Páirtí Nua Polaitíochta

Peadar Bairéad

(This week we consider the launching of a new Political Party)

athlansáiléireann

Chualamar uilig faoi ráflaí bheith ag dul timpeall go rabhthas ag smaoineamh ar Pháirtí nua Polaitíochta a bhunú, toisc, adeir na raflaí, go raibh vótóirí na tíre seo éirithe tuirseach de na Páirtithe atá i im inár measc i láthair na huaire seo, agus freisin, gur tuigeadh don phobal nach raibh an córas, faoi mar atá againn i láthair na huaire seo, nach raibh sé oiriiúnach le freastal ar riachtanais an phobail. Chuaigh caitheamh sna laethe, agus cheap daoine áirithe nach dtarlódh tada, ach bhí breall orthu, i rith na seachtaine seo caite, tháinig an tIar-Aire Fine Gaelach, Lucinda Creighton, ar an bhfód leis an ráfla a fhíoradh. Tá beartaithe aici ocht seachtaine a chaitheamh ag taisteal na tíre ag iarraidh baill dá Páirtí nua a earcú agus ag an am gcéanna, beidh sí ag iarraidh ciste a thiomsú leis an gcéad olltoghchán eile a throid, le Teachtaí Dála don Pháirtí nua a thoghadh.

Memories returning

Chuala agus léigh mé faoi bhunú an Pháirtí nua seo, bíodh nár baisteadh ainm air fiú, go nuige seo, agus caithfidh mé a admháil dhuit anois, gur chuir an chaint go léir seo siar thar na blianta mé, chuig ócáidí dá leithéid, a tharla le mo linnse cheana. Is glé mo chuimhne fós ar an ócáid úd i mBéal an Mhuirthead, sa bhliain 1946, sílim, nuair a labhair an Poblachtach cáiliúil úd, Seán Mac Giolla Bhríde linn, agus nuair a leag sé a fhís úr don tír seo os ár gcomhair amach, agus nuair a gheall sé inn, go bhfíorófaí an fhís sin, dá dtabharfadh muid ár vótaí dó sa chead olltoghchán eile, agus dá dtoghfaí dóthain Teachtaí dá Pháirtí nua, Clann na Poblachta, san Olltoghchán céanna sin. Troideadh an toghchán sin sa bhliain 1948, agus fuair a Pháirtí úr 13.2% de na vótaí, agus toghadh Deichniúr Teachta don Chlann, rud a chuir ar a gcumas páirt a ghlacadh sa chéad Rialtas il-pháirteach, a tháinig ar an saol, sa bhliain 1948. Tháinig scoilt sa Pháirtí sin, ar ball, de bharr easaontais idir Airí, rud a lagaigh go mór iad, agus ar deireadh thiar cuireadh deireadh leis an bPáirtí sa bhliain 1965.

Anois, caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh Seán Mac Giolla Bhríde go mór i gcionn orm, agus gur tuigeadh domsa go raibh sé ar an mbóthar ceart le fís a sé déag a fhíoradh. Is dócha gur fhoghlaim mé, nár chóir dom feasta breith a thabhairt ar an gcéad scéal go mbéarfadh an dara scéal orm, nó nach mbíonn dhá insint ar chuile scéal?

Páirtí nua

Tarraingt ar dhá scór bliain ina dhiaidh sin áfach, tharla an rud céanna arís, le bunú an Pháirtí Dhaonlathaigh le Deasún Ó Máille, agus arís, tuigeadh dom, go mb’fhéidir go ndéanfadh an Páirtí seo an beart dúinn. Lansáil Deasún an Páirtí sin sa bhliain 1985, agus in Olltoghchán na bliana 1987, fuair a Pháirtí 11.9% de na vótaí a chaitheadh, agus leis an méid sin vótaí d’éirigh leo 14 Suíochán a bhuachan. Ní gá a rá go rabhthas ag súil, ag an am, go bhfaighidís i bhfad níos mó suíochán ná sin, ach d’éirigh leo páirt a ghlacadh i gComhrialtas le Fianna Fáil i ndiaidh an toghcháin sin. Ar éirigh níos fearr leo sna toghcháin ina dhiaidh sin? Bhuail an seanghalar céanna iadsan freisin, agus tar éis dóibh dul i laige ó thoghchán go toghchán, d’fhág siad ardán na Polaitíochta sa bhliain 2009.

Páirtí eile

Agus anois, i mbliain seo ár dTiarna, 2015, tá Páirtí nua le bunú sa tír seo ‘gainne. An éireoidh leosan, san áit ar theip ar an dá iarracht a luaigh mé thuas? An bhfuil Páirtí nua Polaitíochta ag teastáil uainn lenár gcás a réiteach dúinn? nó ar chóir dúinn na páirtithe atá againn a oiriúnú le riar ar ár gcás? Mo chuidse de, fanfaidh mé ar an gclaí, go bhfeicfidh mé cén chaoi a bhfuil na foirne ag imirt, sula ndéanfaidh mé suas m’aigne faoin gceist sin. Ach beidh tuilleadh le rá agam faoin gceist seo, ar ball.

en_USEnglish