Timire an Chroí Ró-naofa

Peadar Bairéad

An Foilseachán Gaeilge is sine ar domhan?

Le tús a chur leis an bpíosa seo, ba chóir a admháil i dtosach báire nach aon sicín lae é an Iris Chaitliceach seo, an Timire, nó cuireadh i gcló é, a chéaduair, sa bhliain 1911, breis mhaith is céad bliain ó shoin anois, agus ó tharla go bhfuiltear ag ceiliúradh chuimhne céad Éirí Amach na Cásca, sa bhliain seo 1916, tugann muid faoi deara, go raibh an Timire á fhoilsiú le roinnt blianta roimh an am sin. Ní call dom a rá, gur chosúil gur shíolraigh an Iris seo ón Iris Chaitliceach eile sin, The Sacred Heart Messenger, nó ‘The Messenger’ faoi mar a thugtar uirthi, de ghnáth, nó nach é Timire an Ghaeilge ar Messenger? agus nach iad na hÍosánaigh atá i mbun an dá Iris cháiliúil sin? Tabhair faoi deara, gur foilsíodh an Messenger’ a chéaduair, in Eanair na bliana 1888, rud a fhágann nach aon bhunóc bliana a thuilleadh ise, ach oiread. Thart ar 9,000 léitheoir a bhí ag an Messenger’ ar dtús, agus faoi láthair, maítear go bhfuil thart ar 70,000 léitheoir aici, rud a fhágann gur bheag iris, idir Bhéarla nó Ghaeilge, a sháraíonn an díol sin!

‘The Messenger’.

Ar an Messenger’ a chuir mé fhéin aithne i dtosach, nó bhíodh an Iris bheag sin á díol sa Séipéal s’againne, chuile mhí, agus bhíodh an-ghlaoch uirthi, ag an am, agus ní call dom a rá, go gceannaíodh mo Mham cóip di, chuile bhabhta. B’in mar a chuir mé fhéin aithne ar an Iris sin, tráth nach raibh teacht againne, gasúir, ar aon rud i bhfoirm greannáin, nó Irisí, dírithe ar an óige, faoi mar atá coitianta sa lá atá inniu ann. Ar ball, nuair a chuir mé aithne ar an Timire, an Iris nua Chaitliceach i nGaeilge, ní call dom a rá, gur chuir mé dhá shuim ann, ó thús. ‘Sí an ceann a bhí os mo chomhair, agus an píosa seo á scríobh agam, ná Eagrán an Gheimhridh, 2015, agus ní call dom a rá, go raibh mé tar éis a leite, faoin am sin. Tá eagarfocal spéisiúil ón eagarthóir fhéin, an tAth. Frainc Mac Brádaigh, S.J. ann, Tá píosa breá ag Marie Whelton,An doras ar oscailt’, a bhaist sí air, agus í ag cur síos ar an mBliain Iúbhaile Neamhchoitianta, ón 8ú Nollaig 2015, go dtí an 20u Samhain, 2016, a d’fhógair an Pápa Proinsias don saol mór, le déanaí, ina gcuireann sí síos ar Dhoirse na Trócaire, a osclófar saimh don bhliain speisialta seo, agus an turas seo, iarann an Pápa fhéin ar chuile easpag, doras faoi leith, doras na Trócaire, a oscailt ina Ard-eaglais fhéin. Seo mar a chuireann Marie fhéin é

“Beidh an doras oscailte ina chomhartha ar an gcuireadh, saor inaisce, a thugann Dia do gach duine dul thar an tairseach isteach chun blaiseadh dá thrócaire, agus dá réir, d’iomláine na beatha.”

Cuireadh

an cuireadh, saor in aisce, ansin dúinn, agus gan le déanamh againne ach siúl isteach, le Trócaire Dé a bhlaiseadh, ach beifear ag súil go ndéanfaidh an té a théann isteach ar an doras sin, go ndéanfaidh sé iarracht faoi leith ar bheatha Críostaí a chaitheamh feasta.

Alt eile inar chuir mé fhéin suim ba ea “Cuimhní Cinn ar Mhaigh Nuad ’66 leis an scríbhneoir cáiliúil sin, Pádraig Standún, ina gcuireann sé síos ar eachtraí na bliana 1966, nuair a deineadh an caogadú bliain ó Éirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh. ach ar chuid de na cuimhní a fhanann fós ag Pádraig….

“Bhí Éamon de Valera ina Uachtarán, Seán Lemass ina Thaoiseach, Pius XII ina Phápa, na Beatles in ard a réime, foireann trí sa ró na Gaillimhe le bheith buacach arís…..”

Scór bliain d’aois a bhí Pádraig ag an am, agus é ag staidéar le bheith ina shagart i Má Nuad. “Sheasfainn sa sneachta ag éisteacht le Tomás Ó Fiaich….an léachtoir is fearr a chuala mé ariamh….”. An-alt, cosúil leis na hailt eile san eagrán Geimhridh sin.

Súil agam go mbainfidh tú an-taitneamh as.

en_USEnglish