SEO SLÁINTE NA BÓ 3

Peadar Bairéad.

(In this series, we take a look at the place of the cow, in Erris, in the last century)

Seo píosa a chuir mé isteach ar chomórtas, blianta fada ó shoin. Níor bhuaigh sé an chéad duais, ach tháinig sé sa dara háit. B’fhéidir nár ró-olc an smaoineamh é, deis a thabhairt duit fhéin é a léamh anois, ar do chaothúlacht, tar éis na blianta fada sin uilig. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as. –

‘Go tóin, a dhiabhail !’

Pisreoigín macánta, bídeach, amháin eile, sára dtosaítí ar an maistriú a bhualadh…glaicín salainn a chraitheadh ar chlár na cuinneoige. Bhí slánú sa salann, chuile lá riamh.

Chun oibre linn uilig ansin.

Síos, suas, síos suas. Go tóin! a dhiabhail! go tóin adeirim.

Anois a Mhártain. Ní hamhlaidh a mheasfá éaló amach agus tú ag stealladh toite uait, cosúil leis an gcapall iarainn fhéin. Ar ais leat ansin, agus caith do sheal ag maistriú, nó an amhlaidh a mheasfá an t-im a ghoid uainn?

Sin mar a bhíodh, seal ar sheal, nó go bhfeictí frídiní beaga ime ag teacht ar chlár na cuinneoige.

Go mall anois! Go réidh! Tabhair seans don im. Ba ghearr go mbíodh Mam ag tógáil ime as an gcuinneog leis na spáid ime, agus chuirfeadh sí salann tríd.

Cnapóga a gcumadh ansin ag Mam leis na spáid sin, lán an phláta díobh. Chuirtí an fuíollach isteach i bpróca an ime. Mholtaí an maistriú. Muga bláthaí do chuile dhuine againn.

Seo sláinte na bó!

Fosaíocht moch déanach…

Bhíodh orainne gasúir feasta, bia blasta a chur ar fáil don bhó sin. Bhíodh muid amuigh roimh bhricfeasta ag fosaíocht lei, á seoladh chun beadaíochta, áit ar bith a mbíodh féar bog milis ag fás go buacach, ar cheann fearainn, nó idir iomairí, nó fiú, ar chasáin sna goirt fhéin. Bhíodh an gnó céanna le déanamh againn arís sa tráthnóna, i ndiaidh na scoile.

Dála an scéil, cuireannn sin rud eile i gcuimhne dhom, i. go mbíodh orainne, gasúir, bheith i bhfeighil na mbó maidin is tráthnóna. Bhímis leo, luath is mall, agus sa tslí sin, chuireamar an-aithne orthu. Sa tslí sin freisin, d’fhás snaidhm daingean ceana eadrainn, i dtreo is gur thuigeamar iad. Síceolaí bó a bhí i ngach uile dhuine againn. B’iomaí uair, sa Samhradh, a chuireamar le báiní iad trí aithris a dhéanamh ar dhordán an chreabhair chapaill. Rithfeadh na ba leo, rubaill in airde, abhaile ar a ndícheall. Ligtí isteach sna stáblaí, ón teas, iad, rud a d’fhágfadh scathamh saoire againne, le caitheamh ag neadóireacht, nó ag seilg coiníní, nó ag déanamh spraoi éigin eile dhúinn fhéin.

‘Bualadh saighead

B’olc ar fad an seans é, dá mbeadh tinneas nó galar ar bith ar bhó, mar bhíodh ár seasamh orthu, ach ba rud é a tharlaíodh, corr uair. Ní bhíodh tréidlia ar bith sa taobh tíre sin, an uair úd, idir Bhéal an Átha agus an Fód Dubh. Sea, mh’anam, tréidlia, nó dlíodóir, ní raibh ann. mar sin, churtí fios ar sheanduine éigin, a raibh scil aige sna cúrsaí sin. Thagadh seisean go déanach sa tráthnóna. Go hiondúil, scrúdaíodh seisean an beithíoch bocht. Thochraisíodh a cheann.

Shiúladh anonn is anall, agus go hiondúil ansin, deireadh se, Bualadh saighead, gan dabht ar domhan. Bhfuil dairteacha ar bith sa bhaile seo? Níl! Ó bheul! gheobhaidh mé fhéin iad anocht. Ba é a bhí sna dairteacha céanna sin nó, clocha a chaitheadh lucht na sí leis na ba, sár a dtógfaidís leo isteach sa lios iad!

Ba é an leigheas a bhí ar an ngeis seo, nó, na clocha beaga sin a chur i mála beag, agus iad a bhruith i bpota uisce, agus ansin, deoch den uisce sin a thabhairt don bhó. Uaireanta, thiocfadh biseach ar an mbó, agus mholfaí an fear feasa. Uaireanta eile ní thiocfadh, agus déarfaí go raibh sé ró-dhéanach, nó leagfaí an milleán ar an bhfear thuas!

.

.

,

en_USEnglish