I mBéal an Phobail

(This week I mBeal an Phobail tries to come to terms with Saturday’s Referendum.)

Peadar Bairéad

Reifreann Romhainn

Déarfainn gur beag duine sa tír nár chuala trácht ar an Reifreann a sheolfar ar an 10ú lá de Mhí seo na Samhna, nuair a iarrfar ar vótálaithe na tíre seo, an mbeidís sásta Alt 5 dAirteagal 42 den Bhunreacht a chealú, agus Airteagal nua, Alt 42A, a chur isteach i ndiaidh Alt 42. San Alt nua seo, 42A, geallfaidh an Stát go seasfaidh sé le cearta nádúrtha dochloíte na leanaí uile, agus nach foláir dó na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é. Ina dhiaidh sin, liostáiltear ceithre fo-roinn an Airteagail nua seo, ag tabhairt cead don Stát, ag feidhmiú mar chosantóir agus mar chaomhnóir leas an phobail, tugtar cead dó, i gcás go dteipeann ar na tuistí a ndualgas i leith na leanaí a choimhlíonadh go cuí, teacht ar an bhfód chun ionad na dtuistí sin a thógáil orthu fhéin, ar choinníoll go dtabharfar aire i gcónaí nach sárófaí cearta nádúrtha dochloíte an linbh. Chomh maith le sin, déanfar socrú dlí, ar choinníollacha áirithe, le leanbh ar bith a uchtáil i gcás nach ndearna na tuistí a ndualgas ina leith. Tabharfar cead de réir dlí le leanaí a shuíomh le haghaidh uchtála agus a uchtáil.

Leas an Linbh

Sa chéad chuid d’alt a ceathair den Airteagal nua, glactar leis, go rithfear dlíthe, le cinntiú go bhfeidhmeodh an Stát ar mhaithe le leas an linbh, am ar bith a mbeidh uchtáil, caomhnóireacht, coimeád, nó rochtain aon linbh i gceist. Sa dara cuid den alt céanna sin, féachfar chuige, go déanfar socrú le dlí, chun a chinntiú, sa mhéid gur féidir sin a dhéanamh, teacht ar bharúlacha an linbh fhéin, agus aird a thabhairt ar na barúlacha sin, agus meáchan cuí a thabhairt dóibh, ag cur san áireamh aois agus foirfeacht an linbh, agus iad ag teacht ar réiteach na faidhbe. Sin agat anois cuid den eolas a bhain mé fhéin as an bhfillteán úd, “Ráiteas mar Eolas do Vótálaithe Reifreann a bhaineann le Leanaí” a seoladh chuig vótálaithe, ar na mallaibh.

Tá na Páirtithe Polaitíochta ar aon fhocal faoin Reifreann seo, nó tá siad uile go léir sásta glacadh leis gur maith, gur inmholta, agus gur cuí an socrú é seo ar dheacrachtaí doshocraithe áirithe, a bhaineann le bhar an Reifrinn seo le blianta fada anois. Ceann de na deacrachtaí sin, i gcorrchás anois is arís, nuair nach gceadaítear leanaí áirithe a uchtáil, bíodh gurb é mian an linbh go ndéanfaí a leithéid, agus bíodh freisin, go bhfuil saoránaigh oiriúnacha reidh agus sásta iad a uchtáil. Táid ann adéarfadh, gur chóir dúinn deighleáil anois leis an bhfadhb sin, trí ghlacadh le tairiscint an Reifrinn seo.

Ach an bhfuil éinne ag moladh dúinn, gan glacadh le tairiscint an Reifrinn seo, má sea?

Ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile?

Bhuel! Tá. An té a éisteann le, nó a léann, a bhfuil le rá ag an iriseoir aitheanta sin, John Waters, tuigfidh sé go bhfuil John ag moladh dúinn vótáil i gcoinne na tairisceana sin, nó, dár leis, tá ár ndóthain dlíthe againn cheana féin le ‘chuile shaoránach, idir óg agus aosta, a chosaint, agus lena chearta a chur in áirithe dó. Ach is soiléir freisin, nach réitíonn an tAire, Alan Shatter, le John, sa chás seo, mar i gcás an Aire, ní bheifeá ag súil lena mhalairt uaidh. Dár leis an Aire, ba chóir dúinn vótáil i bhfábhar na tairisceana sa Reifreann seo, nó is soiléir do chuile dhuine, gur deineadh leatrom agus éagóir ar leanaí áirithe sa tír seo, le blianta anuas. Ba chóir don vótálaí na tuairimí sin uilig a chur san áireamh sul má chaitheann sé a ghuth, ar an Satharn seo chugainn, an 10ú lá de Shamhain na bliana seo, 2012. Mar sin, déan do mharana sul má chaitheann tú do vóta sa Reifreann seo agus smaoinigh freisin, ar stair na faidhbe seo ó bhunú an Stáit s’againne i leith. Mo chuidse de, caithfidh mé a admháil, nach bhfuil socraithe agam fos mo vota a chaitheamh ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile, ach tá mo dhóthain ama agam fós le sin a dhéanamh.

.

en_USEnglish