SEO SLÁINTE NA BÓ 2

Peadar Bairéad.

(This week, we take a look at the place of the cow, in Erris, in the the last century)

.

Seo píosa a chuir mé isteach ar chomórtas, blianta fada ó shoin. Níor bhuaigh sé an chéad duais, ach tháinig sé sa dara háit, agus bhí mé lán-tsásta le sin. B’fhéidir nár ró-olc an smaoineamh é, deis a thabhairt duit fhéin é a léamh anois, ar do chaothúlacht, tar éis na blianta fada sin uilig. Seo anois ‘Cuid a Dó’ den phíosa sin. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as.

Pobal Meánaoiseach a bhíomar ann…

Pobal meánaoiseach a bhíomar ann, in Iorras na nIontas, na laethe sin, agus muid ag iarraidh bogadh linn go ciúin, dínitiúil, isteach i bhfichiú haois sin an fhuatha, an terannais, agus an áir. Nuair a saolaíodh mise, ní raibh ann ach go raibh na ba athraithe amach as na tithe cónaithe, agus d’fheicfeá fós na crúite sáite sna fallaí, áit a mbíodh téada ceangailte na mbó, ach faoin am a raibh mise ag fás suas, bhí na ba ag cur fúthu i mbó-toighthe ar chúl na dtithe. Bhí mo mhuintir ag éirí dá nglúna, taréis blianta fada an bhochtanais, agus na héagóra. Ní bhíodh an oiread sin ba ag éinne. Péire anseo, trí cinn ansiúd, agus ceithre cinn ag corr dhuine. Ainm ar gach aon bhó acu, agus eolas iomlán ag chuile dhuine sa teach ar chúrsaí bóúla chuile bhó acu. Bhíodh chuile dhuine sa teach ar chipíní, agus muid ag súil leis an ócáid mhór nuair a bheadh gamahain le saolú.

Lá nó oíche, ba chuma linne é, nó bhíodh muid uilig i láthair don ócáid. Minic a chonaic mé mo Mham agus ceirt fhliuch aici á cuimilt ar chláréadan cneasta na bó. im phianmhar, áthasach, na breithe. An bolg uisce. Na cosa tosaigh. An rópa. An tarraingt.

Fear ciallmhar

Nár chiallmhar an gadaí é Daid s’againne, mar d’iarrfadh sé orainne gasúir, teacht i gcabhair air. Sea, agus mholfadh sé sinn go hard, nuair a leandálfadh muid gamhain brea fireann ar urlár an stábla.

Bhíodh fáilte i gcónaí roimh ghamhain fireann.

Glanadh, diúgadh méire, cosa laga lúbacha.

Crú. Bainne ramhar buí á bhlí ag Mam i ngalún tincéara.

Isteach linn ansin go tóstalach go n-ullmhódh Mam an gruth buí. Ó! dár Príosta na nGsta! ach ba bhia ríoga é, dár linne. Bhíodh tóir an diabhail againn air. Bhí linn ansin, mar bheadh bainne go flúirseach sa teach feasta, agus bheadh im níos flúirsí freisin. Bheadh muid ag maistriú sár i bhfad. Nuair a bheadh deireadh le tréimhse an ghrutha bhuí, chuirtí an bainne sa bháisín ar maidin, agus d’fhágtaí ansin é go tráthnóna, nuair a thógtaí amach é, lena bhearradh le sásar. Dhéantaí an cleas céanna arís, chuile thráthnóna. Chuirtí an t-uachtar isteach in árthach speisialta. Dhéantaí an cleas céanna maidin is tráthnóna, go dtí go mbíodh buicéad sin an uachtair lán go béal, ansin thógfadh Mam an chuinneog chuici, tráth eigin idir am dinnéir agus am tae. Ghlanfadh sí agus scólfadh sí an chuinneog i dtosach. Déanamh barraille a bhí ar an árthach sin, ach go raibh com caol seang uirthi, ar nós mhná na haoise sin. Ansin scaoiltí an t-uachtar ramhar, buí, isteach inti. Chuirtí an loinnithe isteach, agus síos ar chos an loinnithe dheintí clár na cuinneoige a dhaingniú.

Pisreog bheag neamh-urhóideach

Bhí gnó beag amháin eile ansin, agus bheadh muid réidh don mhaistriú. Gheobhadh Mam aibhleog ón tine, agus chuirfeadh isteach faoin gcuinneog í…pisreog bheag neamh-urchóideach, leis an im a chosaint orthu siúd a thógfadh uainn é, le súil mhillteach, nó le bearradh toibreaca Bhealtaine, nó fiú orthu siúd a d’fhágfadh an teach ag caitheamh tobaca, le linn an mhaistrithe!

Pisreoigín macánta, bídeach, amháin eile…glaicín salainn a chraitheadh ar chlár na cuinneoige. Bhí slánú sa salann, chuile lá riamh.

.

en_USEnglish