Halfway Home

by

Ronan Tynan

.

Peadar Bairéad

“Sin iad mo chosa-sa”

Ar na mallaibh, tháinig mé ar Eagrán Bantam, dhe leabhar nach raibh léite agam cheana, leabhar, b’fhéidir, a léigh tú fhéin, nó cuireadh an t-eagrán thuasluaite i gcló sa bhliain 2003, ach leabhar freisin, a chuir siar bóithrín na smaointe mé fhéin, “big time”, mar adeir Gaeilgeoirí an lae inniu, go minic!

“Cén leabhar atá i gceist agam, an ea?”

“Halfway Home” an teideal atá air, agus ba é Ronan Tynan s’againne a scríobh an dírbheathaisnéis chorraitheach, ghreamaitheach, spéisiúil seo.

“Agus ar mhiste a fhiafraí díot, an raibh aithne ar bith agat fhéin ar scríbhneoir an leabhair seo?”

“Níor mhiste, in aon chor, nó níl uaim, ach an lide is lú, le mé a chur ag scríobh faoin bhfear óg iontach seo.”

“Ná habair go raibh sé mar dhalta agat, am eicínt, faoi mar adeir tú faoi roinnt mhaith daoine cáiliúla eile, daoine ar nós Diarmaid Martin, Ardeaspag Átha Cliath, Martin Drennan, Easpag na Gaillimhe, agus fiú ionánaithe cáiliúla ar nós D. J. Carey fhéin?”

“Sin é díreach atá á mhaoimh agam, san alt seo, nó bhí Ronan Tynan mar dhalta agam, am eicínt i lár sheachtóidí na haoise seo caite.”

“Agus an cuimhin leat anois é a bheith i láthair id’ rang, agus má sea, cad iad na cuimhní atá agat anois faoi na laethe úd, fadó!”

“Fadó! adeir tú. Feictear domsa nach bhfuil sé chomh fada sin ó shoin ar fad anois, ach is dócha go gcaithfidh mé a admháil, go bhfuil breis is triocha bliain imithe trí mhuileann an ama san idirlinn! Ach, le filleadh ar na cuimhní úd, bhuel, is maith is cuimhin liom an gasúr beoga, bríomhar, beo-shúileach, sin a bheith ina shuí im rang, agus is cuimhin liom lá amháin, nuair a tháinig mé isteach doras an tseomra sin, go raibh cás, measardha mór, fágtha taobh istigh de dhoras ár Halla Réamhdhéanta.

‘Cé leis an cás seo?’ arsa mise

‘Is liomsa é,’ arsa’n gasúr beo-shúileach.

‘Agus céard tá ann?’ arsa mé fhéin, agus a fhios agam go raibh mé ceaptha i ngaiste an ghasúir bheo-shúiligh.

‘Them’s me legs, Sir,’ ar seisean, agus cineál straoise air, agus ar a chomhdhaltaí chomh maith, nó thuig siad go raibh mé sáinnithe ag mo Rónán, agus go mbeadh orm ansin tamall a chaitheamh ag éisteacht le scéal na gcos bréige breise úd, a bhí stóráilte aige sa chás céanna sin. Caithfidh mé admháil anseo, nárbh é sin an chéad uair ag mo dhaltaí gaiste dá leithéid a fheistiú dom, agus caithfidh mé a admháil freisin, gur mhinic a lig mé dóibh breith orm ina ngaistí neamhurchóideacha! Sin anois agat an chéad chuimhne a ritheann liom nuair a smaoiním ar Ronan Tynan, nó ba ghasúr deas, cineálta, lách, cuideachtúil é, an Ronan céanna sin, chomh fada is a bhain sé liomsa, ar aon nós”

“Ach b’fhéidir gur mhaith leat rud eicínt a rá linn faoi leabhar Rónáin, ó tharla gur air a tharraing tú an scéal.”

“Bhuel, caithfidh mé a rá leat i dtosach, go léifinn fhéin an leabhar seo, ó chlúdach go clúdach, cuma cé acu olc, maith, nó measardha é, ach m’fhocal daoibh, gurbh fhiú go maith an tairbhe an trioblóid, nó sár-leabhar, amach is amuigh, atá curtha le chéile anseo ag an údar neamhghnách seo. Sa ndírbheathaisnéis seo, cuireann an t-údar síos ar na deacrachtaí uilig a sháraigh sé, agus na buanna a bhain sé i ngach ar thug sé faoi a dhéanamh.

Ba leath-chúpla é Ronan, bíodh nár mhair a dheartháir an bhliain fhéin sul ar cailleadh é. Ach bhí ceataí eile sa scéal freisin, nó tugadh faoi deara, go raibh mínormáltacht ag baint le cosa Rónáin, rud a d’fhágfadh, dár leis na saineolaithe, nach mbeadh siúl nó rith aige, faoi mar a bheadh ag an ngnáthghasúr, ach ba é adúirt séiplíneach san ospidéal, agus é ag iarraidh sólás a thabhairt don mháthair, i ndiaidh na beirthe, i mBealtaine na bliana ud 1960…

“That little fellow will make you very proud, and do you know, with lungs like those he will surely sing.”

Agus seo mar a deir Ronan é fhéin, faoin ráiteas sin, ina dhírbheathaisnéis….

“Little did either realise how that prophecy would be borne out”

Níl dabht ar domhan ach gurbh é a mhuintir fhéin a bhroslaigh agus a mhisnigh an gasúr óg seo. Agus ba ghearr gur tuigeadh do chuile dhuine thart air, nach sásódh tada é ach go n-éireodh leis a chonstaicí uilig a shárú. Níl le déanamh agat ach an leabhar seo a léamh, le fáil amach, nár mhaíomh gan údar a bhí ar siúl aige.

Ba é an gad ba ghiorra don scornach a theastaigh uaidh a scaoileadh i dtosaach, agus dá bharr sin, rinne sé chuile iarracht ar a dheacrachtaí fisiciúla uilig a shárú, agus tá’s ag an lá fhéin nár shaothar in aisce a bhí ina chuid iarrachtaí sa chuspóir chéanna sin. Cuireadh scolaíocht air faoi mar a cuireadh ar chuile dhuine eile. Cuireadh go Coláiste De La Salle é, ina scoláire cónaithe, go leibhéal na Meánteistiméireachta, agus ansin in aois a chúig bliana déag, tháinig sé isteach chugainne i gColáiste Chiaráin. Ach tá chuile chosúlacht ar an scéal, go raibh ábhair eile, ar nós a spéis sna capaill, ag teacht idir é fhéin agus a chuid staidéir, agus ba é críoch a bhí ar an scéal nó go ndeachaigh sé thar nais go Coláiste De La Salle, le cúrsa na hArdteistiméireachta a chríochnu ansin.

Ba é an chéad rud eile a chuir sé roimhe nó cáilíocht a bhaint amach dó fhéin. Thug sé an Ardchathair, agus an Ollscoil, air fhéin, agus súil aige céim a bhaint amach san Eolaíocht. Bhí go maith, ach i rith na bliana sin, ar chomhairle a lianna agus a dhochtúirí, deineadh a chosa a theascadh, faoina ghlúna, agus tar éis dó tamall fada a chaitheamh ag teacht chuige fhéin arís, chuaigh sé ar ais arís chun na hOllscoile, agus d’éirigh leis sna scrúduithe dheireadh-bliana.

An chéad bhliain eile, d’athraigh sé cúrsa, agus chuaigh sé ar scoláireacht, go dtí “The National College of Physical Education” ar bhruacha na Sionna, i ngar do chathair Luimní. Luigh sé isteach ar na cúrsaí a bhí le déanamh aige sa Choláiste sin, agus bíodh go bhfuil le tuiscint uaidh, nár thaitin an Coláiste, go huile is go hiomlán, leis, ag an am gcéanna, lean sé air go dtí gur éirigh leis a dhintiúirí a bhaint amach ansin. Ba mhór an chabhair dó i ndáiríre, na cúrsaí céanna sin, nó chabhraigh siad leis spórt, agus aclaíocht de chuile shaghas, a chleachtadh le linn dó bheith ansin i Thomond College.

In áit dul i mbun a cheirde mar mhúinteoir sna hábhair a d’fhoghlaim sé, is amhlaidh a thug sé an Ollscoil air fhéin arís, le Céim Leighis a bhaint amach, rud a rinne, agus tar éis dó tamall a chaitheamh ag obair in Ospidéal na Mí, tuigeadh dó go raibh gort eile ag glaoch air, gort a bhí ag glaoch air leis na blianta fada, ach glaoch nach ndeachaigh i gcionn i gceart air, go dtí anois.

“Cén gort atá i gceist agat ansin?”

Gort an cheoil. Cad eile? Bhí fonn ceoil air ó thús, agus ba mhinic é fhéin agus a Dhaid ag canadh, amuigh i dteach na mbó, fiú. Chuir sé isteach ar chomórtaisí áirithe, agus d’éirigh leis an chraobh a sciobadh i roinnt mhaith acu, sa tslí gur ghearr go raibh ainm in airde air, mar chantóir idirnáisiúnta. Mhol na Dochtúirí Comhairleacha, a raibh aithne acu air, a aghaidh a thabhairt ar an ngort nua sin. Ní toisc nach raibh cumas dochtúireachta ann, nó bhí, ach toisc go raibh cumas iontach amhránaíochta ann, agus go raibh bua an cheoil de dhlúth agus d’inneach ann, agus mura n’éireodh leis sa bhfiontar sin, go bhféadfadh sé filleadh ar an ndochtúireacht, amach anseo.

Ghlac Ronan lena gcomhairle, agus le cabhair airgeadais uathu, agus óna gcairde, chuaigh i mbun oibre arís, le máistreacht a fháil ar amhránaíocht, agus ní gá dhom dul níos fuide leis an scéal, nó mar adeir lucht iriseoireachta….The rest is History…..

Faoin am seo, tá Ronan thart ar cheithre bliana is dhá scór agus is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil sé anois ar dhuine de na daoine míchumasacha is cáiliúla ar domhan, nó tá léirithe aige, go bhfuil ar chumas an daonnaí, constaicí nádúrtha dá leithéid a shárú, agus ní hé sin amháin é, ach go bhfuil ar a chumas dul i gcomórtas leis an saol mór amuigh. Agus mar bhuille scoir, ní doigh liom gur chóir dom críoch a chur leis an bpíosa seo, gan tagairt a dhéanamh dá Chreideamh, nó is rud a shoilsíonn tríd a scéal ar fad, ó thús deireadh. Tugann muid faoi deara, gur mhinic a thug sé aghaidh ar an bhFear thuas, tráth raibh sé i gcruachás, agus chomh maith le sin, gur fhill se air le buiochas a ghabhail leis i ndiaidh do an chraobh a bhaint. Is docha nach ga dom tagairt a dheanamh anseo don ocht mbonn oir deag a bhuaigh se sna Paralimpeacha, no don cheithre Chraobh Domhanda deag a ghnothaigh se sna Cluichi ceanna sin. no ni ga ach oiread tagairt a dheanamh do na Coirn no do na Comortaisi a bhuaigh se lena chuid amhranaiochta o cheann ceann an domhain. Sea, mh’anam, ta Ronan molta agus mise i mo thost.

An-leabhar, an-leamh, e corraitheach, comharsanuil, cuideachtuil, carthannach. B’fhiu go maith do dhuine ar bith e a leamh.

     .

.

.

en_USEnglish