Message

Peadar Bairéad

Teachtaireacht……le……..Colin Ryan

Céadchló…………2015…………..€8.00

Ionmholta malairt bhisigh

Ag breathnú ar an nóta ar chlúdach cúil an leabhair seo, léimid :-

Ionmholta malairt bhisigh, a dúirt an file fadó, agus an té a thabharfaidh faoin gcnuasach gearrscéalta seo ón Domhan Thíos, beidh siad ar aon intinn leis. Sa leabhar seo, an chéad chnuasach le Colin Ryan, cuirtear cor i nGaeilge na hÉireann lena chur in oiriúint do chúinsí na hAstráile…”

N’fheadar arbh é “Ionmholta malairt bhisigh”, nath le Eochaidh Óoghusa, file ón séú agus ón seachtú haois déag, an nath ab oiriúnaí le tús a chur le moladh dáiríreach a thabhairt don sárleabhar seo, nó caithfimid glacadh leis, gur athrú chun feabhais, i dteanga agus i leagan amach na scéalta atá le fáil againn idir chlúdaigh an chnuasaigh seo – atá i gceist ag an té a scríobh. Ní gá a rá, go bhfuil moladh mór ag dul don údar seo, a rugadh agus a tógadh san Astráil, áit a bhfuil a mhuintir lonnaithe ón 19ú haois i leith. Tá cónaí air anois i Melbourne, agus líontí dhátheangach thart air. Tá ceithre ghearrscéal déag sa bhailiúchán seo, agus b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é tosú le Message fhéin, scéal a thug a ainm don chnuasach ar fad.

Message.

Agus an Stothaire ag scuabadh an chlóis, chonaic sé an Coirnéal chuige.

“Déanfaidh sé lá breá, arsan Coirnéal…an rachaimid abhaile choíche?

D’imigh an Stothaire ag triall ar a bhricfeasta. “Ní raibh roimhe sa chistin ach beirt sheanstangairí a bhí chomh gioblach leis féin agus caróg de chailín a bhí ag meascadh na leitean. Roinn sí a gcuid orthu.

“Aon scéal nua?” adúirt an Stothaire. “Thit cuid den bhalla thoir aréir”, adúirt an Charóg.

Ara!” aduirt an Stothaire, “bhí sé ar forbhás riamh. Tá tathag fós sa chuid eile. Mairfidh an Daingean go deo.

Sin mar a chuireann an t-údar seo tús lena scéal, agus tugann muid faoi deara, go bhfuil foclóir faoi leith á úsáid ag an údar anseo. Breathnaigh ar na focail a úsáideann sé, focail ar nós…Stothaire, Caróg, scrathachán, forbhás, seanstangaire. Ag caint faoi sheanphríosún atá siad, an Coirnéal i gceannas, agus ba phríosúnaigh ann, tráth, an Stothaire agus an bheirt sheanstangaire, ach

Scaoileadh na cimigh saor leis an bpardún mór; d’imigh formhór na saighdiúirí leo ina gcótaí glasa agus a n-aghaidh ar chogaí mírathúla.”

Ach d’fhan an Stothaire agus roinnt daoine eile ann, ndeoin fhéin, nó ní thuigfidís siúd an saol amuigh, saol gan rialacha, gan smacht, gan orduithe.

Bhí an Coirnéal ag fanacht le Teachtaireacht a thabharfadh ordú dó an Daingean a dhúnadh, ach nuair a tháinig an Teachtaireacht, i ndeireadh na dála, a mhalairt ar fad de scéal a fuair sé, dúradh leis, go rabhthas, ar ordú an Impire, leis an áit a dheisiú agus a athchóiriú arís, faoi mar a bhíodh, agus go rabhthas le dhá reisimint a lonnú ann feasta. Ní raibh eolas ró-leathan ag an gCaróg ar chúrsaí an tsaoil, nó ba sa Daingean a rugadh agus a tógadh í, ach ina ainneoin sin, thug sí corr-gheábh isteadh i ngort an ghrá, bíodh nár ró-rómánsúil, nó ró-thorrthúil, iad na geábhanna céanna sin.

Sna scéalta eile gheobhaidh tú cur síos ar shaol difriúil, nó tá an t-údar ag iarraidh an Ghaeilge a aclú, agus a lúbadh, sa chaoi go mbeadh ar a cumas, feasta, deighleáil le saol an Domhan Thíos, ‘Down Under’, mar adéarfá, agus nach ionmholta é an chuspóir chéanna sin. Anois, caithfidh mé a admháil go raibh orm roinnt de na scéalta a léamh cupla uair, nó trí, le hadhmad eicínt a bhaint astu. Ach b’fhiú an tairbhe an trioblóid ar deireadh thiar.

Slánú

Breathnaímis ar cheann eile de na gearrscéalta atá le fáil sa leabhar seo.

Tógaimis an chéad scéal, ‘Slánú, agus anseo arís tá tagairt do dhaoine atá fágtha i bhforas, nó in institiúd oifigiúil eicínt. Is é an príomhcharachtar fhéin a insíonn a scéal dúinn. Tugann ‘an Ceannaire’ cuairt air lá….

“Bhuail an Ceannaire isteach ar a choiscéim.

Scaradh na gcompánach, a dúirt sé go croíúil.

B’fhíor dó. Sinn ag imeacht de réir a chéile. Daoine á n-aistriú, daoine á scor:….

“An bhfuil mórán fágtha anseo? a dúirt an Ceannaire.

Triúr, arsa mise. Martinu, Singh agus Blood.”

Ón méid sin, tuigtear dúinn go suíonn an t-údar a scéal i dtír iasachta, sa Domhan Thíos.

Ón bpointe sin, agus de réir a chéile, tugtar le fios dúinn go bhfuil easpa eicínt ar aigne an scéalaí. Glaoch fóin óna iníon agus faigheann sé amach gurb é Dearbhla is ainm di, agus go bhfuil sí i Queensland faoi láthair, agus í ar a bealach chuige. Seal ansin san Il Gelsomino, teach ósta, le deoch a fháil. Buaileann Gouros bleid air, fear nach bhfaca sé le fiche blian, fear a bhfuil feo na haoise ag teacht air. Cur síos ar na seanlaethe. Chuaigh abhaile. Brionglóid aige. Cailín chuige sa bhrionglóid sin, duine dá chlann fhéin, ach ansin deineadh brus de chuile shórt. Mearbhall intinne air. Faigheann muid amach go bhfuil triocha bliain caite aige san institiúd sin, rud a fhágann nach aon sicín lae é ag an am sin. Casann sé le Gouros arís san Il Gelsomino’. Iad cairdiúil. Deochanna. É ag titim ar gcúl ina chuid oibre, dár leis an gCeannaire. Ní mó ná sásta a bhí sé lena bhfaca sé sa scathán! agus de réir a chéile, feicimid é ag cúbadh chuige ón bpobal. É ag fáiltiú roimh a iníon, ach ansin arís, san Il Gelsomino’, agus é ag ól. Dúradh leis go raibh a sheanchara Gourossaithe leis na blianta. De réir a chéile éiríonn leis an údar é a chur i dtuiscint dúinn, gur duine ann fhéin é an scéalai sa scéal seo, Slánú,’ a bhfuil teipthe air fanacht i dteangmháil leis an saol réadach. Féach mar a chuireann sé tús leis an gcaibidil deiridh:-

“Tá na laethanta ag imeacht agus féasóg go com orm. Léim leabhair na Síne agus gearraim na roscrainn. ….”

Tá na scéalta eile uilig spéisiúil, an dosaen eile acu, ach bíonn ar an léitheoir a chion fhéin a danamh le taitneamh iomlán a bhaint astu.

Más spéis leat an gearrscéal, agus a fhorbairt, tá mé ag ceapadh, go mbainfidh tú taitneamh nach beag as an mbailiúchán seo le Colin Ryan.

en_USEnglish