.
Really, truly, and substantially……..
Peadar Bairéad
.
Ba nath cainte é sin a bhíodh an-choitianta ar bhéala daoine, blianta ó shoin, agus sa ráiteas sin, bhí Caitlicigh Rómhánacha ag dearbhú os ard, gur chreid siad, go raibh an Tiarna fhéin i láthair san abhlann choisricthe, i ndáiríre, go fírinneach, agus go substantiúil.
Agus a Thiarna! Nach mór go deo an focal é sin? Duine ag dearbhú gur chreid sé ina chroí istigh, go raibh Cruthaitheoir na cruinne uilig i láthair sa phíosa beag sin aráin, nár arán go fírinneach é a thuilleadh! Sea, agus ní hé sin amháin é, ach go raibh sé i láthair, ina iomláine, san abhlann sin, Agus ní cur i gcéill ar bith atá i gceist sa láithreacht seo, ní hea! Ach láithreacht lom dáirírech.
Substaintiúil, freisin
Agus céard faoin láithreacht substantiúil? Bhuel, nuair a smaoiníonn tú ar an abhlann, smaoiníonn tú, i dtús báire, ar ghnéithe an aráin, sé sin, a dhath, a dhéanamh, a bhlas, agus a bholadh, agus feictear do dhuine, nár tháinig aon athrú orthu sin, mar sin, céard a tharla sa choisriceadh? Bhuel, is é a chreideann an Caitliceach Rómhánach nó gur athraigh substaint an aráin. Agus céard é fhéin? Bhuel, sin an t’ábhar adeir linn, gur arán atá idir chamáin againn seachas aon stustaint eile, ach le linn an choisricthe, athraítear ábhar an aráin go míorúilteach, agus ní harán a thuilleadh é, ach Corp agus Fuil an Tiarna. Is í an deacracht a bhaineann leis an scéal seo nó, le breathnú ar an abhlann, d’fheicfeadh duine nár tháinig athrú ar bith air, nó tá an dath, an cuma, an blas agus an boladh díreach mar a bhí roimh an choisriceadh, agus sin an fáth go dteastaíonn léim an Chreidimh uainn, más uainn glacadh leis an bhfíorláithreacht sin. Sea, agus nach cuimhin linn uilig céard a tharla, nuair a bhí an Tiarna fhéin ag iarraidh an mhíorúilt seo a mhíniú dá lucht éisteachta fadó, agus nuair a mhínigh sé dóibh, go gcaithfeadh siad a chuid feola a ithe, agus a chuid fola a ól, dá dteastódh uathu fáil isteach i Ríocht Dé na Glóire.
Dochreidte!
Ar ghlacadar leis an scéal sin, an ea?
Níor ghlac, muis! nó is amhlaidh a thréigh roinnt mhaith dá lucht éisteachta é, ach níor dhein an Tiarna an Ráiteas céanna sin a aistharraingt, nó a mhaolú fiú, ach is amhlaidh a rinne sé é a ath-rá, agus a threisiú, le cur i dtuiscint dóibh siúd a raibh amhras orthu faoi fhéidireacht míorúilte dá leithéid. Ní raibh aon áit sa Ríocht don té nach bhféadfadh glacadh leis an ráiteas céanna sin mar chloch choirnéil dá chreideamh. Le sin a dheanamh, nil uainn ach Leim an Chreidimh. Ná bíodh drugall ar bith orainn an léim chéanna sin a ghearradh.
.
.
.
.
.
.