T i t i m n a h O í c h e ?

***********************

…. A r m a g a d a n ….

.

Thíos sa Smugairle Róin, a bhí mé fhéin is mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, an oíche cheana, muid ar ár sáimhín só, agus ag iarraidh fadhbanna casta an tsaoil mhóir seo a scaoileadh, nuair a thóg mo Shéimí breá cruacheist doscaoilte, agus chaith idir an dá shúil chugam é.

“Nóiméad amháin”, arsa mé fhéin, “nár chuala tú riamh é ráite i measc daoine, gur túisce deoch ná scéal? Bhuel, fóill ort nóiméad amháin, mar sin, go n-iarrfaidh mé ar ár seanchara ‘Tóin Mhór’ fhéin, braoinín den stuif chrua a leagan os ár gcomhair amach, braoinín a bheidh mar spreagadh againn, agus muid ag dul i mbun na ceiste sin”

Ba ghearr an mhoill ar ghiolla an leanna na deochanna a leagan ar an mboirdín beag sin a bhí eadrainn, istigh i gCailleach (Snug) an Smugairle Róin. Thóg Séimí cóir a ghloine fhéin, d’ardaigh go hómósach idir é fhein agus an solas é, scrúdaigh go fuarchúiseach, ealaíonta é, agus ansin, chuir chun a bhéil é, agus bhain smeachán as, d’ísligh an gloine ansin, go mall, cúramach, chun an bhoird arís. D’aithneofá ar a aghaidh, go raibh sé thar a bheith sásta lenar bhlais sé.

“Bhuel,” ar seisean “an gceapann tú go bhfuil ‘Lá Philip a’ Chleite’ buailte linn?”

“Go bhfóire Dia na Glóire orainn uilig,” arsa mé fhéin, ach céard a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin thú, a chara na gcarad?”

“Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, tá an scéal scanraitheach sin á scríobh thall is abhus dúinn, ag méar Dé fhéin, le tamall de bhlianta anuas anois.”

“Tá faitíos orm, nár léigh mé fhéin tada dá leithéid ar Chlár Dubh na Cruinne, go fóill, ach go háirithe.”

“Cá raibh tusa aimsir na súl? Nach bhfuil sé le léamh agat i scéalta móra an domhain seo, ó ló go ló, agus ó sheachtain go seachtain, agus ó cheann ceann na bliana.”

“B’fhéidir, a Shéimí, go n-inseofá dom, cad é go díreach, an scéal atá le léamh agat chomh rialta, soiléir sin.”

“Déanfaidh mé sin, cinnte. Nach léann tú na nuachtáin, agus nach mbreathnaíonn tú ar an teilifís, gan trácht in aon chor ar éisteacht leis an raidió, agus nach bhfuil an scéal céanna sin le léamh, agus le clos, ó éirí go dul faoi na gréine, chuile lá, go bhfuil muid ag druidim i dtreo Armagadan. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil Báire na Fola chugainn ar luas.”

“Cogadh atá i gceist agat, mar sin, an ea?

“Cogadh, cinnte, ach cogadh níos measa ná aon chogadh a troideadh ó thús an tsaoil go nuige seo. Breathnaigh ar a bhfuil ar siúl sa díthreabh, thart ar Mhurascaill na Peirse, na laethe seo? Amuigh anisn ar an gcúlráid, folaithe ó shuile fiosracha daonna, tá na Stáit Aontaithe, agus a gComhghuallaithe, ag tionól agus ag tiomsú arm ollmhór, le cogadh díothaitheach a chur ar an Iaráic, mar chuid dá gclár, le Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta a dhíothú. Ní gnáth-shaighdiúirí, nó gnáth-airm, atá a mbailiú acu, amuigh ansin ar an gcúlráid, sna gainimhligh thart ar Mhurascaill úd na Peirse. Ní hea mh’anam, ach saighdiúirí stóinsithe, seantriailte, righne, agus airm nua-aimseartha, nimhneacha, mallaithe, agus nuair a bheidh an slógadh agus an tiomsú uilig críochnaithe, beidh ansin, fórsa millteanach, do-bhuailte, agus fórsa nach bhfacthas a leithéid ar thalamh an domhain seo, cheana riamh.”

“Ach a Shéimí, nach bhfuil chuile sheans ann anois, nach mbeidh orthu piléar amháin fiú, a scaoileadh i bhfeirg, nó de réir mar a thuigtear do na saineolaithe, tuigfidh Saddam go bhfuil a chaiscín meilte, agus géillfidh sé, sula mbeidh gá le cogaíocht ar bith i gcoinne na hIaráice.”

“Tá súil agam go bhfuil an ceart agat, ach caithfear a chur san áireamh anois, go bhfuil an t-arm ollmhór sin tógtha ag Meiriceá trasna an domhain, agus slógtha ansin, i ngaineamhlach Mhurascaill na Peirse, agus thuigfeadh duine ar bith, nach ar mhaithe le caisleáin ghainimhe a thógáil, a seoladh chun na háite iargúlta sin, a chéaduair iad, agus dá bharr sin, tá chuile chosúlacht ar an scéal, go mbeidh ina chogadh fuilteach, fíochmhar, ansin, sára fada. Agus má tharlaíonn an cogadh sin, is féidir linn a bheith cinnte, go mbainfidh an dá thaobh leas as chuile bhuntáiste airm atá ar fáil dóibh, ar mhaithe lena namhaid a scrios is a dhíothú. Má tharlaíonn a leithéid, bhuel, ansin beidh Lá Armagadain buailte linn, nó d’fhéadfadh sé, go mbainfeadh an dá thaobh úsáid as airm do-luaite, agus go leathfadh nimh agus fíoch na cogaíochta sin ó cheann ceann na cruinne, nó má bhaintear an claibín den bhuidéal, ní bheidh éinne ábalta srian a chur ar dhiabhail ollscriosacha Armagadain.”

.

M a c a n B h a c a i g h !

.

“Ach a chara na gcarad, níor chóir do dhuine ar bith na nithe sin faoi Armagadan a lua, fiú, nó nach mbíodh seanfhocal againn fadó…

‘Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat.’

Nach é an scéal céanna é i gcás na cogaíochta sin, sa Mheán Oirthear. Ach le casadh ar cheirtlín eile ar fad, cad é do thuairim” a Shéimí, “faoi riail agus reacht i dtír seo na hÉireann, i láthair na huaire seo?”

“Is beag nach bhféadfá a rá, nach bhfuil ceachtar den dá earra sin le fáil in ár measc, faoi láthair. Breathnaigh ar an chaoi a bhfuil gasúir, faoi cheithre bliana déag d’aois, imithe fiáin, i mbailte agus i gcathracha, ó cheann ceann na tíre seo. Gasúir á dtógáil os comhair ár gcúirteanna, agus iad á scaoileadh amach ar na sráideanna arís, toisc nach bhfuil priosún ar bith sa tír, a bheadh oiriúnach len iad a choinneáil ann, bíodh go bhfuil siad tar éis bheith os comhair na gcúirteanna céanna go mion minic cheana. Agus i gcás na ndaoine fásta, tá cosúlacht ar an scéal anois, go bhfuil muid ag cur fúinn i, Dodge City, nó i Chicago, le linn ré an Iarthair Fhiáin. Ní chuireann sé ionadh ar éinne, sa lá atá inniu ann, nuair a théann gunnadóir isteach i dteach ósta, púicín air, gunna ina láimh leis, siúlann suas chuig duine eicínt istigh ansin, agus díríonn a ghunna, agus scaoileann é, faoi mar ba mhadra, nó nathair nimhe é. Sea, a chara, tá an tír seo imithe chun an donais ar fad, le roinnt bheag blianta anuas.”

“Agus, a Sheimí, an gceapann tú go bhfuil leigheas ar bith ar an scéal seo, nó an féidir linn an claibín a chur ar ais ar an mbuidéal arís?”

“Tá faitíos orm, go bhfuil sé ag éirí níos deacra, agus níos deacra, in aghaidh an lae, an claibín céanna sin a chur ar ais ar an mbuidéal, gníomh a thabharfadh deis dúinn, mar phobal, smacht eicínt a fháil ar ais ar chúrsaí, in Oileán seo na Naomh is na nOllamh. Ach ag an am gcéanna, ní bheinn gan dóchas, amach is amuigh, nó má bhreathnaíonn tú ar an teorainn luais sin, atá i mbéal gach éinne, na laethe seo, toisc gur shocraigh an Rialtas ar phhoinntí pionóis a ghearradh ar éinne a bhrisfeadh na teorainneacha céanna sin, feasta. Bhuel, thar oíche, thosaigh tiománaithe ag géilleadh do na teorainneacha luais chéanna sin, áit nach mbíodh meas an mhadra acu orthu roimhe sin. Anois, dá dtosódh an Rialtas ar pholasaí an “Zero Tolerance” úd, a tosaíodh i Nua Eabhrac, roinnt blianta ó shoin, déarfainn, go bhféadfadh siad smacht eicínt a chur i bhfeidhm sa tír seo arís.”

“Ach, a Shéimí, nach bhfuil a fhios agatsa, faoi mar atá a fhios agamsa, go bhfuil daoine ann, agus cuma sa tsioc cad a dhéanfaidh tú, brisfidh siadsan an dlí, nó tá sé de dhlúth is d’inneach iontu, sin a dhéanamh, sea, agus d’fhoghlaim siad an dearcadh sin óna dtuismitheoirí agus ón dream a tháinig rompu, den chuid is mó. Conas is féidir le “Zero Tolerance” deighleáil le daoine dá leitheid. Bainfidh siadsan leas as chuile chleas a d’fhoghlaim siad riamh, le buntáiste a bhreith ar an bpobal, agus ar an dlí freisin.”

“Tagaim leat sa mhéid sin, tá daoine dá leithéid ann, ach ar ámharaí an tsaoil, níl an oiread sin díobh ann, agus d’fhéadfadh an Stát díriú orthu siúd, ar bhealach speisialta.”

“Conas a d’fhéadfaidís tabhairt fúthusan, nó is dream iad, nach bhfuil meas ar bith acu ar riail nó ar reacht, ar Dhia no ar dheamhan. Ní thuigeann na daoaine sin tada ach neart, agus ní théann tada i bhfeidhm orthu, ach buillí. Bronnann neart ceart, chomh fada is a bhaineann sé leosan, agus má tá siad láidir a ndóthain le seilbh a ghlacadh ar do mhaoinse, bronnann an neart sin únéireacht na maoine sin orthu. Conas is féidir leis an Stát s’againne dul i gcoinn ar dhaoine dá leithéid, mar sin?”

“Glacaim leis gur leag tú do mhéar ar an bhfadhb ansin, ach ag an am gcéanna níl cumas na sibhialtachta ídithe againn fós, mar adúirt Príomh Aire Shasana tráth, agus nach bhfuil seanfhocal againn fhéin sa Ghaeilge adeir, gur “Fonn a dhéanann Fiach”, sé sin, má theastaíonn uainn é a dhéanamh, déanfaimid é.”

“Ach, níor éirigh linn na daoine sin a chur faoi smacht an Stáit fós, nach bhfuil sé ag éirí beagáinín déanach sa lá le bheith ag smaoineamh ar phleananna chuige sin anois?”

“Bheadh an ceart agat, gan dabht, mura bhfuil plean nua againn le sin a bhaint amach.”

“Agus an gceapann tú, i ndáiríre, go bhfuil a leithéid de phlean ann?”

“Cheapfainn go bhfuil, agus plean réasúnta simplí freisin. Níl ach slí amháin againn as an bhfadhb ina bhfuil muid sáinnithe, ag an nóiméad seo, agus sin na coirpigh sin uilig a imtheorainniú, agus ansin, iarracht ollmhór a dhéanamh ar a bhfrithshóisialtacht a leigheas.”

“Ach, conas a d’fhéadfá na coirpigh doleigheasta sin a roghnú, má sea?”

“Bheadh orainn sin a fhágáil faoi cheannforit an Gharda Síochána. Ach ar aon nós, thaharfadh sé deis do dhaoine siúl ar shráideanna a mbailte, agus a gcathracha fhéin, arís, gan faitíos, gan eagla, gan bhaol. Agus rud amháin eile, dealraíonn sé go bhfuil fhios ag madraí an bhaile fiú, cé hiad na coirpigh chéanna sin, agus cá bhfuil cónaí orthu, agus cé tá ag obair dóibh, freisin, ach is é an cheataí atá sa scéal nó nach féidir leis an nGarda Síochána fianaise a bhailiú, le cúis inchreidte ina gcoinne a leagan os comhair Cúirte, toisc go bhfuil faitíos ar dhaoine scéitheadh orthu, ar eagla a mbasctha.”

**********************************

.

D o f h e i c t h e !

B’fhéidir gur chuimhin libh, gur scríobh mé in alt anseo, tamall ó shoin anois, go n-éiríonn seandaoine dofheicthe! Saineolaí croí ó Mheiriceá, fear a bhí mar dhalta agam fhéin, blianta fada ó shoin, a chuir sin ar mo shúile dhom, anuraidh. Chomh luaath is a éiríonn tú as obair, a chara, ar seisean, téann tú as amharc, diaidh ar ndiaidh, go dtí sa deireadh, bíonn tú dofheicthe, chomh fada is a bhaineann sé leis an bpobal thart ort. Anois, níl dabht ar bith ach go raibh an ceart ar fad ag an saineolaí cliste sin, nó ta sé tughta faoi deara agam fhéin freisin. Ach, an tseachtain seo, ina Alt nua, ar an Sunday Independent, rinne Gay Byrne tagairt don bhfírinne chéanna sin. B’fhéidir gur mhaith leat an rud adúirt Gay a athléamh. Agus os ag tagairt don cholún céanna mé, caithfidh mé a rá, gur thaitin an cineál dialainne, atá idir chamáin aige, go mór liom. Ach seo an rud a bhí i gceist agam thuas…

“We were not invited to the Irish premiere of Gangs of New York. Everybody else in the world was. When I was a major star of stage, screen and raidio-cabs, we were invited to every such bunfest under the sun. For the most part, I regarded them as rather irksome additions to an already overcrowded schedule. Now I have all the time in the world, and we get invited nowhere. How quickly they forget…..”

Nach ‘in é díreach é! Cheana féin tá Curadh mór na Teilifíse fhéin, ag dul as radharc, agus mar a fheiceann tú, thug sé fhéin faoi deara é. Gay! níl ansin ach an tús, geallaimse dhuit ú! Anois, níl Gay chomh dona sin ar fad fós, nó tá ag éirí leis a ainm a choinneáil os chomhair an phobail, trí chláracha teilifíse, agus anois trí cholún ar Nuachtán Domhnaigh, ach, smaoinigh ar na daoine nach bhfuil na buntáistí sin acu, agus iad ag seoladh leo anonn sna blianta….

Dofheicthe, a chara, dofheicthe….dofheic….

Sea, mh’anam, tá sé thar a bheith deacair t’ainm, nó t’aghaidh, a choinneáil i mBéal an Phobail, tar eis d’ualach na mblianta tú a shá chomh híseal sin i dtalamh, gur beag má tá tú infheicthe, a thuilleadh. Ó! Bhuel!, Nach ‘in an “Human Condition” agat, a mhac!!!

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

en_USEnglish