ceannlíne, headline; bhain sé stangadh asam, I was taken aback; agallamh, interview; ardchéimeach, high-ranking; folcadh intinne, brainwashing; gearrthóg, cutting; déistean, disgust; barúil, opinion.

.

Tréig an tSagartacht

.

Nach ait mar a théann Ceannlíne i nuachtán i bhfeidhm ar dhuine, corruair? Is dócha go mbraitheann sé roinnt ar údar na Cheannlíne céanna sin. Ní bréag ar bith a rá, go bhfuil muid uilig tinn tuirseach de na ceannlínte gáirsiúla úd a loiteann roinnt mhaith dár nuachtáin, sa lá atá inniu ann, ceannlínte ag maíomh gur deineadh an choir seo, nó an choir úd, an éagóir seo, nó an éagóir úd eile. Bíodh sin mar atá, ach caithfidh mé a admháil, gur bhain an ceannlíne a léigh mé sa nuachtán nua sin, an “ Daily Irish Mail”, in eagrán an Luain, an 27ú Márta 2006, caithfidh mé a admháil gur bhain sé stangadh asam.

What Headline?

Cén ceannlíne atá i gceist agam, an ea?

An ceannlíne úd a dhéanann tagairt d’agallamh leis an Athair Brian D’Arcy, an ceannlíne úd a scread…

“Dont bother with priesthood, Fr. Brian tells Clerics”

Bhuel, sin mar a chuirtear sa pháipéar sin é, agus téann an t-alt ar aghaidh ansin, mar a mholtar do chléirigh óga éirí as a ngairm, agus fáil réidh leis an tsagartacht frí chéile. Deir sé ansin, nár chóir dóibh a ndúthracht a chur amú trí bheith ag iarraidh “Mount Argus” nó “Ardoyne”, nó áit ar bith eile dá leithéid, a choinneáil sa tsiúl. Seo mar a chuirtear san alt san “ Daily Irish Mail” é…….

“Best known as unofficial chaplain to Ireland’s top entertainers, Fr D’Arcy, 60, is certain to attract controversy for advising young clerics to leave a heavily depleted priesthood.

In a magazine interview yesterday, he admitted; ‘I said to a group of young fellas that we should get rid of all our priests.

I told them they should not waste their lives trying to keep Mount Argus going, or Ardoyne going, or anywhere else. I told them; “Get yourself a clean break and then see what the future holds”

What Interview?

Anois caithfidh mé a admháil anseo, nár léigh mé an t-agallamh sin, agus dá bhrí sin, tá mé ag brath go hiomlán ar chuntas an iriseora, Enda Feeney a chuir a píosa san Daily Irish Mail i dtoll a chéile, ach níl cúis ar bith agam a chreidiúint nach gcloíonn sé go cruinn le tuairimí, agus le focail, an Athar Brian, san alt thuasluaite, agus mura bhfuil, ní haon ionadh gur bhain sé stangadh asam, nó cé a chreidfeadh, go ndéarfadh cléireach ardchéimeach, mar an Athair Brian, a leithéid? Tá a fhios ag an saol mór is ag a mháthair anois gurbh olc a chruthaigh roinnt áirithe sagart, siar thar na blianta, ach ní dóigh liom, gur chóir dúinn fáil réidh díobh uilig leis an scéal sin a leigheas. Cinnte, ba cheart dúinn na daoine ciontacha a dhíbirt, scun scan, as na sagairt, ach níor chóir dul thar fóir leis mar scéal.

What Then?

Agus, sa dara háit, céard a bheadh fágtha againn, nuair a bheadh críoch curtha againn leis an tsagartacht? Cé a chuirfí ina n-áit? Cé dháilfeadh na sacraimintí ar bhaill na hEaglaise feasta?

Anois, cheap mé i dtosach, gurbh é a bhí i gceist ag an Athair Brian, nó na hOird Rialta, na sagairt úd a choinníonn na mainistreacha éagsúla sa tsiúl. Dá mba ea áfach, is dócha go bhféadfadh duine adhmad eicínt a bhaint as dearcadh dá leithéid, ach sílim nach é sin a bhí i gceist aige, nó deineann sé tagairt do na sagairt a mbíonn súil an tseabhaic acu le pharáiste maith a fháil, amach anseo, rud a chuireann bac orthu a dtuairimí macánta fhéin a nochtú, ar eagla go gcoinneofaí sin sa tsrón ina gcoinne, lá na coise tinne.

My sentiments too

Tuigim don Athair Brian, nuair a chuireann sé síos ar an chaoi a dheineadh údaráis na hEaglaise folcadh intinne ar na hábhair sagairt, fadó. Thógaidís isteach iad, ina gcliarscoileanna ollmhóra, agus gan iontu ach gasúir. Ghearrtaí amach ón saol mór iad, gan cead acu éisteacht leis an raidió, nó nuachtáin nó irisí a léamh; choinnítí glan amach ó chomhluadar ban iad. B’iontach an traenáil a fuair siad le daoine a ullmhú do shaol an mhanaigh, nó leagadh an-bhéim ar fad ar umhlaíocht gan doicheall don té a chuirfí mar uachtarán os a gcionn. D’inis mé dhaoibh cheana, gur cuireadh léann an tsagairt orm fhéin, fadó, agus is cuimhin liom uair amháin, gur chuir mo dheirfiúr gearrthóg as nuachtán caitliceach Sasanach isteach i litir chugam, agus do bharúil! nár cuireadh iachall orm an gearrthóg chéanna sin a thabhairt don Déan, a bhí os mo chionn, ag an am. Sea, agus níor tugadh cead domsa é a léamh fiú! Dheamhan focal bréige sa mhéid sin!

Still!

Ní haon ionadh gur chuir “carry on” dá leidhéid fearg agus déistean ar roinnt mhaith. Ach sin uilig ráite, agus admhaithe, ag an am gcéanna, ni mholfainnse go gcuirfí críoch, scun scan, leis an tsagartacht, nó ní ar an tsagartacht fhéin atá an locht, nó níorbh uirthi a bhí an locht, ach oiread. Ar na daoine a glacadh isteach sna sagairt a bhí an locht. B’fhéidir go bhféadfá roinnt mhaith den mhilleán a leagan ar na modhanna a úsáideadh i dtraenáil, in ullmhú, agus i múnlú, na mic léinn, don chineál saoil a bhí rompu amach. Níor aibigh, nó níor fhás roinnt áirithe de na hábhair sagairt sin suas riamh, agus nuair a tháinig an doineann, b’fhurasta iad a leagan. Éist leis an Athair Brian arís…

“It was a cruel life, but that’s how the Church works and it’s a fairly interesting way of brainwashing people”

Ag breathnú siar air anois, d’fhéadfadh duine teacht leis an tuairim sin, ach ag an am, ní dóigh liom, gur mar sin a chonacthas dúinne é. Ghlacamar leis gur mar sin a bhí cúrsaí leagtha amach dúinn, agus gurbh ionann sin agus toil Dé dúinne.

Mar fhocal scoir, céard a tharlódh do Phobal Dé, dá bhfágfaí an Eaglais gan sagairt, gan chléir?

Céard é do bharúil fhéin faoin scéal?

.

.

.

.

en_USEnglish