Litir faoi Shéala

Peadar Bairéad

.

The Sealed Letter…………..……………………………

by…………………………………………………………….

Emma Donoghue………………………………………..

.

Ní gá dhom an t-údar seo a chur in aithne dhaoibh, nach bhfuil a fhios go maith ag chuile dhuine againn gurbh í a scríobh an sár-leabhar úd, “Room”, tamall ó shoin, leabhar é a chuaigh i gcionn go mór ar léitheoirí an tsaoil mhóir, agus dá chomhartha sin, tá sé aistrithe cheana féin go dhá scór teanga eile, agus tá go leor duaiseanna gnóite aige, ó cuireadh i gcló é, sa bhliain 2010. Jack, a bhaist sí ar an bpríomhcharachtar sa leabhar sin, gasúr óg cúig bliana d’aois, gasúr nár leag spág taobh amuigh de bhallaí an tseomra úd, ó rugadh é, agus anois, tosaíonn sé ag cur ceistanna ar a Mham faoi chúrsaí an tsaoil mhóir taobh amuigh de bhallaí an tseomra. Trí shúile Jack a cuireadh an sár-scéal sin inár láthair. In Éirinn a rugadh an t-údar seo, sa bhliain 1969. Bhain sí Céim Dochtúireachta amach i Sasana, agus tá cónaí uirthi anois i gCeanada.

Carachtair inchreidte

Ach, ní chuige sin uilig atá mé, an babhta seo, nó ní air a tharraing mé an scéal, ach ar an leabhar nua seo, The Sealed Letter, leis an údar céanna sin, Emma Donoghue. cuid mhaith den leabhar seo bunaithe ar tharluithe stairiúla, ach ag an am gcéanna, cruthaíonn an t-údar seo carachtair shuimiúla, inchreidte, leis an scéal a chur inár láthair. Casann an scéal thart ar Helen Codrington agus ar a cara dhílis, Emily Faithful, nó Fido, mar a thugtar uirthi, bunús an ama, sa scéal seo. Bean a bhí ite go dtí na cluasa i ngluaiseacht na mban i Sasana, ag an am, ba ea Fido. Phós Helen Harry Codrington, fear atá ina Vice-Admiral’ ag tús an scéil seo. Ach, blianta roimhe sin, ba dhlúthchairde iad Fido agus Helen, cairde chomh dlúth sin gur chónaigh Fido le muintir Codrington, bunús an ama, nó dhealródh sé, nach raibh an lánúin phósta sin ró-cheanúil ar a chéile, agus freisin, dhealródh sé, go mba chóngaraí an gaol a bhí idir na mná sin ná mar a bhí idir Harry agus Helen.

Scannal

Tar éis do mhuintir Codrington seal a chaitheamh i Malta, d’fhill siad ar an mBreatain arís, agus faoin am sin, ba bheag cion, nó meas, a bhí ag ceachtar den bheirt pósta sin ar a chéile, agus nuair a cuireadh ar a shúile don Vice-Admiral’, go raibh a bhean, Helen, ag fealladh air, agus go raibh leannán fir aice le blianta roimhe sin. Ní raibh leigheas ar an scéal sin,r le Harry, ach colscaradh a lorg, agus dár ndóigh, ba scannalach, amach agus amuigh, an socrú é sin, i Sasana, sa mbliain 1866. Ní gá a rá gur éirigh le Helen Fido a tharraing isteach sa scraith ghlugar sóisialta sin, ach trí chleas na litreach séalaithe, d’éirigh le Harry cor in aghaidh an chaim a thabhairt di, rud a chuir d’iachall ar Fido, iompó ar a seanchara dhílis Helen, rud a chinntigh gur tugadh cead colscartha don Vice-Admiral’, ach, ní gá a rá gur ghreamaigh cuid eicínt den láib díobh uilig, nó ba nós é an colscaradh nach raibh faiseanta i measc na ‘nuasal’, ag an am, ach bíodh nach raibh baint ró-mhór ag Fido leis an scéal, ba uirthi ba throime a luigh an milleán toisc nár sheas sí lena dlúthchara, agus chomh maith le sin, ba bhean í ar theastaigh uaithi stádas na mban sa sochaí a ardú, agus lena chois sin, ba bhean í, a bhí ag brath ar thacaíocht an phobail, le teacht i dtír mar ghnóthadóir mná, i ré úd na bhfear.

s uait fios fátha chuile scéil a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar corraitheach seo a fháil, is a léamh. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú toit agus taitneamh as.……………..

.

.

en_USEnglish