Leabhar Neamhghnách

.

Peadar Bairéad

The Absolutist………………céadchló……………….2011

By

John Boyne……………………………………………….£12.99

.

Údar Éireannach

Leabhar eile againn anseo ó pheann líofa an údair Éireannaigh seo, John Boyne, an té úd a thug The Boy in the Striped Pyjamas dúinn, tamall de bhlianta ó shoin. Sea, agus nach cuimhin libh leabhar breá eile dá chuid, leabhar mór-ráchairte eile, ‘The House of Special Purpose’, leabhar a chuirfeadh a léitheoir faoi gheasa, le feabhas agus le hinchreidteacht na scéalaíochta ann. Ach ní chuige sin atá mé sa phíosa seo.

John Boyne a chuir an leabhar seo, The Absolutist, i dtoll a chéile. Anseo in Éirinn, i gcathair Bhaile Átha Cliath, a rugadh John, sa bhliain 1971, agus anseo a tógadh é freisin. Rinne sé staidéar ar Litríocht an Bhéarla, i gColáiste na Tríonóide, agus ar Scríobh Chruthaíoch, i gColáiste East Anglia, i Norwich Shasana. Foilsíodh ‘The Boy in the Striped Pyjamas’ sa bhliain 2006, agus bíodh gur scríobh sé an leabhar sin don aos óg, chuaigh sé i gcionn go mór ar chuile dhuine a léigh é, idir óg agus aosta, agus díoladh cúig mhilliún cóip den leabhar céanna sin, agus tá leabhair an údair seo aistrithe go thrí theanga is daichead. Ní beag ná suarach an teist é sin ar scríbhneoir ar bith! Ach, fillimis ar an scéal seo faoin Absolutist…..

Tristan Sadler

Tristan Sadler, atá ar an bpríomhcharactar san úrscéal seo, iarshaighdiúir, a rinne a chion féin sa chéad chogadh domhanda. I dtús an scéil seo, i Meán Fómhair na bliana 1919, faigheann muid an fear óg seo, Tristan, bliain is fiche d’aois, agus é ar bhord traenach, ar a bhealach go Norwich, le beart litreacha a sheachadhadh ar Marian Bancroft, deirfiúr do shaighdiúir a throid taobh leis sna trinsí, agus a lámhachadh ansin, toisc nach raibh sé sásta troid a dhéanamh i gcoinne na nGearmánach. Bhí saighdiúirí áirithe ann, nach raibh sásta troid a dhéanamh, ach a bhí sásta graithí eile, ar nós cócaireacht, nó gnó sínteánaí, a dhéanamh, ach, ní raibh Will Bancroft sásta tada dá leithéid a dhéanamh. Absolutists, a thugann an t-údar ar a leithéií. Dheintí a leithéid siúd a lámhachadh, an tráth úd.

Ar ball, téann an t-údar siar ar scéal na beirte sin, Will Bancroft agus Tristan Sadler, beirt a bhí á n-oiliúint ina saighdiúirí in Aldershot Shasana, i lár na bliana 1916. Chuir Tristan suim, agus dhá shuim, sa bhfear óg eile, agus dhealródh sé gur thit sé i ngrá leis ar an bpointe boise, nó geall leis, agus bíodh gur dhúisigh an t-uaigneas freagra eicínt, don ngrá sin, i gcroí Will, b’in a bhí ann, agus ón dtús sin, ní raibh i gcroí Will ach gnáth chairdeas do Tristan, agus chuireadh sé go fíochmhar i gcoinne iarrachtaí Tristan ar an dtine sin a adhaint athuair. Agus i ndeireadh na dála, nuair a bhíothas ag ullmhú le Will a lámhachadh, d’éirigh go fíochmhar idir an bheirt shaighdiúir óg sin, don uair dheiridh, agus ba é toradh a bhí ar an easaontas deiridh sin, nó gur thoiligh Tristan bheith mar bhall den mheitheal lámhaigh, a piocadh leis an ‘gcladhaire’ sin, Will Bancroft, a lámhachadh.

Cloch Mhuilinn anuas ar a Chroí

Tháinig Tristan slán ón gcogadh, agus ghlac le post ar an Whisby Press, agus anois, tá sé ar a bhealach go Norwich, le beart litreacha a sheachadadh ar Mharian Bancroft, beart de na litreacha a sheol Marian chuig a deartháir Will, tráth raibh sé ag troid sna trinsí, sa bhFrainc, sular lámhachadh é. Bhí cúis eile ag Tristan leis an dturas sin a dhéanamh freisin, nó bhí ar dhein sé dá chomhshaighdiúir Will ina chloch mhuilinn anuas ar a chroí, agus ba é ba lú a theastaigh uaidh anois, nó an rún sin a scaoileadh le Marian, ag súil, is dócha, le maithiúnas a fháil uaithise. Fuair sé deis le sin a dhéanamh, ach n’fheadar ar tugadh an maithiúnas sin dó?

Casadh ar a chéile Marian agus Tristan arís, trí scór bliain ina dhiaidh sin, agus fágfaidh mé fios fátha an scéil sin fút fhéin, nó sin mar a chuireann an t-údar críoch lena scéal faoi eachtraí a phríomhcharachtair, Tristan Sadler.

An-scéal ar fad anseo, faoi chogaíocht sna trinsí, faoi stair na ré sin, faoi chúrsaí grá a tharla a bheith leatromach, aontaobhach, agus faoi chruachás Tristan fhéin, agus e ag iomrascáil le treo agus le tarraingt a dhúchais, agus é ag iarraidh an dúchas sin a dheimhniú, i mbrú agus i mian a chroí istigh. Scéal truamhéileach, brónach, corraitheach, daonna, ach scéal a chorródh do chroí ag an am gcéanna. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú taitneamh as.

en_USEnglish