I mBéal an Phobail

(This week, I mBéal an Phobail casts a critical eye on certain policies that might be changed, going forward!)

Peadar Bairéad

Bus eile chugainn, ar ball !

Is dócha gur chuala chuile dhuine againn, agus fiú madraí an bhaile fhéin, go bhfuil cead tugtha dóibh fhéin feasta, ag ár nAirí Rialtais, leas a bhaint as na Lánaí Bus, agus iad ag taisteal ina mótair mhóra, ar ár sráideanna, rud a léiríonn don ghnáthshaoránach, nach gnáthshaoránaigh iad na hAirí Rialtais chéanna sin, as seo amach. Táid na hAirí céanna sin den tuairim anois, go bhfuilid céim níos airde ná an gnáthshaoránach. Cé dúirt leo go mbeadh vótóirí na tíre seo sásta an ceart sin a bhronnadh orthu? Is dócha gur tuigeadh dóibh, go raibh siad ag labhairt thar ár gceann, sa chás seo, agus go raibh siad beag beann ar mhogaill an dlí. Chuile sheans anois, nach mbeadh na vótóirí sásta a leithéid de cheart a bhronnadh orthu, nó más uathu rialacha cearta tráchta a dhréachtú agus a rith, bhuel, ansin, nár chóir dóibh úsáid a bhaint as na sráideanna sin, cosúil le chuile ghluasteánaí eile, ionas go bhfeicfeadh siad na fadhbanna atá le scaoileadh, agus na rialacha ar chóir dóibh a rith, leis na deacrachtaí céanna sin a shárú. Níor cheart caoirigh a dhéanamh de dhream amháin, fad is a ghlactar leis nach bhfuil sa chuid eile againn ach gabhair mheigeallacha!

Ar mo Chapall Maide dhom

Agus ó tharla anois mé ag marcaíocht thar na claíocha ar mo chapall maide, táim den tuairim freisin, nár chóir lab mór airgid a thabhairt dár dTeachtaí, nó dár nAirí, ach oiread, mar phá, nó mar phinsean, feasta. Anois, ná ceap nach mbeinn sásta Cothrom na Féinne a thabhairt dóibhsean, chomh maith le duine, ach níor chóir dul thar fóir leis. Ba chóir an teacht isteach a bhíonn ag a leithéidí i dtíortha eile a iniúchadh, agus ansin, ag cur chuile shórt san áireamh, ba chóir teacht ar phá cothrom don phost. Anois, déarfadh duine, b’fhéidir, go bhfuil costaisí troma, neamhghnácha, le glanadh ag na Teachtaí agus ag na hAirí, agus sa chás sin, d’fhéadfaí an cleas céanna sin a imirt athuair, agus breathnú ar na costaisí a íoctar dá gcomhleacaithe i dtíortha eile, agus ansin arís, ag cur chuile shórt san áireamh, d’fhéadfaí teacht ar liúntais réasúnta flaithiúla a bhronnadh orthu dá gcostaisí freisin. Is é tá á rá agam anseo nó gur chóir críoch a chur leis na labanna móra airgid a bhronntar orthu i láthair na huaire seo, bíodh go bhfuil tús curtha ag ár Rialtas reatha, cheana féin, le srian eicínt a chur ar stail fhiáin a gcostaisí agus a bpá, ach tá an oiread sin de na liúntaisí ann, agus roinnt acu ag dul thar fóir, go dtógfaidh sé tamall maith le laincis a chur ar a mbunús, fiú. Agus, ó tharla go bhfuil an píosa seo á chur i dtoll a chéile agam seachtain roimh lá an Bhuiséid, beidh sé spéisiúil a fháil amach ansin, cé chomh díograiseach is a bheidh an Rialtas, agus iad ag dul i mbun na hoibre céanna sin. Beidh sé spéisiúil freisin, féachaint an mbeidh siad ag druidim i dtreo teorainn a chur le leibhéal an teacht isteach a íocfar leo siúd a chaitheann a laethe i mbun seirbhís an Stáit. Sea, agus mo dhearmad! Céard faoi na pinsin fhlaithiúla a íoctar le seirbhisigh seo an Stáit? Sea, agus sin á n-íoc doibh, cuma cén cineál seirbhíse a chuireadar ar fáil dó. Sea, agus céard faoi na labanna airgid a thugtar mar shíntiús láimhe dóibh, ar dhul ar scor dóibh? Ó! lig dom! Caithfear tamall maith a chaitheamh ag iarraidh na giorraithe seo uilig a chur sa phóna! Ach, beidh muid sásta má fheiceann muid iad ag cur tús fhéin, fiú, leis an ngnó riachtanach sin.

Sinne agus an Vatacáin

Agus ó tharla ag clamhsán mé, céard faoi chaidreamh taidhleoireachta eadrainn fhéin is an Vatacáin a athnuachan? Nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fiú, nár theastaigh ó bhunús phobal na tíre seo, an caidreamh céanna sin a bhriseadh? Scríobh mé anseo cheana faoi bheart úd an Rialtais, nuair a dhún siad ár nAmbasáid ghradamach sa Roimh, agus bhí mé den tuairim ansin, nár luigh an beart céanna sin le réasún, toisc nach raibh cúis sách trom againn in aghaidh iompar na Vatacáine i leith neamhspleáchas nó dlíthe an Stáit seo. Cuireadh ceisteanna orthu. Thugadar freagra ar na ceisteanna céanna sin, agus bíodh gur cheap a lán go mba fhreagraí sásúla iad, ba é céad rud eile a tharla nó gur dúnadh ár nAmbasáid sa tSuí Naofa. B’fhéidir anois go bhfuil an t-am tagtha le hathchuairt a thabhairt ar an gcinneadh sin. Agus le tine a lasadh faoi’n mbeart sin, nár chóir a chur san áireamh go bhfuil Ceiliúradh cheithre scór le déanamh, an bhliain seo chugainn, ar Chomhairle Eochairisteach na bliana 1932, agus nach dtugann sin deis faoi leith ag an Rialtas an claí dioplómaitiúil sin a dheisiú, agus cuireadh speisialta a thabhairt don Phápa fhéin teacht ar chuairt oifigiúil chun an Stáit seo, i rith an Cheiliúrtha sin? Ní gá a thuilleadh a rá faoin ábhar conspóideach sin, nó ní tráth cainte é feasta, ach tráth gnímh.

B’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam don turas seo!

en_USEnglish