Thin Air..……by..……Michelle Paver

( Scéal é seo faoi bhuíon shibhteoir a thug faoi bharr shliabh Kangchunjunga a bhaint amach, sa bhliain 1935, ach buíon a raibh fórsaí an tsaoil mhóir ina gcoinne.)

Peadar Bairéad

Taibhseoireacht?

Tosaíonn an scéal seo i Darjeeling, i ‘West Bengal’, in Aibreán na bliana 1935, áit a bhfuil ár bpríomhcharactar agus ár scéalaí, An Dr. Steven Pearce, i gcomhrá le, Millicent, iníon Charles Tennant, sléibhteoir.

Ach i dtosach báire, cérbh í an t-údar, an Michelle Paver seo? Bhuel! fuair mé amach, go mba údar cáiliúil í a rugadh i Malawi, sa bhliain 1960. Ba Bheilgeach mná í a máthair, agus bhí a hathair i mbun an nuachtáin, ‘The Nyasaland Times’. Níor fhan sí i Malawi áfach, nó thug siad Sasana orthu fhéin nuair a bhí sí trí bliana d’aois. Chuaigh sí le Dlí, i dtosach baire, ach ar ball, chuaigh sí le Scríobhnóireacht, agus ba ghearr go raibh a hainm in airde mar údar cáiliúil. Ba dhraoi í i mbun scéalta don Aos Óg, ach ba ghearr gur éirigh lei dul i gcionn ar léitheoirí oilte, seanchleachta, an tsaoil mhóir freisin, agus anois, tá clú agus cáil bainte amach aici, i bhfad agus i ngearr, lena scil, go háirithe, i genre na Taibhseoireachta.

Buíon le Kangchenjunga a dhreapadh.

Ach le filleadh ar thús an scéil seo atá idir chamáin agam:- an Thin Airseo… Mar adúirt mé thuas, bhí an Dochtúir Steven Pearce i Darjeeling, áit a raibh socruithe aige buaileadh suas le sléibhteoirí eile, agus é de chuspóir acu Kangchenjunga a dhreapadh. Sin an tríú sliabh is airde ar domhan, agus lena chois sin, táid ann a cheapann, gurb é an ceann is deacra agus is contúirtí amuigh é. Níorbh iad an chéad bhuíon iad a thug faoi bharr an tsléibhe sin a bhaint amach, nó nár lean siad lorg an bhuíon sléibhteoirí úd a thug faoin éacht sin a dhéanamh, sa bhliain 1907, faoi cheannas Charles Lyell, buíon ar theip orthu binn Kangchenjunga a bhaint amach, agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa, cailleadar cúigear sléibhteoir sa iarracht sin. Suas go dtí an pointe sin, sa bhliain 1935, níor éirigh le dream ar bith sléibhteoirí barr an tslélibhe sin a bhaint amach. Bhí deartháir an Dochtúra Pearce sa bhuíon roghnaithe seo, agus Kits a bhí air. McLeellan, a bhí i gceannas na buíne, agus in éineacht leo sin, bhí beirt eile, Cotterell agus Garrard. Cúigear ar fad a bhí sa bhuíon.

Leis an ‘Heavy Lifting’ a dhéanamh.

Ní gá dhom a rá, go raibh buíon Cúlaithe (Coolies) mar chúltaca ag an mbuíon Sahib sin, le freastal orthu agus leis an ‘heavy lifting’ a dhéanamh dóibh.

Tar éis chuile ullmhúchán a dhéanamh, agus tar éis dóibh iad fhéin a ghléasadh mar ba chóir, bhuaileadar bóthar, bhuel! b’fhéidir gur chóra a rá gur thug siad aghaidh ar Kangchenjunga, agus é d’aidhm acu a mhullach a bhaint amach, rud a theip ar Charles Lyell a dhéanamh, ocht mbliana is fiche roimhe sin. Bhí go maith is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht na scéalta fadó. Le cabhair ó na dúchasaigh sciliúla, bhí ag éirí go maith leo, ar feadh tréimhse, ach diaidh ar ndiaidh, bhí fórsaí eile, seachas an aimsir, ag iarraidh laincís a chur ar an n-iarrachtaí. Cuir leis na fórsaí sin, bhí ag neadú in intinn an Dochtúra Pearce, ach go hairithe, agus in aigne na ndúchasach freisin, bhí rsa, a thug le tuiscint dóibh, go raibh taibhsí bhuíon Lyell in éad leo, agus iad ag iarraidh, b’fhéidir, buairín an amhrais a cheangal dá gcosa. Tá cuma ar an scéal gur luigh na fórsaí seo, go háirithe, ar aigne an Dochtúra Pearce, nó b’fhéidir go bhfeictear sin dúinn, toisc gurbh é an Dochtúir atá i mbun an scéil. Ach, ba é deireadh na mbeart é, nó gur cailleadh Kits, a dheartháir, agus gur éirigh an bhuíon ar fad as a dturas chun na binne. B’éigean dóibh géilleadh do na fórsaí a bhí ina gcoinne, an aimsir, an sioc, an sneachta, caoile an aeir, (an ‘Thin Air’) ach, thar aon rud eile, a bhfaitíos roimh chumhacht an tsaoil dofheicthe.

Scéal atá inchreidte, Ach…..

Scéal é seo a imríonn a dhraoícht fhéin ar an léitheoir, agus mo chuidse de, ba dheacair dom an leabhar seo a chur uaim, go dtí go raibh an deoir deiridh den scéal diúgtha agam. Ach, i ndeireadh na dála, nár dheacair a chreidiúint, nach raibh ann, i ndáiríre, ach cumadóireacht!

B’fhéidir gur mhaith leat fhéin tabhairt faoi? Tá mé ag ceapadh nach mbeidh a chathú ort.    

  

.

.

en_USEnglish