oidhreacht, heritage; ní call dom a rá, I don’t have to say; Eaglais na Deastógála, Church of the Assumption; bradacha, thieving; saingeal, chancel;

Oidhreacht agus Dúchas

A Visit to Gowran

Ba mhinic a chuaigh mé trí bhaile Ghabhráin, le blianta fada anois, ach caithfidh mé a admháil dhuit, nár thug mé cuairt cheart riamh ar an mbaile stairiúil sin. Ní call dom a rá, go mbíonn tarraingt na mílte ar Ghabhrán, chuile sheachtain, geall leis. Tagann a lán, le cuairt a thabhairt ar an mbaile sin, mar ar tógadh an Eaglais Pharáiste ba mhó sa tír seo ar fad, sa tríú haois déag, Eaglais álainn na Deastógála. Thug mé fhéin cuairt ar an mbaile sin, ar na mallaibh, cuairt a thóg mo chroí, ar chúiseanna iomadúla.

An Ancient Site

In Eaglais sin na Deastógála, is féidir le duine siúl ar shuíomh atá snasta, sciomartha, coisricthe, ag cosa na bhfíréan, le sinsearacht, nó nach ndeirtear go raibh Mainistir nó Eaglais, ar an láthair sin, i bhfad sular tógadh an Eaglais Ollmhór sin ann, a chéaduair. Ní haon fhás aon-oíche é an baile fhéin, ach oiread, nó b’ionad ríoga é, Gabhrán, ag ríthe Osraí, i bhfad sular leag na Normannaigh bhradacha spág riamh ar Iath álainn Osraí. Sa naoú haois déag, fuarthas cloch oghaim, a raibh cros greanta uirthi, folaithe i ndúshraith na hEaglaise Meanaoisí sin, rud a léiríonn go raibh Eaglais nó Cill ar an suíomh sin, sular thóg na Normannaigh a nEaglais siúd, ar an láthair sin, sa tríú haois déag. Bronn Strongbow bunús Bharúntacht Osraí ar Theobald Walter, príomhbhuitléar Rí Shasana, agus fear a tháinig go hÉirinn leis an bPrionsa Eoin, sa bhliain 1185, agus ba ón Theobald Walter céanna sin, a shíolraigh Buitléaraigh Urmhumhan. Agus ba é an Theobald sin a thóg baile Ghabhráin, agus ba dhuine dá shliocht, Edmond Butler, a cheap ceathrar sagart, le hEaglais Coláisteánach a dhéanamh dEaglais ollmhór úd na Deastógála, i nGhabhrán.

Changed Times

Nuair a cheannaigh an tríú Iarla Caisleán Chill Chainnigh, sa bhliain 1391, bhain sin go mór de thábhacht Eaglais Ghabhráin feasta, nó uaidh sin amach, chuir na Buitléaraigh fúthu i gCaisleán Chill Chainnigh, agus dá thoradh sin, ba thábhachtaí feasta Ardeaglais Chainnigh sa chathair sin. Ba leis na Buitléaraigh áfach, Gabhrán, go dtí gur coigistíodh a sealúchas ansin, i lár an seachtú haois déag. Ar ball, dár ndóigh, cheannaigh James Agar an baile san ochtú haois déag, agus choinnigh seilbh air go dtí an fichiú haois fhéin. Ní haon ionadh mar sin, gur leag an mhuintir chéanna sin rian a lámh agus a gcos ar bhaile ársa Gabhráin.

Sa léarscáil is sine den bhaile sin a tháinig anuas chugainn ón mbliain 1711, tugtar faoi deara, go raibh díon fós ar an Eaglais sin na Deastógála ag an am, ach má sea fhéin, insíonn an tEaspag Tennison dúinn, go raibh Corp na hEaglaise sin ina fhothrach faoin mbliain 1731. Coinníodh an Saingeal in úsáid go dtí 1826, nuair a leagadh é agus nuair a deineadh é a atógáil.


A National Monument

Ghabh an Stát seilbh ar an suíomh i seachtóidí na haoise seo caite, nuair a thréig Eaglais na hÉireann é, agus san idirlinn, deineadh é uilig a athchóiriú, agus faoi láthair, tá an Eaglais ar fad ina Séad-chomhartha Náisiúnta, faoi chaomhnú “Dhúchais”, Seirbhís Oidhreachta Roinn an Chomhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Nach fada go deo an oilithreacht í ag an bhFoirgneamh álainn, uasal, ársa seo, ó laethe na Normannach, anuas go dtí an aonú haois fichead, ina bhfuil muid ag taisteal linn faoi láthair.

.

en_USEnglish