S A O I R E G A N S Ó .

.

.

I bPlaya den Bossa anocht,

Anuas ar óg, ar shean,

Luíonn an t-aer mar luaidhe

Ar fhir, ar mhná, is a gclann,

Is teipeann ar ghaothráin na gcrann

Aer trom na hoíche a bhogadh.

Codlaíonn spéir is réalta

Ar thóin na Linne goirme.

Nó níl oiread gaoithe amuigh

Le duilleoga crann a luascadh

Nó a chorródh an scathán gorm

Le spiorad na Linne a dhúiseacht.

.

Rangaithe go néata ciúin,

Tar éis saothar crua an lae,

Neadaíonn cathaoireacha is trioc,

Beag beann ar chioth, nó ar ghaoth,

Ag feitheamh leo le foighid,

Go scalfaidh grian arís,

Le sluaite a mhealladh ina dtreo.

Ag lorg faoisimh is sos.

.

.

Gealbhain is fáinleoga faoi shuan

I ngaothráin chiúine na gcrann,

Na fámairi fhéin ar fán,

Le hocras is tart a chloí

I mbialanna spíosraithe

Phlaya den Bossa.

Is gan tada le clos,

Ach monabhar buan an tráchta

Dár mealladh gan stad chun suain.

.

Ach anois is arís, gan choinne,

Stróiceann scaird shuanmhillteach

Bráillín sítheach an tsuain

Lena búir bharbartha, bhuile.

.

Ach gealfaidh lá eile, go luath,

Is ardóidh grian gheal seol,

Is meallfar sean is óg

Lena bpáirt a ghlacadh athuair

I ndráma buile na mbeo.

Ar Oileainín ársa Ibiza.

.

************************

en_USEnglish