rúin athbhliana, new year resolutions; Cailleach, a snug; “An Smugairle Róin”, “The Jellyfish” (the name of a pub); guíonna athbhliana, new year wishes; cora, a weir; nódú; transplant; ainriail, disorder; eachtrannaigh, foreigners; comhairle in aice lenár dtoil, wishful thinking.

.

Rúin Athbhliana !

Peadar Bairéad

Where to go from here ?

“An ndearna tú do rúin athbhliana fós?”

arsa Séimí séimh an Droichid liom, thíos i gCailleach sa “Smugairle Róin”, ar an oíche chinniúnach sin, Oíche Chinn Bliana, agus é tar éis smailc bhrea sásta a bhaint as an ngloine den stuif chrua a bhí leagtha go cúramach aige, ar bhoirdín beag, os a chomhair amach.

I realized, right away, that he wanted to give me his opinions on that same subject, and since I had nothing better to do at the time, I tried to elicit those opinions from him.

“Dheamhan rún nó cuid de rún déanta agam fós, a Shéimí, ach cogar, an bhfuil rún ar bith déanta fós agat fhéin don bhliain úr seo atá ina rás chugainn, i láthair na huaire seo?”

Wishes instead of Resolutions

“Bhail! caithfidh mé a admháil dhuit, go bhfuil mé fhéin éirithe, scun scan, as na rúin athbhliana chéanna sin, le tamall de bhlianta anuas anois, nó ba bheag aird a thug mé orthu tar éis a ndéanta, ach bhfuil fhios agat, tá nós nua fionnta agam leis an mbearna sin a líonadh dhom.”

“Agus céard é fhéin, a Shéimí?”

“Guíonna athbhliana a thugaimse orthu, nó in áit ualach na rún sin a cheangal aniar orm fhéin, is amhlaidh a phiocaim amach roinnt rudaí, ar mhaith liom go ndéanfaí iad, i rith na bliana úire.”

“Ar fheabhas ar fad, agus céard iad na guíonna atá pioctha agat don bhlain seo, 2006.”

“Tá ualach asail de guíonna roghnaithe agam cheana féin, ach níl fúm iad uilig a leagan os do chomhair, láithreach bonn, ach tabharfaidh mé roinnt bheag acu dhuit anois.”

“Lean ort, má sea, nó ba bhreá liom cuid acu a chlos.”

Right of Passage for our Salmon

“Do mo chéad ghuí, don bhliain seo 2006, fanfaidh mé gar go maith don chathair álainn s’againne, agus is í mo chéad ghuí nó go n-éireoidh le comhairleoirí Bhord na nOibreacha Poiblí, teacht ar fhuascailt na faidhbe sin, atá ag cur bhradáin na Feoire ar bhealach a mbasctha, le cupla bliain anuas anois. Fuascailt eicínt a chuirfeadh ar chumas na gcréatúr bocht sin, a mbealach chun a mbeirtrí a éascú dóibh, ar bhealach eicínt. Nó faoi mar atá cúrsaí anois, le cupla séasúr sceite anuas, ó rinne Bord na nOibreacha Poiblí an cora faoin gCaisleán a athchóiriú, tá ag teip glan ar bhunús mór na mbradán léim na cora athchóirithe sin a ghearradh, ach iad ag titim siar ina bpleist, arís is arís eile, go dtí go mbíonn siad sáraithe, tráite, traochta, i ndeireadh na dála. Níl dabht ar domhan ach gurb é guí an phobail s’againne anois, nó go n-éireodh le comhairleoirí an Bhoird sin, teacht ar fhuascailt na faidhbe céanna sin, nó bhainfeadh cás na mbradán bocht sin deoir as croí cloiche fhéin.”

“Bhail, is breá go deo an ghuí í sin don athbhliain, a Shéimí, ach an bhfuil aon ghuí eile agat, le leagan os ár gcomhair, don bhliain úr?”

“Bí cinnte go bhfuil, agus arís, fanfaidh mé gar go maith don bhaile, sa chás seo freisin. Caithfidh mé a admháil, go bhfuil suim, agus dhá shuim, curtha agam i gcás ár gcomharsa béal dorais, Noel Walsh, a bhfuil Cystic Fibrosis ag cur as dó, agus cónaí air thíos i bhFiodh Dhúin, ar bhrucha na Siúire, agus a bhfuil tamall fada caite aige ag fanacht ar bhaill bheatha oiriúnacha le nódú ann. Is fear é, an Noel céanna seo, a bhfuil a mhisneach agus a dhóchas léirithe aige dúinn uilig, sea agus a fhoighid freisin, ar raidió agus ar nuachtáin. Nár mhothaigh muid uilig é, nuair a theip air san iarracht deiridh sin, nuair a glaodh air dul go Sasana leis an nódú sin a dhéanamh dó, ach ar deireadh, fuarthas amach go raibh ceatai eicínt sa scéal, agus b’éigean do Noel bocht theacht ar ais abhaile arís. Bhail, anois, is é mo ghuí-se, don bhliain 2006, nó go bhfaighfí na baill bheatha oiriúnacha, leis an nódú sin a dhéanamh dó, agus go bhfillfidh sé ar Éirinn, agus é ar a sheanléim arís.”

“Tá mé cinnte go mbeidh chuile dhuine sa tír ar aon fhocal leat, sa ghuí sin, agus an bhfuil aon ghuí eile agat don bhliain atá romhainn amach?”

An End to Violence

“Tá, mh’anam, agus níos mó na ceann amháin. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom go gcuirfí deireadh, i rith na bliana seo, le marú, le mugáil, le foréigean, le héigniú de chuile shaghas, le mí-úsáid, le hainriail, agus le brúidiúlacht de chuile chineál, agus go bhfillfeadh daoine arís ar shíocháin, ar charthannacht, agus ar chomharsunúlacht. Dá ndéanfaí a leithéid, nár mhór go deo an difir a dhéanfhadh sé i saol an ghnáthdhuine? Sea, agus i ndáiríre, nach féidir a rá, nach mbeadh sa mhéid sin fhéin, ach filleadh ar na dlíthe atá fite fuaite i smior na gcnámh istigh ionainn uilig go léir?”

“Bhail, ní beag nó suarach an méid sin, a Shéimí, agus dá bharr sin, is dócha nach bhfuil a thuilleadh guí agat don bhliain seo?”

Spare a Thought for the Marginalised

“Ní leagfaidh mé os do chomhair amach ach guí amháin eile, agus sin go dtabharfaí aire faoi leith, dóibh siúd atá ar an imeall, sa bhliain seo ár dTiarna 2006. Is é atá i gceist agam anseo, nó na daoine uilig sin, a tháinig chun na tíre seo, ar thóir oibre, nó tearmainn, go dtabharfaí spás agus éisteacht dóibh, i rith na bliana seo, sa tslí go mbeadh ar ár gcumas, a mbunús a ghlacadh isteach mar bhaill den phobal s’againne, in áit bheith ag breathnú orthu mar eachtrannaigh nach bhfuil ceart ar bith acu teacht inár measc. Is daoine daonna iad, is comharsanna iad, agus is cairde iad, nach bhfuil aithne cheart curtha againn orthu fós. Ba mhaith liom dream amháin eile a chur isteach anseo freisin, agus sin iad an lucht siúil, a bhfuil a mbunús imeallaithe againn, leis na blianta, sea, agus cá bhfágfá an dream úd a chodlaíonn amuigh, ar thaobh ár sráideanna, nó ar thaobh ár mbóithre?. Bhail, déarfainn go bhfuil mo dhóthain ráite agam, don bhabhta seo, ach bí cinnte, go mbeidh tuilleadh le rá agam ar an ábhar seo, sára leagfar na hordóga ar bhliain seo ár dTiarna, 2006.”

If Wishes Were Horses…….

Agus tar éis do mo Shéimí breá “Go mBeannaí Dia dhuit” a rá le tóin a ghloine, chuir sé uaidh í ar an mboirdín úd lena ais, d’fhág slán agus beannaacht agam, agus thug an doras amach air fhéin. Ach má dhein, caithfhidh mé a rá, gur fhág sé ábhar machtnaimh agam fhéin, nó caithfidh mé a admháil, gur bheag nach raibh mé ar aon tarraingt leis, sna tuairimí úd a nocht sé dhom, thíos i gCailleach úd an “Smugairle Roin”, Oíche Chinn Bliana seo chuaigh tharainn, ach má bhí fhéin, agus déanta na fírinne, tá súil agam go bhfíorófar roinnt mhaith de ghuíonna Shéimí i rith na bliana seo, 2006. Mar sin fhéin, is dócha go ndéarfaí fúinn nach raibh á nochtú againn ach comhairle in aice lenár dtoil.

Athbhliain faoi mhaise agus faoi bhláth dhaoibh go léir, agus ná cuireadh an braon anuas isteach oraibh fhéin, nó ar bhur gcúram i rith na bliana atá rómhainn amach.

.

.

.

en_USEnglish