn’t realize what he had just called me. He would look at me wearily after a moment, wondering why I wasn’t coming out with the answer.

Ar deireadh thiar, fuair sé an deis le rud eicínt a dhéanamh faoi, tar éis dó dul chuig scoil nua. Bhíothas ag cur ceisteanna ar na daltaí uilig faoina n-ainmneacha. Ar deireadh thiar, tháinig siad chomh fada le Piscine Molitor Patel. Anois an t-am le rud eicínt a dhéanamh faoi, ar seisean leis fhéin…

I got up from my desk and hurried to the blackboard. Before teacher could say a word, I picked up a piece of chalk and said as I wrote:

M y n a m e i s

P i s c i n e M o l i t o r P a t e l,

K n o w n t o a l l a s

P i P a t e l.

For good measure I added….

P i = 3 . 1 4 .

Uaidh sin amach ní raibh d’ainm air ach Pi.

Bhuel, ar ball, nuair a bhí Pi thart ar sé bliana déag, shocraigh a mhuintir ar Phondicherry a thréigint, agus glanadh leo go Ceanada. Díoladh roinnt mhaith de na hainmhithe allta a bhí acu sa Zú sin, agus ar deireadh thiar, d’ardaíodar a seolta, agus thugadar aghaidh ar Toronto, iad fhéin agus roinnt mhaith d’ainmhithe a Zú. Féach mar a chuireann sé síos ar an long úd a thóg chun na farraige iad…

We left Madras on June 21st, 1977, on the Panamanian-registered Japanese cargo ship Tsimtsum. Her officers were Japanese, her crew was Taiwanese, and she was large and impressive.

Bhí go maith, is ní raibh go holc, ach ar a mbealach go Toronto, chuaigh an long úd go tóin poill, agus cailleadh a raibh ar bord, ach amháin Pi bocht, agus tháinig seisean slán, toisc gur caitheadh, de thaisme, isteach i mbád tarrthála é. Anois, in aon bhád leis, tharla go raibh Séabra gortaithe, Híéna, Orang útan, arbh ainm di, Orange Juice, agus Tíogar Ríoga Beangálach, arbh ainm do “Richard Parker”. Bí ag caint ar an gcruacheist a bhíodh againn fadó, faoin chaoi ar éirigh leis an mbádóir, an sionnach, an ghé, agus an punann coirce, a thabhairt ón oileán go dtí an tír mhór, agus nach bhféadfadh sé ach fear amháin acu a thabhairt leis, chuile bhabhta, agus bhí air sin a dhéanamh, gan deis a thabhairt d’fhear ar bith acu, ceann ar bith eile acu, a ithe.

Anois, níl fúmsa a insint dhuit, céard a tharla sa bhád sin, ach, déarfaidh mé seo, nár léigh mé píosa chomh cráite, cruálach, uafásach, scanraitheach, le fada an lá, agus amannta, is beag nach gcuirfeadh an scéal seo masmas ort, ach, mar scéal ag cur síos ar bheartaíocht, ar chlisteacht, agus ar fadfhulangacht an daonnaí, bheadh sé deacair é a shárú.

Ansin, céard faoin tréimhse fhada a chaith an stócach seo, Pi, ag imeacht le sruth, agus gan de chomhluadar aige ach an tíogar allta Beangálach sin, Richard Parker, a raibh 450 punt meáchan ann. Agus an léitheoir ag fanacht, an tam go léir, ar nóiméad na fírinne, nuair a d’ionsódh an tíogar allta céanna sin Pi bocht, agus nuair a d’íosfadh sé beo, beathaíoch, é, gan salann, gan anlann. Ar tharla a leithéid? Bhuel, léigh leat, a léitheoir liom!

Ach nach mbeadh fonn ort a fhiafraí, cá fhaid a chaith sé ag dul le sruth, é fhéin agus an tíogar bheangálach sin, Richard Parker, sa bhád tarrthála úd ón Long Seapáineach sin, Tsimtsum? Bhuel, breathnaigh ar chuntas Pi fhéin…

I have heard of a Korean merchant sailor named Poon, I believe, who survived the Pacific for 173 days in the 1950s.

I survived 227 days. That’s how long my trial lasted, over seven months.

I kept busy. That was one key to survival.

Ag léamh siar ar a scéal arís, feictear dhuit, go bhfuil teorainn an-chaol, idir an saol s’againne agus tír na samhlaíochta. Breathnaigh ar an am ar casadh bád tarrthála eile air, i lár na farraige. Bhí sé fhéin imithe dall, ag an am, agus nach ait, gur casadh fear dall eile air, agus é sa chás céanna, ag an am gcéanna sin?

Sea, agus breathnaigh ar an seal a chaith sé ar an oileán draíochta úd! Nach dtuigfeá gur tógadh an tréimhse sin díreach as réimsí na samhlaíochta, nó fiú, as críocha na buile fhéin! Agus breathnigh ar Pi s’againne, á chur faoi agallamh ag an údar! Ar deineadh dochar do-leigheasta dá aigne, agus dá chiall, le linn na tréimhse a chaith sé ag dul le sruth, ar an bhfarraige, ina bhád tarrthála agus gan de chomhluadar aige ach an tíogar Beangálach allta úd, Richard Parker?

Ach le críoch a chur leis an bpíosa seo, caithfidh mé a admháil, nach gnáthleabhar é seo, nó amannta, is beag nach mbainfeadh sé deoir asat, agus amannta eile, is beag nach gcuirfeadh sé fonn múisce ort, nó is déisteanach don ghnáth-léitheoir, smaointe, agus fiú, gníomhartha, an té atá gafa i mbuile ocrais agus tarta, agus é amuigh ar an bhfarraige mhóir, gan móran dóchais aige, go dtiocfaí, i gcabhair, nó i gcúnamh, air riamh nó choíche.

Ach fágfaidh mé fút fhéin é, a dhéanamh amach, cé acu ar thaitin, nó nár thaitin, an leabhar seo leat, nó déanta na fírinne, níl freagra na ceiste sin faighte amach agam fhéin, go nuige seo, ach go háirithe.

Ní dhéanfaidh mé ach athlua beag amháin eile a chur isteach anseo, mar chríoch leis an scéal anróiteach seo, agus tógadh an athlua seo as chuntas na gcigirí Seapáineacha, a rinne longbhriseadh an Tsimtsum a fhiosrú….

In the experience of the investigator, his story is unparalleled in the history of shipwrecks. Very few castaways can claim to have survived so long at sea as Mr Patel, and none in the company of an adult Bengal tiger.

Sin a bhfuil do thuras na huaire seo.

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

en_USEnglish