I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

STAIRWAYS TO HEAVEN……………..Céadchló……………….2010

By

Lorna Byrne……………………………………………………£14.99

.

In search of Angels

Scríobh mé píosa sa cholún seo, tamall de sheachtainí ó shoin, faoi Angels in my Hair, an chéad leabhar ón údar, Lorna Byrne, agus seo mar a chuir me críoch leis an bpíosa sin…..

Ar an ‘Late Late Show’

Ní gá a rá, go raibh Lorna fhéin mar aoi ar an ‘Late Late Show’ ar an Aoine, an 17ú Meán Fómhair na bliana 2010, agus go ndeachaigh sí i gcion go mór ar a lucht féachana. Bhí a dáiríreacht, a macántacht, agus a hinchreidteacht, le feiceáil go soiléir trína raibh le rá aici. Sea, agus tá beartaithe agam anois, an leabhar is déanaí uaithi, a lorg is a léamh gan aon ró-mhoill, agus is féidir leat a bheith cinnte, go mbeidh cuntas faoi le léamh agat sa cholún seo, chomh luath is a bheidh sé léite agam.

Ní call dom a rá, go bhfuair mé, agus gur léigh mé, an dara leabhar sin, “Stairways to Heaven”, agus bíodh go bhfuil a súil dírithe aici ar an saol ainglí, bunús an ama, éirionn lei freisin, cuid mhaith dá scéal fhéin a ríomh dúinn. Déanann sí cur síos ar bhás a céile, Joe, ar thógáil a clainne, agus ar athrú ó Mhá Nuad go Baile Eoin i gContae Chill Chainnigh. Tríd an ngnó sin uilig, is soiléir nach raibh fáil ag Lorna ar aon ghreim den arán saor. Le cruatan agus le hanró a shaothraigh sí a beatha, agus fiú, níor ró-éasca an rud é, bail eicínt a chur ar an teach a tugadh di, mar bhronntanas, thíos i mBaile Eoin, bíodh go raibh an nead tréigthe ag na páistí ba shine faoin am sin, agus nach raibh fanta aici ach an duine ab óige den ál. Ba dhian a chuaigh bás a céile i gcion uirthi, bíodh go raibh fios faighte aici ó na hAingil, blianta fada roimhe sin, gur mar sin a tharlódh. Tá sin uilig go breá, agus cuireann sí síos go seoigh ar na cúrsaí sin uilig, ach mhothaigh mé difir mhór idir an dara leabhar seo agus an chéad cheann, sa mhéid go dtugtar tuilleadh eolais dúinn faoi ghnó, faoi shaghasanna, faoi mhéad, faoi shaol, agus faoi shaothar na n-aingeal.

In communication with Angels….

Anois, chomh fada is a bhain sé leis an údar fhéin, bhíodh sise i dteangmháil leis na haingil ón gcliabhán i leith, agus dhealródh sé, go raibh ar a cumas cumarsáid a dhéanamh leo, trí labhairt leo, nó go tostach. Chuir sé ionadh orm freisin chomh flúirseach is a thagadh na créatúir neamhaí sin chuici, ar ócáidí áirithe. Anois, breathnaigh ar an ráiteas sin arís. Creidim fhéin go mbíonn fáil ar na haingil, sa séipéal, le linn an Aifrinn, ach go háirithe. Cé mhéad díobh a bhíonn ar an bhfód d’ócáid mar sin? Níl a fhios agam, ach d’fhéadfadh an ceart a bheith ag an údar. Rud eile a chuir ionadh orm ba ea na hAingil Náisiúnta, agus iad feistithe in arm is in éide, sea agus iad breá, scafánta, láidir, téagartha, freisin. Caithfidh mé a rá, nár chuala mé fhéin tada faoi aingil dá leithéid riamh cheana. Sea, agus céard faoi na “American Gathering Angels”? Aingil a chaitheann a ndúthracht ag dul timpeall ag bailiú daoine agus á seoladh chuig na Stáit Aontaithe, nó tá plean diamhair eicínt ag Dia fhéin do na daoine bailithe sin. Níl mé cinnte go bhféadfainn fhéin an méid sin a thuiscint, ach faoi mar aduirt an Bard fhéin fadó…

“There are more things in heaven and earth, Horatio,

Than are dreamt of in your philosophy.”

Reincarnation

Chuir cupla rud eile sa leabhar seo, Stairways to Heaven, ionadh orm freisin. Céard faoi athionchollú? Féach mar a chuireann an t-údar é…

“Sometimes, God chooses to reincarnate a soul to right wrongs, to create hope or to build trust, to help to create a better world for mankind.”

Caithfidh mé a admháil go mbeadh sé deacair agam fhéin glacadh le tairiscint dá leithéid.

Ach taobh amuigh de na cúrsaí sin ar fad, tugann an t-údar tuilleadh eolais dúinn faoi na cineálacha aingeal atá ann. Cuireann sí síos ar Ancestral Angels, sin aingil a dhéanann cúram de theaghlaigh faoi leith. Tá na Prayer Angels ann, lenár bpaidreacha a thabhairt i láthair Dé, agus tá freisin, na Teaching Angels, agus na Healing Angels. Ach, má tá an oiread sin aingil sa timpeall, tuige nach féidir linn iad a fheiceáil? Bhail! Nach bhfuil fial ceilte idir an dá shaol, idir an saol thall agus an saol abhus, fial a chuireann cosc orainn spléachadh a fháil ar an saol úd thall, ach sin ráite, nílim á rá nach féidir le Dia fhéin an fial sin a ardú, lena cur ar chumas daoine áirithe radharc a fháil ar a bhfuil ar an dtaobh eile den bhfial diamhair sin.

Soul travel!

Tharlaíonn corruair sa leabhar freisin, go n-éiríonn leis an údar, turasanna anama a thabhairt, sé sin, go bhfanann a corp mar a bhfuil sé, agus go n-imíonn an t-anam fhéin, ar thuras neamhaí. Feiceann muid an cineál céanna ruda ag tarlú nuair a d’imigh sí chuig áit a raibh Oilithreacht Muslamach bailithe, agus iad ag guí, ar láthair choisricthe. Bhí na hAingil ansin freisin, agus na Prayer Angels, ach go háirithe, agus iad gnóthach ag iompar guíonna na ndaoine sin go Cúirt an Rí. Dá mbeadh an spás agam, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do roinnt áirithe rudaí eile. Rudaí ar nós:- An gasúr a raibh Aingeal ag cónaí ina anam; agus an tráth a raibh sí i gCúirt Dé, nuair a mhol Dia di, gan aon eagla a bheith uirthi; Sea, agus céard faoi na Glowing Babies? Agus an fear meicniúil, nach raibh ach cuid an-bheag dá anam, nó dá dhaonnacht fágtha aige. Cuireadh an fhís sin os a comhair, dár lei, le rabhadh a thabhairt don chine s’againne gan dul ró-fhada ar bhóthar úd na mídhaonnachta nó na tástála.

Food for Thought

Níl dabht ar domhan ach gur chuir an t-údar seo neart ábhar machtnaimh os ár gcomhair amach, sa leabhar seo. Caithfidh mé a rá, gur thaitin liom ar léigh mé ann, agus go leagann an t-údar féidireachtai doshamhlaithe os ár gcomhair amach, agus nach fearrde sinn uilig tamall a chaitheamh ag scrúdú a leagann Lorna os ár gcomhair amach?

Tá mé ag ceapadh, nach bhfuil an focal deiridh cloiste againn ón údar neamhghnách seo, agus mar sin, is fada liom uaim a céad leabhar eile.

.

.

.

en_USEnglish