Sín chugam an Ghealach 2

Peadar Bairéad

.

(This week we again go down Memory Lane)

.

Anois, bíodh gur chreid mé sna féidireachtaí sin uilig, a luaigh mé anseo, an tseachtain seo caite, agus déarfainn gur chreid roinnt mhaith de na daoine thart orm sa leagan amach céanna sin, nárbh asainn a baineadh an mealladh, nuair a fuaireamar amach, nach mar sin a tharlaíodh sa tsaol cam, casta, céasta, a bhí thart orainn.

Geallúintí Polaitíochta!

Breathnaigh ar chúrsaí polaitíochta, i dtosach. Nuair a bhí mise óg, caithfidh mé a admháil, gur chreid mé chuile fhocal ón lucht polaitíochta! Dúradarsan linn, go gcruthódh siad saol an mhadaidh bháin dúinn ach ár vótaí a bhronnadh orthu, lá an toghcháin. Dá ndéanfadh muid amhlaidh, chuirfeadh siadsan Útóipe ar thalamh ar fáil dúinn. Bheadh obair le fáil ag chuile shaoránach, bheadh aras in áirithe do chuile chlann, bheadh scolaíocht den scoth le fáil, saor in aisce, ag chuile mhac máthar, agus iníon athar, sa tír. Ní gá dhom cur síos ar na háiseanna eile a chuirfí ar fáil dúinn, ach bheadh cúrsaí leighis, cúrsaí taistil, cúrsaí léinn, agus chuile chineal cúrsaí eile, ar fáil, d’óg agus d’aosta, sa Phoblacht a bheadh againn, dá mbronnfaimís an chumhacht chuige sin orthusan. Sea, agus bheadh deireadh go deo le bochtaineacht, le hanró, le cruatan, agus le gorta.

Tuar agus Tairngreacht

Agus ar tháinig an tuar faoin dtairngreacht, tráth fuair siad na vótaí agus an chumhacht?

Ag magadh fúm atá tú! Nó in áit dóibh Útóipe a chur ar fáil dúinn, is amhlaidh a chuaigh cúrsaí in olcas, ó bhliain go bliain. Sea, dá mhéad a gheall siad, is ea ba lú a dháil siad! Nó b’in mar a samhlaíodh dúinne é, ach go háirithe.

Gealladh dúinn go mbeadh saol an mhadaidh bháin againn, ar ball. Seafóid! Nó is dócha nach bhfuil fáil ar shaol an mhadaidh chéanna sin ar an saol anróiteach, anacair seo, nó má tá, caithfear dul trí chruatan agus trí hanró lena bhaint amach. Agus ag caint ar chúrsaí sláinte, nach minic a ghealltar don duine óg go mbeadh chuile shórt ar a dheis aige, ach an bheatha cheart a ithe, na deochanna sláintiúla úd a ól, agus fanacht glan amach ó phóit is ó chraos.

Geallúintí nár fioraíodh

Bhuel! Ní i gcónaí a fhíoraítear na geallúintí céanna sin, ach oiread, nó nach bhfaightear an tseanduine, anseo is ansiúd, a dhearbhaíonn, gurbh iad an tobac agus an bhiotáille a choinnigh sa tsiúl é, trí bhlianta fada a ré.

Sea, mh’anam! Ar deireadh thiar, cuireadh ina luí orm fhéin, go raibh cosúlachtaí idir an ghealach agus an dréimire úd, ar dhein mo Dhaid tagairt dóibh agus mise i mo ghasúr, agus cúrsaí an tsaoil seo. Mar nuair is cúrsaí an tsaoil seo, agus cúrsaí daonna, atá idir chamáin againn, caithfimid glacadh leis, go bhfuil difir mhór idir an rud atá inmhianaithe, agus an rud a bhfuil fáil air, le linn ár ré abhus. Soilsíonn Útóipe an casán dúinn, agus spreagann sé sinn i dtreo na foirfeachta daonna, ach, i ndáiríre píre, ní éireoidh linn an stádas sin a réaladh, fad is beo sinn. Ní bhfuair mé fhéin greim riamh ar an ngealach gheal soilseach úd, ach shásaigh an smaoineamh agus a fhéidireacht mé, le linn laethe duairce, dorcha, mo bheatha. Mar sin, ná cuireadh sé aon lagmhisneach orainn fáil amach nach bhfuil an Útóipe úd inshroichte ar an saol seo, ach ag an am gcéanna, nár chóir go spreagfadh an choincheap chéanna sinn teacht chomh cóngarach agus is féidir linn, don Útóipe ar thalamh úd, a mheall, agus a shásaigh sinn, go háirithe le linn laethe neamhaí na hóige?.

.

Sa ré úd roimh thóirsí, is aibhléis, is cnaipí

Ba chara sa spéir againn t’aghaidh,

Shoilsigh tú casáin gan locht is gan tuisle,

Is mheall tú na cairde ar chuairt chugainn.

.

Lasann tú lampa geal glé i mo chroíse,

Led aghaidh ghealgháireach gan mhioscais,

Is slógann chugam cumhní gan teorainn ina sluaite,

I gcuimhne na gcomharsan a d’imigh.

.

.

.

.

.

en_USEnglish