Arbh fhiu an Tairbhe an Trioblóid?

(This week we take a look at the vision of the “Éirí Amach” people)

Ceist ?

Nach minic a fhiafraítear, arbh fhiú an tairbe an trioblóid? Chuala mé an cheist sin á cur, ar na mallaibh, i gcás Éirí Amach na Cásca, 1916. Leis an gceist sin a shoiléiriú, agus a chur ar bhealach intuigthe, is é atá i gceist nó ar díoladh luach ró-ard ar an saoirse a baineadh amach don tír seo, trí chogaíocht agus tríú chruatan thar bhlianta fada léanmhara. Is dócha gur chóir dúinn uilig an cheist sin a chur orainn fhéin agus muid ag druidim go formhothaithe, do-stoptha, i dtreo chomóradh céad an Éirí Amach chéanna sin.

Advantages and Disadvantages

Leis an gceist sin a fhreagairt go macánta, ba chóir dúinn breathnú ar na buntáistí, agus ar na míbhuntáistí a baineadh as an saoirse sin a saothraíodh dúinn Ar éirigh leis na daoine sin, a bhfís a chur i gcrích? Leis an gceist sin a fhreagairt, ba chóir dúinn breathnú ar an bhfís, le fáil amach, cén cineál físe a spreag chun gnímh iad. Is dócha go bhféadfá a rá gurbh í an tsaoirse fhéin bun agus barr a bhfíse, nó gan an saoirse chéanna sin, tuigeadh dóibh, nach mbeadh ar a gcumas aon dul chun cinn mar chine a dhéanamh. Bheadh fíoradh a bhfíse doshroiste, agus gan ann feasta ach aisling gan rath. Ar éirigh leo an tsaoirse sin a bhaint amach? D’fhéadfá a mhaíomh gur dhein, bíodh gur fágadh cuid den tír mar a bhí. Tuigeadh do lucht an Éirí Amach go mbeadh siad ar mhuin na muice ach fáil réidh leis na Sasanaigh. Dá n-éireodh leo sin a dhéanamh bheadh tír na bhfuíoll curtha ar fáil acu, mar bheadh ar a gcumas tál ar a muintir fhéin gan bacaint feasta le forlámhas na nAllúrach. D’éirigh leo sin a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta. Ach i ndeireadh na dála, cailleadh roinnt áirithe den neamhspleáchas céanna sin, agus faoi láthair, tá muid faoi smacht lucht an airgid arís, nó tá ár saoirse eacnamaíochta caillte againn. Ach sin uilig ráite, admhaithe, beidh saoirse againn fós trí hobair chrua na muintire s’againne, mar beidh ar ár gcumas fáil amach as an scraith ghlugair seo ina bhfuilmuid gafa. Sea, tá fís na saoirse céanna sin dár spreagadh chun tosaigh fós.

Athbheochan na Teanga

Sa dara cuid den bhfís, bhí sé d’aidhm ag lucht an Éirí Amach seanteanga na nGael a chur á labhairt inár measc arís. Tuigeadh dóibh, nárbh fhál go haer é a leithéid a thabhairt i gcrích, nó i ndáiríre, is dócha gur cheap siad nach mbeadh le déanamh acu ach tosú á múineadh sna scoileanna, agus i gcionn roinnt áirithe ama, bheadh Gaeilge ag chuile shaoránach, agus ansin chuirfeadh acht na Dála chuile dhuine ag Gaeilgeoireacht gan dua ar domhan! Cuireadh an teanga á múineadh sna scoileanna, agus ar ball, nuair a tuigeadh gur chóir go mbeadh Gaeilge ag chuile dhuine sa tír, cuireadh ar a súile dóibh, nárbh ionann an dá rud in aon chor. Bhí roinnt áirithe Gaeilge ag chuile dhuine, geall leis, ach níor leor sin le Gaeilge a athchur mar theanga labhartha i measc na ndaoine. B’fhéidir, i dtosach báire, nuair a tuigeadh go ndéanfadh na scoláirí óga an beart, b’fhéidir gurbh ansin a deineadh an botún, nó b’fhéidir gurbh é a theastaigh nó gnó na tíre, ó bhun go barr, a dhéanamh t Ghaeilge, agus gan a bheith ag brath ar na páistí lenár ngnó a dhéanamh dúinn, mar nach féidir ceann críonna a chur ar ghuaillí óga! Ach fillfidh mé ar an ábhar seo arís, i gcionn tamaill, le breathnú ar an gcineál sochaí a d’fhás as fís úd an Éirí Amach. Mar fhocal scoir, is dócha go bhféadfá a rá, gur beag duine sa tír adéarfadh, sa lá atá inniu ann, nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid.

.

en_USEnglish