.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Happy New Year !

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

Sea, clingigí libh a chloga caointe, nó tá an bhliain seo 2007 ar leaba a báis, tá sí ag séathlú i lár na hoíche, clingigí os ard, a chloga, agus ligigí di imeacht. Sea, ligigí di séathlú.

B’fhéidir anois nárbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh sí a bheith níos fearr, nó tá an bhliain seo ar leaba a báis anois, agus níl biseach i ndán di, mar sin, is féidir linn labhairt amach, gan scáth, gan eagla, agus ná bacadh éinne leis an sean-nath carthannach sin a bhíodh ag na Rómhánaigh fadó….

…De mortuis nil nisi bonum…

Mar ó tharla nach bhfuil an bhliain 2007 imithe ar shlí na fírinne uainn fós, dá bhrí sin, is féidir linn bheith ag sciolladóireacht uirthi fós!

Ach ar dhein sí aon rud as an mbealach, le linn a ré?

“Ring out a slowly dying cause,

And ancient forms of party strife,

Ring in the nobler modes of life,

With sweeter manners, purer laws.”

Election Year

Ba í bliain an Olltoghcháin í freisin, nuair a thoghamar Dáil nua, agus in áit an tseanRialtais a athrú, faoi mar a theastaigh ó roinnt áirithe daoine, is amhlaidh a cuireadh cuid mhaith den tseanRialtas céanna ar ais i gcumhacht arís, ach níorbh é sin amháin é, ach an babhta seo, d’éirigh leo tuilleadh suíochán a fháil, trí cheangal nua a shnadhmadh leis na Glasaigh agus le dorn Neamhspleáigh, sa chaoi go bhfuil siad níos láidre anois ná mar a bhí siad ó theacht i gcumhacht dóibh, a chéaduair, sa bhliain 1997. Ach nach ‘in í breith an phobail?

Roimh an toghchán, tuigeadh dá lán, go raibh cúrsaí eacnamaíochta mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin iad a bheith. Bhí breall orthusan áfach, nó ba ghearr go raibh port eile ar fad á fheadaíl ag Airí. Ní raibh coibhneas ar bith idir a raibh ag teacht isteach chugainn, agus a raibh le chaitheamh againn, le seirbhísí an Rialtais a choinneáil sa tsiúl. Ní raibh ach leigheas amháin ar an scéal sin, agus b’in go raibh de dhualgas ar an Rialtas gearradh siar roinnt ar chuid dá ngeallúintí, Agus is dócha go bhfuair daoine áirithe amach, nach bhfuil breith ar a n-aithrí acu anois, nó ní hé tráth na hola, tráth na haithrí!

“Ring out old shapes of foul disease,

Ring out the narrowing lust of gold,

Ring out the thousand wars of old,

Ring in the thousand years of peace.”

Peace on Earth

Tá faitíos orm, nach bhfuil ré na síochána domhanda sin buailte linn fós, nó tá an cogadh idir Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta agus Meiriceá agus a comhghuallaithe, ag réabadh leis fós ina loscadh sléibhe. agus ní hionann go díreach an cogadh seo agus cogaí a troideadh ó thús an domhain, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, nó tá socruithe ag na Stáit an Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta a throid, áit ar bith, am ar bith, i dtír ar bith, ina nochtfar í. Is dócha nach raibh an dara rogha acu, nó bhí an sceimhlitheoireacht chéanna á hidirnáisiúniú, agus bhí an lá ag teacht, nuair a bheadh na fórsaí sceimhlitheoireachta chéanna sin níos láidre ná Rialtais an domhain mhóir, agus dá dtiocfadh an lá sin, bheadh an tsibhialtacht, mar a bhfuil aithne againne uirthi, bheadh sí i mbaol a múchta, agus gan dabht ar domhan, dá dtiocfadh an lá sin, sheirgfeadh an córas daonlathach, mar chóras rialaithe i measc na saor, cibé cineál córais a thiocfadh isteach ina áit. Deachtóireacht de chineál eicínt, ní foláir.

Ring out the want, the care, the sin,

The faithless coldness of the times;

Ring out, ring out my mournful rhymes,

But ring the fuller minstrel in.

Sea, i nDomhnach, déanaimis uilig iarracht an ghruaim, an bhuairt, agus seacht gcúramaí an tsléibhe a ruaigeadh as ár saol laethúil, agus ina n-áit, cuirimis romhainn áthas, gliondar, agus lúcháir an tsaoil mhóir seo a cheiliúradh, Domhnach agus Dálach. Tá’s ag an saol, nach bhfuil sé éasca a leithéid a dhéanamh, ach cuirimis romhainn é mar rún athbhliana, agus má éiríonn linn sin a dhéanamh, ansin beidh muid i ndán bheith ag maíomh as ár ngaisce, nuair a thiochfaidh an tráth seo bliana chugainn arís.

Our World

Sea, agus breathnaigh ar an saol thart orainn anseo inár dtír fhéin, anseo i dtír na Naomh is na nOllamh, cá bhfuil an charthannacht, an cúram, agus grá na gcomharsan, le tabhairt faoi deara, tríd is tríd? Céard tá le feiceáil againn ar sráideanna ár mbailte agus ár gcathracha? Grá? carthannacht? agus cúram? Bíodh trí splaideog céille agat! Níl le feiceáil, ar an mórgóir, ach mugáil, sceanadh, robáil, agus marú. Níl mé ag maíomh anois nach bhfuil an grá, an charthannacht, agus an cúram ansin, nó tá’s againn uilig go bhfuil, ach is ar an olc a dhírítear ár n-aire, in áit na maithe. B’fhéidir mar sin, sa bhliain atá romhainn amach, go gcuirfí cosc, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, leis an olc sin uilig a tharlaíonn ar ár sráideanna, agus ní hamháin ar ár sráideanna, ach ar fud ár mbailte tuaite freisin, agus ó cheann ceann ár dtíre.

Isaiah’s Vision

B’fhéidir go dtiocfadh ré na síochána chugainn, agus go bhfíorófar tairngreacht Ísáia fáidh, ar deireadh thiar thall. Nó nárbh é an fáidh céanna sin, a chan chomh fileata, faoi laethe úd na síochána. Mhaígh sé go bhfeicfeadh muid ré síochána ag breacadh inár measc. Ní bheadh ar an saol ar fad ansin ach síocháin. Dhéanfaí dearmad ar scileanna na cogaíochta, agus ní dhéanfaí airm troda a dhearadh, nó a dhéanamh, i measc daoine, a thuilleadh.

Agus bualifidh siad a gclaimhte amach ina soic chéachta,

Agus a sleánna ina gcorráin,

Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,

Ná ní chleachtóidh siad cogadh níos mó.

Nach álainn an fhís í sin, a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche na staire daonna. Sin í mian chroí an duine, agus an tráth seo bliana, guímis arís an tseanghuí…

Glóir do Dhia sna hArda, agus ar talamh, síocháin do lucht a pháirte.

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheidh chuile dhuine agaibh, bliain ó inniu..

en_USEnglish