I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week we continue our look at the Democratic System)

Planda Leochaileach 2

l dabht ar domhan ach go bhfuil mianta áirithe fréamhaithe go daingean i gcroí an duine daonna. Má bhreathnaíonn muid ar stair ár gcine, is gearr go bhfeictear dúinn, go bhfuil an tsaoirse mar chloch lómhar ar a bpaidrín acu agus bíodh go dtosaíonn a mbunús á n-eagrú fhéin faoi chóras lánchumhachta, is gearr go n-éiríonn siad tuirseach den chóras sin, agus go dtosaítear ag dul ar thóir na saoirse pearsanta daonna, ach is gearr ansin go dtuigtear dóibh, nach éasca teacht ar an tseoid do-fhála chéanna sin. Ní mhúchann sin a dtart don earra sin, agus diaidh ar ndiaidh, éiríonn leo, córas inghlactha a chur i dtoll a chéile. Ní bhíonn an córas céanna sin gan locht áfach, ach leanann siad orthu ag feabhsú agus ag athrú an chórais sin, agus ó tharla gur chóras daonna atá fionnta acu, is féidir a bheith cinnte, nach n-éireoidh leoras foirfe gan locht a chumadh, ach ag an am gcéanna, is féidir glacadh leis go mbeidh sé níos fearr ná aon chóras a bhí acu roimhe sin.

Daonlathas óg

Daonlathas an-óg atá againn in Éirinn, nó níorbh iad fhéin a bhí i mbun rialú na tíre go dtí gur éirigh leo saoirse a bhaint amach dóibh fhéin, in óige na haoise seo caite, mar anuas go dtí sin, ba iad na Sasanaigh a bhí i gceannas na tíre seo, agus bíodh go bhfuil córas faoi leith acusan, thall, ní fhéadfadh duine ar bith a mhaíomh, gur chothaigh siad fíordhaonlathas inár measc anseo. Fágann sin go raibh orainn fhéin, mar chine, ár gcineál fhéin daonlathais a eagrú, agus caithfear a admháil, gur chuir siad chun oibre le fonn, ag iarraidh córas a bhunú anseo a thabharfadh Cothrom na Féinne do chuile shaoránach.

Ar éirigh leo sa bhfiontar sin? Táid ann adéarfadh gur dhein, ach tá daoine eile den tuairim nár éirigh, nó go raibh dhá chóras á oibriú anseo, córas amháin do lucht an airgid, agus córas eile dóibh siúd nach bhfuil sparán teann acu. Ach moladh gach éinne an t-áth mar a gheobhaidh, ach cé déarfadh go bhfuil pobal na tíre seo lántsásta leis an gcóras rialaithe atá againn anseo, le tamall de blianta anois.

Córas Dépháirtíoch

Tuige sin? Bheul! breathnaigh ar ar tharla anseo ó bhunú an Stáit. Glacadh go fonnmhar leis an gcóras dépháirtíoch i dtosach báire, agus oibríodh é le fonn, ach ar ball, tuigeadh do dhaoine áirithe, gur chóir go mbeadh áit sa chóras sin do neamhspleáigh agus do pháirtithe eile freisin. Ar ball, áfach, tuigeadh go raibh deireadh go deo leis an gcóras dépháirtíoch, agus go mbeadh orthu feasta, dul i mbun chomhrialtais de mheascáin áirithe, agus tuigeadh freisin, go n-éireodh leis an socrú sin cos i bpoll a chur leis an bhfíordhaonlathas, nó dá dtiocfadh dian ar chomhrialtas, b’fhéidir go mbeadh orthu margadh a dhéanamh le neamhspleách eicínt, rud a thabharfadh mám cumhachta don té sin, agus a mhaolódh cumas rialaithe an mhóraimh. Tríd an margántaíocht chéanna sin, chonaic an pobal nár chathair mar a tuairisc é, an daonlathas céanna sin, agus thosaigh siad ag iarraidh é a fheabhsú. Tuigeadh dóibh siúd, a rinne a marana ar an gceist, go rabhthas ag milleadh fhís an daonlathais, agus nach raibh acu, i ndeireadh na dála, ach uisce na bhfataí, dríodar in áit uachtair, sop in áit scuaibe. B’in mar a cheap siad, agus dá bharr sin, tuigeadh dóibh go gcaithfeadh siad iachall a chur ar Rialtais tuairim na vótóirí a lorg níos minicí, agus aird a thabhairt ar phobalbhreitheanna, agus chomh maith le sin, gur chóir go mbeadh ar Rialtas aird faoi leith a thabhairt ar éileamh uimhir áirithe vótóirí a shíneodh a n-ainmneacha le hiarratas daonlathach, ag iarraidh ar an Rialtas toil an phobail a chur san áireamh, sára n-achtódh siad dlí áirithe. Céard a mholfá fhéin?

en_USEnglish