Ú R S C É A L A Í Ú R .

*********************

.

N o G r e a t M i s c h i e f ………………………….Eagran Vintage..2001.

l e

ALISTAIR MacLEOD……………………………………………..£9.10. (€11.55.)

.

.

**********************

.

Seo an chéad úrscéal againn ó pheann líofa an údair ildánaigh seo, Alistair MacLeod. Is dócha gur beag duine sa dúiche seo nár chuala faoin údar sciliúil seo, nó nach raibh sé i láthair anseo sa Chathair Álainn, ag “Arts Festival” na bliana seo, agus nár chuala roinnt mhaith daoine é ag léamh cuid dá shaothar, ar an ócáid chéanna sin. Sa bhliain 1936 a rugadh Alistair, agus tógadh é i gCape Breton, Nova Scotia, agus is mar mhúinteoir in Ollscoil Windsor, Ontario, a thuilleann a bheatha. Anois, bíodh gurb é seo a chéad úrscéal, ní hé seo an chéad uair aige i mbun pinn, nó is gearrscéalaí den scoth é, a bhfuil cáil tuillte aige, sa ghort sin, le tamall maith de bhlianta anois.

Tugadh an leabhar seo mar bhronntanas dom, roinnt míonna ó shoin, agus is dócha gur roghnaíodh mar bhronntanas dom é, toisc go raibh roinnt abairtí Gaeilge sníofa go healaíonta tríd an téacs, rud a théann tríd an scéal mar a bheadh snáithe trí bhráisléad brád. Is dócha go bhfuil cosúlachtaí idir an scéal seo agus an leabhar breá úd “Roots”, sa mhéid go bhfuiltear ag iarraidh stair chineál Chaluim Ruaidh a lorg, siar trí anró agus trí chruatan na staire, siar go hAlbain an ochtú haois déag. Sa bhliain 1779 ruaigeadh Calum MacDonald as a bhaile, i nGarbhchríocha na hAlban, agus lena chlann is a ghaolta d’ardaíodar a seolta, agus thrasnaíodar an t-Atlantach, le cur fúthu i Nova Scotia, áit ar bhunaíodar treabh nua Albanach dá gcuid fhéin, i gcríoch úd na gcrann, treabh a d’fhan rua, dúshúileach, Gaelach, agus treabh a d’fhan dílis dá bhfréamhacha Albanacha, uaidh sin amach.

Thart ar dhá chéad bliain ina dhiaidh sin, in ochtóidí na haoise seo caite, chuir fear dá sliocht, Alexander MacDonald, roimhe, scéal a chineáil a ríomh, agus sin atá curtha ar fáil sa leabhar seo dúinn ag Alistair MacLeod. Sleamhnaíonn an scéal go réidh, nádúrtha, inchreidte, trí leathanaigh na staire, agus éiríonn leis an údar scéal shliocht Chaluim Ruaidh a insint, ón lá a d’fhág siad an seanfhód in Albain, anuas go dtí ré an Alexander MacDonald seo a leagann scéal a chine os ár gcomhair amach. Seal amháin tá muid gafa siar chomh fada le Cath Chulloden, mar ar briseadh ar chumhacht na gClann, nó arís, muid ag léamh faoi Chath Quebec, agus an chaoi ar bhuaigh an Ginearál Wolfe, nuair a scaoil sé na “fierce Highlanders” isteach sa chath, ach smaoinítear freisin, faoin litir a scríobh sé, tamall roimhe sin, ag cur síos ar na “Highlanaders” céanna sin…

“They are hardy, intrepid, accustomed to a rough country, and no great mischief if they fall”

B’in an áit a bhfuair sé an teideal dá leabhar. Léirigh an litir chéanna sin an meas, nó an drochmheas, a bhí ag an nGinearál Wolfe ar na “Highlanders”

Seal eile ansin, tá muid ag taisteal trí thír a ndídine, Cape Breton, Nova Scotia, mar ar chaith Chlann Chaluim Ruaidh an dá chéad bliain idirlinneach sin. Ach ar ais linn go tús an úrscéil corraithigh seo.

Alexander MacDonald, an fear inste scéil, sa chás seo, agus cuireann sé ceann ar an scéal agus é ar a bhealach ó Ontario go Toronto, mar a bhfuil deartháir leis ina chónaí, agus é, (an deartháir), ag teacht i dtír, an tráth sin, ar a chuimhní, agus ar an mbraoinín, mar bheatha. Féach mar a chuireann an t-údar tús lena scéal ….

“As I begin to tell this, it is the golden month of September in southwestern Ontario. In the splendid autumn sunshine the bounty of the land is almost overwhelming, as if it is the manifestation of a poem by Keats.

Déanann sé cur síos ansin ar an tír trínar ghabh sé ar a thuras, turas a dhéanann sé go rialta, ar an Satharn, nó is cuid dá dhúchas agus da oiliúint é, gan dearmad a dheanamh ar a chineál fhéin, agus is ar a dheartháir fhéin atá a chuairt. Nach mór go deo idir an bheirt dearthar céanna sin, nó is lia fiacal é Alexander, agus i ndáiríre, is alcólach é Calum. Téann sé isteach ina sheomra, in arasán cúlshráideach, agus seo mar a bhí…

I look around the small familiar room and its spartan neatness. There is no evidence that he has eaten today and there does not seem to be any food visible. In a wastebasket beside the sink, there is one of those amber bottles in which oversweet and low-priced wine is sold. It is empty.

“Do you want anything to eat?” I ask.

“No” he says, then after a pause, “nothing to eat.”

Thuig Alexander an leide sin agus ar ball thug sé deoch branda dó. Shocraigh sin é, agus tar éis scathaimh, labhair sé arís..

‘Ah, “ille bhig ruaidh,” he says. “We have come a long way, you and I, and there are no hard feelings. Do you remember Christy.”

Bhí sé ag baint úsáide as an ainm ceana a bhíodh ag a mhuintir ar Alexander, agus é ina ghasúr, fadó. Thugaidís “Gille beag ruadh”, nó gasúr beag rua, mar ainm ceana air, toisc go raibh gruaig rua air.

Chuaigh sé siar ansin ar an seanchas faoina chineál, faoin gCalum Ruadh úd, a shin, sin, sin seanathair, a d’imigh ina dheoraí, ó Gharbhchríocha na hAlban, dhá chead bliain roimhe sin, agus mar sin dóibh.

Nuair a d’fhág sé a dheartháir, ar deireadh, agus nuair a bhí sé taobh amuigh den doras, chuala sé a dheartháir, Calum, ag rá amhráin Albanaigh, go réidh, ciúin, leis fhéin….

“Chi mi bhuam, fada bhuam,

Chi mi bhuam, ri muir lain;

Chi mi Ceap Breatainn mo luaidh

Fada bhuam thara an t-sail.

He was singing ‘Cumha Ceap Breatainn’, ‘Lament for Cape Breton’ ….it means something like

I see far, far away,

I see far o’er the tide;

I see Cape Breton, my love,

Far away o’er the sea.”

B’in cuid den traidisiún a thógadar thar farraige siar leo, nós na n-amhrán agus na gcaointe, agus chomh maith le sin, thógadar leo a dteanga fhein freisin, agus fiú, tar éis dhá chéad bliain, d’fhan cuid áirithe den teanga fhéin beo fós ina measc.

Bhuel, d’imigh Alexander ar ais leis go dtí a bhaile fhéin, agus a phost cáiliúil, mar lia fiacal, i gcathair Ontario. Ach bhí giorria an dúchais dúisithe i gcistin a aigne, ag a dheartháir agus a chuid seanchais, agus uaidh sin amach, díríonn sé a aire ar a scéal fhéin, agus ar scéal Chlann Chaluim Ruaidh, agus sleamhnaíonn sé go héasca, formhothaithe, ó cheann amháin acu sin go dtí an ceann eile. Faigheann muid scéal Chaluim Ruaidh, agus an chaoi ar fhág sé tír a dhúchais, sa bhliain 1779, agus é cúig bliana is caoga ag an am. In éineacht leis, bhí a bhean agus a chlann, dáréag acu, sea, agus thógadar an seanmhadra leo freisin, toisc gur lean sé sa tsnámh iad, nuair a d’fhág an bád an cladach.

Cé go bhfuil Alexander meáite ar a scéal fhéin, agus scéal a chlainne, a insint, téann sé siar agus aniar sa stair, leis an scéal sin a mhíniú agus a shoiléiriú, sea, agus le fréamhacha an lae inniu a lorg sna glúnta a d’imigh rómpu. Is speisiúil, agus is rí-speisiúil, mar a chuireann sé chuige sin, ach níl fúmsa anois an scéal sin a ríomh anseo, nó mhillfinn an scéal oraibhse! Ach, níl dabht ar domhan, ach go bhfuil a cheird foghlamtha go maith ag an údar seo, agus cé go gceapfá, corruair, go bhfuil a stíl sa leabhar seo ró-scaoilte, ag an am gcéanna, nuair atá an leabhar críochnaithe agat, tuigeann tú ansin go gcuireann na dathanna uilig le chéile, le spléachadh iontach a thabhairt dúinn ar shaol agus ar shaothar Alexander MacDonald fhéin, agus ní hé sin amháin é, ach suíonn an t-údar an scéal sin taobh istigh de stair a chine agus a chineáil. Cuireann sé sinn faoi gheasa lena scil scéalaíochta, agus déanann muid iontas den chaoi ar choinnigh cineál Chaluim Ruaidh a n-oidhreacht, agus a dteanga, thar spás ama chomh fada sin, nuair a chaill an mhuintir s’againne a dteanga taobh istigh de chupla glún, tar éis dóibh Talamh an Éisc a thabhairt orthu fhéin. Féach mar a chuireann Aodhán Ó hEadhra é ina leabhar scolártha ar “Na Gaeil i dTalamh an Éisc”.

“Nuair a déantar comparáid idir scéal na Gaeilge, agus an tslí inar tháinig meath uirthi, agus an tslí inar mhair an Ghaidhlig i measc na nAlbanach in áiteacha eile i gCeanada – fiú sa “Codroy”, ceantar an-bheag Albanach in iardheisceart Thalamh an Éisc – caithfear a admháil gur de bharr easpa tacaíochta sóisialta, eaglasta, oideachais agus misnigh, b’fhéidir, a cailleadh an teanga sa chéad ghlúin.”

Ach sin scéal do lá eicínt eile, agus le filleadh ar an leabhar atá idir chamáin againn anseo, céard is féidir a rá faoi ach…….

…An-léamh, an-leabhar, an-údar…

.

*****************

Peadar Bairéad.

en_USEnglish