S é i p é i l , S a g a i r t , a g u s A i f r i n n t í .

***********************

.

Nach mór go deo idir inné agus inniu? Go háirithe, nuair atá duine ag cur síos ar na hábhair thuasluaite. Is cuimhin liom fhein, breis agus trí scór bliain ó shoin anois, nuair a théadh chuile dhuine sa pharáiste s’againne chun an Aifrinn, chuile Dhomhnach agus Lá Saoire d’fhéadfá a rá, sé sin, mura raibh sé tinn, nó ag tabhairt aire do rudaí beaga, nó a leitheid. B’ordú sóisialta, chomh maith le hordú creidimh é, freastal ar na hAifrinntí sin, ag an am. Ach d’imigh sin is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, ní hordú sóisialta é a thuilleadh, agus ní gá a rá, ach oiread, nach nglactar, chomh dáiríreach, leis an ordú creidimh, sa lá atá inniu ann. Anois, bhí sé éasca go maith, an tráth úd, teacht ar Aifreann, Domhnach nó Dálach ar bith, mar bhí flúirse séipéal agus flúirse sagart ar fáil i ngach paráiste sa tír, murab ionann is an lá atá inniu ann, nuair atá an dá earra céanna sin ag éirí níos gainne, agus níos gainne, in aghaidh na bliana.

Céard a tharla dhom an tseachtain seo, an ea? Nó an amhlaidh go bhfuil mé tagtha chun creidimh, i ndeireadh mo laethe thiar?

Bhuel, mar a tharla go minic cheana, is amhlaidh a chuir colún an Athar Brendan Hoban, “Just a Thought”, sa Western People, ag tochrais ar an gceirtlín sin mé. Nó sin iad na hábhair atá idir chamáin ag an bhfear céanna sin, sa “Western”, dár dáta 8ú Bealtaine, 2002.

Is é an tús a chuireann sé lena cholún san eagrán sin nó, tríd is tríd, go bhfuil an iomarca séipéil, agus an iomarca Aifrinntí, curtha ar fáil do Chaitlicigh na tíre seo. Tógadh na séipéil sin an-ghar dá chéile, sna seanlaethe, ionas go mbeadh ar chumas chuile dhuine sa tír freastal ar Aifreann Domhnaigh agus Saoire, gan aon ró-stró a chur air fhéin, cuma cá háit sa tír a raibh cónaí air, agus dár ndóigh, luigh sé sin le réasún, an tráth úd, nuair nach raibh de chóir iompair ag bunús na cosmhuintire ach an choisíocht. Ach, scéal eile ar fad atá i dtreis, sa lá atá inniu ann, nó is beag duine anois nach bhfuil carr aige, nó nach féidir leis síob chun an tseipéil a fháil, le freastal ar Aifreann i bhfad níos faide ó bhaile, ná mar a bhíodh, sna seanlaethe.

Níl dabht ar domhan, ach nach mbeidh an dara rogha againn, sa todhchaí, ach glacadh leis, nach mbeidh flúirse sagart againn le freastal ar na séipéil iomadúla, a tógadh i mblianta úd na bhfuíoll, agus go gcaithfear bheith sásta fuineadh in aice na mine, agus bheith sásta leis an méid is féidir a chur ar fáil dúinn le freastal ar ár riachtanaisí, sna laethe atá romhainn amach. Ach ní hionann sin is a rá, gur chóir dúinn na séipéil áille sin a leagan, nó a dhíol. Ba chóir iad a choinneáil mar áiseanna do phobal an pharáiste, áit ina bhféadfaidís teacht le chéile mar phobal, le guí, b’fheidir, nó fiú, le léamh, nó le ham a chaitheamh ann i bhfochair a chéile.

Caithfear glacadh leis freisin, nach mbíonn an fonn céanna ar Chaitlicigh, an lae inniu, freastal ar Aifreann chuile Dhomhnach agus Saoire, faoi mar a bhíodh, agus i ndáiríre, go bhfuil muid ag druidim, go mall, réidh, síos an bóithrín atá taistealta ag bunús Chaitlicigh na hEorpa, le céad bliain anuas. Is cuimhin liom an chaoi a mbreathnaímis, ábhair sagairt, ar chomh fuarchúiseach is a bhí na hEorpaigh i gcúrsaí creidimh, agus léann an tsagairt á chur orm, thart ar leathchéad bliain ó shoin anois. Is beag nach ndéanadh muid fiodmhagadh faoi éadan na ndaoine sin Caitlicigh a thabhairt orthu fhéin, ar a laghad cúise! Ba é an scéal a bhí amuigh orthu, nó nach mbíodh aon bhaint acu leis an Eaglais, ach amháin, do bhaisteadh, do phósadh, agus do lá na lice freisin. Idir na hócáidí sin, thugadh siad corr chuairt ar an séipéal, ar eagla go gcaillfeadh siad fios na slí! Ach, bunús an ama, d’fhágadh siad na cúrsaaí sin ag na mná agus ag na rudaí beaga. Bhuel, sa lá atá inniu ann, táid ann adéarfadh, go raibh muidinne fhéin ag smaoineamh ar aghaidh a thabhairt ar an ród céanna sin, mura bhfuil roinnt mhaith dínn píosa maith síos an bóithrín céanna sin, cheana féin!

Agus, cé go bhfuil sé soiléir, nach mbeidh an oiread céanna Aifrinntí á gceiliúradh in ár measc, amach anseo, agus nach mbeidh sé indéanta úsáid a bhaint as na séipéil uilig sin atá againn, i láthair na huaire seo, deir an tAthair Brendan, go gcaithfear tábhacht an Aifrinn a chur abhaile ar na fíréin feasta, más uainn iad a mhealladh chun an tséipéil maidin Domhnaigh agus Saoire. Agus bíodh nach gnó éasca, nó simplí é sin, ag an am gcéanna níor chóir smaoineamh air mar fhál go haer, nó is gnó indéanta é, ach cur chuige le flosc agus le fonn, ach ní mór cúnamh eicínt ón Spiorad Naomh fhéin a chur leis an bhflosc agus leis an bhfonn céanna sin, nó ní gnó daonna, amach is amuigh, é.

Tá ceataí beag eile sa séeal seo áfach, nó ag am seo an ghátair, nuair atá fonn agus flosc ag teastáil go géar uainn, caithfear a admháil go bhfuil bunús ár sagart sleamhnaithe anonn sna blianta, agus gan an fuinneamh, nó an spleodar, céanna ionntu anois is a bhíodh iontu blianta ó shoin, ach mar sin fhéin, nach breá le Dia fhéin, corruair, éacht oibre a dhéanamh trí dhaoine mar iad, mar i ndáiríre, níl Dia ag brath ar fhuinneamh, nó ar spleadar, a dheisceabail, lena thoil a chur i gcrích “ar Thalamh, faoi mar a dhéantar ar Neamh”. Nach minic a oibríonn sé tríd an lag, leis an mustar gan ghustal a bhaint den láidir? Ach, caithfear brath ar thuataí i bhfad níos mó sa todhchaí, freisin, nó nach cuid bhunúsach den eaglais fhéin iad? Nár baisteadh sa Chríostaíocht iad? Agus nár deineadh iad a chóineartú sa chreideamh céanna sin, nuair a chuaigh siad faoi láimh an Easpaig? Agus má sea, nár chóir dóibh anois páirt ghníomhach a ghlacadh i dtógail, agus i gcothú, na heaglaise sin, anseo inár measc? Tuigtear don Athair Brendan nach leor do shagart a Aifreann a léamh feasta, ach go gcaithfidh sé a Aifreann a cheiliúradh do phobal gníomhach, pobal a ghlacann páirt leis sa cheiliúradh sin, mar chléirigh, mar léitheoirí, mar mhinistrí, mar chór, nó mar chantairí. Tuigtear dó nár chóir Aifreann a cheiliúradh mura bhfuil an pobal gníomhach sin ar an bhfód, le dul i gcomhar leis an sagart fhéin, sa cheiliúradh sin.

Is cuimhin liom fhéin, go dtí an lá atá inniu ann, Misean a d’eagraigh na Slánaitheoraigh, sa pharáiste s’againne, le linn m’óige-se. Bhíodh Aifreann faoi leith do na daoine óga, chuile mhaidin, agus bhíodh an tAthair Mór Ó Conaola ansin in ár measc, le chuile shórt, a bhí ar siúl ag an sagart ar an altóir, a mhíniú dúinn. B’in an sagart a thugadh na seanmóirí móra uaidh, faoi phoitín, agus faoi chuile olc a lean úsáid na dí diabhlaí sin. Mhíníodh seisean cúrsaí an cheiliúrtha sin dúinn agus é ag siúl síos suas, inár measc, agus é ag míniú chuile ghníomh a dhéanadh an sagart, le linn an Aifrinn. Le cluasa na cuimhne, cloisim fós gíoscán a bhróg le linn na siúlóide sin. D’fhan ar dhúirt sé glas im chuimhne, anuas go dtí an lá atá inniu ann. Ní call dom a rá, gur chuir mé leis an eolas sin le linn na mblianta fada a chaith mé im ábhar sagairt. Ní gá dhom a rá, gur chóir cúrsa dá leithéid a reachtáil i ngach paráiste, ionas go bhféadfaí a bheith cinnte, gur thuig chuile dhuine den phobal a raibh ar siúl ag an sagart ag an altóir. Ba chóir freisin, go mbeadh chuile pháirt den Aifreann cleachtaithe, snasta, sa tslí go mbainfeadh pobal Dé taitneamh agus tairbhe as an gceiliúradh sin. Nach cuimhin linn uilig léitheoirí a chlos, agus iad ag iarraidh teorainn luais eicínt a bhriseadh, sa tslí nach raibh ar chumas éinne, a raibh á léamh ag an léitheoir sin, a thuiscint. Uaireannta eile, chloisfeá duine ag léamh, ar bhealach a thabharfadh le fios dá lucht éisteachta, nár chleachtaigh sé, nó nár ullmhaigh sé, a raibh á léamh aige, roimh theacht os a gcomhair amach dó. Níl a leithéid inghlactha feasta. B’fhearr bheith dá éagmais ná glacadh lena leithéid de léitheoireacht. Ní call dom a rá, gur chóir don sagart fhéin, ullmhúchán agus cleachtadh a dhéanamh ar a raibh le déanamh aigesean freisin, nó ceiliúradh i gcomhar isea an tAifreann, ceiliúradh ina gcuidíonn pobal Dé leis an sagart aithléiriú a dhéanamh ar íobairt an tSlánaithe.

Agus os ag caint ar cheiliúradh muid, nach bhfuil fhios ag chuile dhuine, nach ceiliúradh go cantain, agus cá bhfuil an cantain sin le fáil anois inár nAifrinntí? Má chuireann tú ceist ar na húdaráis faoi na cúrsaí seo, is é is dóichí go ndéarfaidh said leat, nach bhfuil féith an cheoil sna Gaeil, agus dá thairbhe sin nár mhaith leo an nós sin a thosú ina measc. Sin, nó nach maith leo bheith ar éisteacht le hiomainn, nó le ceol cráifeach, le linn dóibhsean bheith ag rá a bpaidreacha. Níl i gceist sa mhéid sin ach leithscéalta, agus lena chois sin, níl iontu ach leithscéalta ar leathchois. Nó má cheistíonn tú na daoine, a théann chuig an Aifreann, faoi na cúrsaí sin, inseoidh siadsan duit, gur breá ar fad leo ionainn a chanadh, agus gur breá leo freisin, dreas ceoil chráifigh a chloisint, ag an am ceart, le linn an cheiliúrtha. Ach, déarfadh duine, b’fhéidir, nach bhfuil na hiomainn sin ar eolas ag na daoine, agus conas mar sin a d’fhéadfá iad a chur ag ceol? Éasca go maith, mar nach eol do chuile dhuine, nach bhfuil mórán deacrachta ag baint leis na hiomainn a chantar sna séipéil a fhoghlaim, agus go dtiocfadh an pobal isteach orthu, gan stró ar bith. Dár ndóigh, d’fhéadfadh cór beag a bheith ag séipéal freisin, le cúnamh a thabhairt don phobal, le linn dóibhsean bheith ag canadh. Is maith ann an cór freisin, le ceol casta, séasúrach, a chur ar fáil, in am tráth, ach ní hé mo thuairimse fhein, gur chóir dúinn cór a úsáid le labhairt thar cheann an phobail, nó le freagairt thar a gceann, ach oiread. Caithfear an pobal a spreagadh le seilbh a ghlacadh ar a gcuid fhéin den Aifreann, agus gan an chuid sin a ligean le héinne, cór nó cléir. Ní bheadh sé do-dhéanta leabhrán iomann a chur i dtoll a chéile, sa chaoi go mbeadh thart ar thrí scór iomann, de na hiomainn is coitianta, ar fáil ann, sa chaoi go mbeadh na focail le fáil go héasca ag chuile dhuine sa séipéal, nó bheadh leabhar iomann fágtha ar an suíochan teampaill ansin, os comhair chuile chríostaí acu.

An bhfuil a leithéid indéanta?

Cinnte tá, nó nach cuimhin le chuile dhuine, a rinne freastal ar mhisean, go n-éiríonn le lucht eagraithe an mhisin sin, an pobal a chur ag canadh, trí chleachtadh gearr a chur sa tsiúl, tamall roimh chuile Aifreann. Tagann na daoine isteach go héasca ar, idir cheol agus fhocail, agus ní hé sin amháin é, ach baineann siad ard-taitneamh as freisin, nó teann siad amach abhaile agus ceol ina gcroí leo.

Ní gá don sagart an lá uilig a chaitheamh ag léamh an Aifrinn, ach níor chóir dó, ach oiread, dul tríd an searmanas ar chosa in airde. Tá gá le cráifeacht agus le dáiríreacht le linn cheiliúradh an Aifrinn, nó caithfear anam agus spiorad phobal Dé a ardú, agus a mhealladh tríd an gcuirtín caol sin, a scarann an dá shaol óna chéile. Tá an pobal céanna sin ar thóir bheatha a n-anamacha, agus má deintear iad a bheathú sa tslí sin, fillfidh siad arís, agus arís eile, ar na hAifrinntí a riarann an bheatha spioradálta sin orthu.

Cé go mbainim fhéin taitneamh agus tairbhe as na hAifrinntí Domhnaigh agus Saoire, faoi mar a cheiliúrtar iad abhus, anseo in Éirinn, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil go ndeachaigh ceiliúradh an Aifrinn sna Stáit i gcionn go mór orm, agus chomh maith le sin, cá bhfágfá na hAifrinntí breátha sin a cheiliúrtar i measc na Spáinneach? Ní fhéadfá gan suntas a thabhairt don chráifeacht agus don dáiríreacht a léirítear lena linn, sea, agus an pháirt ghníomhach a bhíonn ag an bpobal i gcúrsaí agus iad ag déanamh comhair leis an sagart, le linn an cheiliúrtha.

Ach, b’fhéidir go bhfuil an iomarca ráite agam faoi seo, agus b’fhéidir freisin, gur chóir dom na cúrsaí sin a fhágáil fúthu sin, a bhfuil scil faoi leith acu iontu, ach nach críostaí mé fhéin, chomh maith le duine, agus is dá bharr sin, a thuigtear dom, go bhfuil chuile cheart agam mo ladar a chur sa scéal, ag súil, go spreagfainn daoine eile chun smaointe, agus chun gnímh. Nó b’fhéidir, gur mar sin a oibríonn an Spiorad Naomh fhéin, agus é ag baint úsáide as an lag, leis an láidir a spreagadh. Agus má tharlaíonn ganntanas sagart orainn, amach anseo, nár chóir smaoineamh ar na mna atá ag fanacht go foighdeach ar na cliatháin, le mám maith blianta anois, sea, agus nach bhfuil fir phósta ansin freisin, a bheadh sásta seal a chaitheamh ag freastal ar an dtréad, dá n-iarrfaí orthu a leithéid a dhéanamh. Má tharlaíonn an ganntanas sin, léireofar a leigheas dúinn.

Leor sin do thuras na huaire seo. Go dtí an chéad bhabhta eile…

Slán……..

.

.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

.

.

en_USEnglish