.

S a o l t a a g A t h r ú .

.

***********************

.

Rinne mé tagairt cheana, d’fhógraíocht sna meáin, agus d’fhógraíocht ar an teilifís, ach go háirithe. Labhair mé faoi chomh hamaideach, saonta, is a bhíonn cuid de na fógraí a léirítear ar an scáileán beag, agus rinne mé tagairt freisin, don chlaonadh atá i measc lucht déanta na bhfógraí sin, ar bhealach an ghnéis a thaisteal, am ar bith a bhíonn sé ag teacht crua orthu smaoineamh ar bhealach na samhlaíochta a ghabháil chun an cheann scríbe chéanna a bhaint amach, ach go bhfios dom, níor dhein mé aon ró-thagairt fós, don chlaonadh atá ann, le tamall anuas, úsáid a bhaint as bealach an chreidimh, lena mangaireacht a fhógairt ar an scáileán beag, geal.

.

Anois, bíodh go raibh na smaointe sin ag sníomh trí phóirsí m’aigne, agus ag dó na geirbe agam, le scathamh anuas, níor dhein mé tada faoi, agus b’fhéidir nach ndéanfainn anois fhéin, ach go bhfaca mé litir san eagrán, dár dáta, 2 Bealtaine, den Kilkenny People. Litir a scríobh John Fitzgerald, as Calainn, faoin gceannteideal “Seven Deadly Sins become choc ices !” Chuir an litir sin an lasair sa bharrach dom, nó caithfidh mé a admháil dhuit, go gcuireann an fógra sin le báiní mé, chuile bhabhta a fheicim ar scáileán an teilifíseáin é.

.

Tuige a gcuirfeadh fógra dá leithéid an oiread sin feirge ort? adéarfadh duine liom, b’fhéidir. Ba chóir a lua anseo, gur duine mé a bhfuil meas thar na bearta aige ar chreideamh, ar chreideamh ar bith, dá ndéarfainn é, agus nuair a thagann duine, nó eagraíocht ar an bhfód, agus nuair a dhéanann siad mugadh magadh den chreideamh sin, bhuel, nach bhfuil sé de cheart agamsa sin a chur in iúl go neamhbhalbh dóibh? Sa bhfógra faoi na, “Deadly Sins”. a chuireann lucht déanta “Magnum” ar an scáileán, le daoine a mhealladh chun a gcuid uachtar reoite seacláideach, nó “seacoighrí”, a cheannach, cuireann na fógróirí na seacht gcinnpheacaí marfacha i gcomparáid le huachtar reoite seacláideach, agus deineann siad an scéal a chur in ár lathair, trí bhean a léiriú agus í ag ithe a slí go pléisiúrtha, trí na seacht gcineálacha uachtair reoite seacláideacha sin, a chuireann lucht déanta Magnum ar an margadh. Cheapfadh duine, nár chóir go gcuirfeadh sin fearg ar dhuine ciallmhar ar domhan, ach má fhéachann tú go grinn ar an bhfógra arís, tabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil na fógróirí ag iarraidh a chur i dtuiscint dúinn, nach bhfuil difir ar bith idir na seacht gcinnpheacaí mharfacha sin, agus ceann ar bith de na cineálacha uachtair reoite seacláideacha a chuireann siadsan ar an margadh, agus nach bhfuil sé intuigthe uaidh sin, gur chóir dúinn dul tríotha uilig, chomh tapaidh is a ghabhann an bhean úd, go neamhnáireach, trí na peacaí céanna sin.

.

Anois, má thuigtear domsa gur ábhar tromchúiseach é bheith ag cur síos ar na peacaí thuasluaite, fágann sin go dtuigtear dom freisin, gur maslaitheach an beart é mugadh magadh a dhéanamh de na peacaí céanna sin. Nach gceapfadh duine, go bhféadfadh lucht déanta na bhfógraí céanna sin, go bhféadfadh siad teacht ar bhealach eile lena gcuid uachtar reoite seacláideeach, nó “seacoighrí”, a fheistiú i lár an aonaigh, gan bheith ag maslú daoine neamhurchóideacha, nár dhein tada riamh lena bhfaltanas siúd a thuilleadh. Ach is dócha nár chóir dom, scéal chailleach an anró, a dhéanamh de scéal seo na bhfógraí, ach ag an am gcéanna, níor chóir ligint do dhaoine úsáid dá leithéid a bhaint as creideamh ar bith, le hearraí a fhógairt ar mhodh a dhéanann mugadh magadh den chreideamh sin.

.

Agus anois, ó tharla gur tharraing mé an scéal ar an gcineál sin fógraíochta, nár chóir dom, tagairt a dhéanamh do chupla sampla eile d’fhógraíocht ar an dtéad céanna sin. Is é an chéad fhógra eile den chineál sin, a ritheann liom, nó an fógra sin a dhéanann iarracht ar dhaoine a mhealladh le cáis bhog, bhlasta, eatrom, áirithe a cheannacht, agus arís, in áit iarracht a dhéanamh ar sin a dhéanamh go deas cliste, is amhlaidh a bhaineann siad úsáid as creideamh arís, mar thaca acu, lena ngnó a dhéanamh. Sa bhfógra seo, cuirtear dhá aingeal bhaineanna, inár láthair ar an scáileán, aingil nach bhfuil ar a n-aire acu ach bia, agus, ar mhodh magúil arís, tugtar le tuiscint go bhfuil gnéas ar an gclár acu freisin, nó labhraíonn duine de na haingil sin, nach mbíonn text i gceist riamh, ar an gcead choinne, aicese, agus ní gá dhom a rá gur sex, in áit text, atá ar aigne an fhógróra, mura bhfuil sé ar aigne an aingil fhéin fiú! Cuirtear críoch leis an bhfógra sin le gáire ard, amaideach, a chuirfeadh an nath i mBéarla i gcuimhne do dhuine…”the loud laugh that spake the vacant mind.” Agus arís anseo, tuigteear dom, gur beag duine a cheapfadh gur masla do chreideamh ar bith é, daoine a bheith ag baint úsáide as, ar bhealach magúil dá leithéid. Ach, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, níl cur chuige dá leithéid inghlactha, feasta. Ní dóigh liom, gur chóir cur suas le “carry on” dá leithéid. Tuige a gcuirfeadh muidinne suas leis?

.

Anois, ní gá dhom a rá, nach n-aontaím go ró-mhinic le lucht déanta fógraí, ach ní orthusan amháin atá an locht sa chás seo. Ní hea, mh’anam. Bheadh ar dhuine roinnt mhaith den mhilleán a leagan ar lucht stiúrtha RTE, nó má tá siadsan sásta na fógraí céanna sin a theaspáint ar an teilifís, ansin leanfaidh na comhlachtaí a dhéanann na fógraí, leanfaidh siad leo, ag soláthar fógraí, faoi mar atá á dhéanamh acu faoi láthair. Bheadh duine ag súil go leagfadh lucht stiúrtha an stáisiúin polasaí cinnte amach, a chuirfeadh ar a súile dóibh, nach mbeadh cineálacha áirithe fógraí inghlactha, feasta.

Agus ó tharla ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, céard faoi na fógraí uilig sin, a dhéanann buanna iomadúla an tobaca agus an óil a mholadh, d’óg agus d’aosta, d’fhir is do mhná, an náisiúin seo? Ní “Cool” duit, mura gcaitheann tú toitín.

Ach, fan neomat anois, nach bhfuil fógraí tobaca dá leithéid crosta ar na stáisiúin s’againne, ag an am áirithe seo?

Tá, muis! ach má tá fhéin, tá bealaí eile le cat a mharú, seachas é a thachtadh le him! Nach mbíonn caitheamh an tobaca á léiriú go minic ar scannáin, agus ar fhógraí a thagann chugainn isteach ón iasacht? Sea, agus cuir le sin, mar a dheintear an t-earra sin a fhógairt, nuair a bhíonn cluichí áirithe ón iasacht, á léiriú ar ár scáileáin fhéin, anseo in Éirinn. Sea, sa tslí sin, mealltar sinn le tuiscint, go bhfuil soifisticiúlacht eicínt ag baint le húsáid, nó le mí-úsáid fiú, na fiaile mallaithe céanna sin.

.

Agus céard faoi’n ól? An ndéantar an t-earra sin a fhógairt ar bhealach míchuibhiúil freisin?

Bí cinnte go ndéantar, dár liomsa, nó tá’s ag an Rí fhéin, gur dream sinn, nach réitíonn an iomarca den alcól linn, olc, maith, nó dona. Sílim go bhfuil na saineolaithe ar aonfhocal faoi sin fiú, agus ní focal beag nó bídeach é sin, geallaimse dhuit é!

Ach conas a dheintear an t-ól sin a fhógairt ar an scáileán beag, geal, má sea?

Bhuel, déantar chuile iarracht é a chur ar ár súile dúinn, nach féidir spraoi nó toit a bhaint as an saol gruama seo, gan tamall a chaitheamh “ag cur preab san ól”. Féach ar na fógraí, agus feicfidh tú dream de dhaoine óga, agus spórt an domhain acu, iad ag gáire is ag baint sult as an saol, sea, agus ábhar a ndeaghiúmair, i bhfoirm rang pionntaí, ina líne, os a gcomhair amach ar chuntar an tí ósta. Ó sea, agus breathnaigh ar chleas eile a úsáideann lucht déanta na bhfógraí céanna sin, agus sin a chur ar ár súile dúinn, nach bhfuil seans dá laghad ag an mbuachaill óg cailín a mhealladh, mura bhfuil ualach óil faoina chrios aige. Ní “cool” go dtí é! Ceannaigh an deoch chuí di, agus is leatsa í, an mana a bhíonn á chraoibhscaoileadh tríd na fógraí sin. Agus nach tríd na fógraí céanna sin a dhéantar mangaireacht ar na hAlco-pops, agus ar na Red Bulls, agus ar dheochanna eile den chineál céanna sin. Ach, nach bhfuil a fhios ag an saol Fodlach, i láthair na huaire seo, nach grá nó gean, spórt nó spraoi, a shaothraítear trí dhul thar fóir leis an ól céanna sin. Ní hea, mh’anam, ach troid, agus póit, imreas agus tinneas cinn. Ó, sea, agus an Rialtas s’againne ar a míle dhícheall, ag iarraidh srian a chur leis an troid agus ar an mbrúidiúlacht, a dhéanann fuil a dhoirteadh ar ár sráideanna, chuile oíche, geall leis, sea, agus a spreagann an óige le gluaisteáin a ghoid, ar mhaithe lena scileanna tiomána a léiriú don tsaol mór. Agus arís, níl fúm scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh den bhfógraíocht chéanna sin, nuair is léir do chuile dhuine, gur chóir deireadh a chur leis, gan aon ró-mhoill.

.

Mar sin, le críoch a chur leis an bpíosa seo, nach bhfuil sé thar am againn, mar chine, agus mar Phoblacht, breathnú ar lucht déanta na bhfógraí céanna sin, nó is dream iad nár chóir don Stát cead a gcinn a ligint leo, feasta. Ba chóir gan cead a thabhairt dóibh, dul i mbun na ceirde sin, mura bhfuil ceadúnas chuige, bainte amach acu, agus ansin, mura leanfadh an fógróir sin na rialacha, go bhféadfaí a cheadúnas a bhaint de, rud a fhágfadh, nach mbeadh ar a chumas fógraí a dhéanamh feasta, agus déarfainn go múinfeadh leagan amach dá leithéid fios a bhéas dó, feasta.

Agus anois, tá socraithe agam, gan scríobh faoin ábhar seo arís, go ceann bliana! Sé sin, mura dtagann fógra uafásach, dána, míchuibhiúil, os ár gcomhair, ar scáileáin ar dteilifíseán, san idirlinn!!!

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

en_USEnglish