I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week, Séimí a’ Droichid returns, to defend his Election forecast, given two weeks ago.)

Uachtarán Tofa

“Bhuel, a Shéimí, tá an beart déanta anois againn, mar phobal, agus tá Uachtarán tofa againn do thír seo na hÉireann, do thréimhse seacht mbliana, ar a laghad. Céard é do mheas anois, i bhfianaise ar dhúirt tú linn coicíos ó shoin, faoin toghchán fhéin, agus faoin toradh a bheadh air.”

“Tá. Go raibh iomlán an chirt agam, geall leis, faoi chúrsaí, nuair a dheineamar an scéal a chíoradh go mion, thíos sa Smugairle Róin, an oíche sin. Sílim gur thug mé le fios don náisiún, an oíche sin, gurbh é mo thuairim, nach mbeadh mórán tráchta ar na mná le linn an chomhairimh, agus lena chois sin, bhí le tuiscint uaim, nach n-éireodh le Norris nó le McGuinness, ach oiread, agus d’fhág sin triúr, agus thug mé le fios, gurbh é mo thuairim ag an bpointe sin, nach dtoghfaí an Mistéalach, agus d’fhág sin nach mbeadh sa rás ag deireadh thiar ach an bheirt, Ó hUigín agus Ó Gallchobhair, agus thug mé le fios ansin, gurbh é mo thuairim láidir, go mbeadh rith an ráis sin ag Ó Gallchobhair”

“Ach, a Shéimí, nach raibh seans ann freisin go dtoghfaí duine ar bith den seachtar ina uachtarán, nó thuig roinnt mhaith daoine go roinnfí an vótaí, réasúnta cothrom, thart ar an seachtar acu, agus ansin, go mbraithfeadh an toradh ar aistriú na vótaí ó na daoine a gcuirfí as an áireamh, toisc gur tháinig siad isteach ag bun an liosta. Nárbh ’in an fáth ar eagraíodh an oireadh sin diospóireachtaí idir na hIarrthóirí?”

“Cinnte! Ní fhágfaí duine ar bith de na hIarrthóirí ar an mblár fholaimh, nó gheobhadh chuile dhuine acu smeadar vótaí, ó chairde, ó ghaolta, agus ó dhaoine a d’aontódh lena dtuairimí, bíodh siad sin ciallmhar, nó craiceáilte, ach, má choinnigh tú súil amháin, ar a laghad, ar na toghcháin bhraite, a eagraíodh go rialta, roimh an toghchán, bheadh tuairim eicínt agat faoi aigne na vótóirí.”

Toghcháin bhraite

“ Ach nach ndeirtear nach fiú tráithnín é, an tuairim a thugtar do lucht riartha na dtoghchán bréige sin?”

“D’fhéadfadh an ceart a bheith agat sa mhéid sin, ach ag an am gcéanna, caithear na mílte, agus na mílte Euro ar na toghchéin chéanna sin, agus ní hé mo thuairim, go gcaithfí an oiread sin airgid, mura mbeadh fiúntas agus iontaofacht eicínt ag baint le torthaí na dtoghchán bréige sin.”

“Ach, a Shéimí, nárbh é tuairim na dtoghchán sin, i dtosach báire, go mbeadh an bua ag Micheál D. agus dealródh sé, go raibh móramh na ndaoine sásta, an tráth sin, vótáil ar son an Uigínigh.”

“Sea, ach de réir mar a chuaigh cúrsaí chun cinn, agus de réir mar a cuireadh tuairimí na nIarrthóirí os comhair na ndaoine, tuigeadh do roinnt mhaith daoine, go raibh ábhar uachtaráin den scoth os a gcomhair amach, sa Ghallchobhrach, agus cupla lá roimh lá an toghcháin, bhí móramh mór na vótóirí braite den tuairim, go gcaithfidís a vótaí ar a shon, sa chaoi, gur cheap bunús na meán, agus daoine eolgaiseacha eile freisin, go mbeadh bua glan aige Lá an Toghcháin.”

“Ní raibh an ceart acu áfach, a Shéimí, nó nuair a tháinig an crú ar an tairne, ba é Micheál D. rogha na coitiantachta, agus ba air a bhronn siad a vótaí.”

An “Tweet” Cinniúnach

“B’in mar a tharla, ceart go leor, ach nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile anois go raibh cúis eile ar fad leis an athrú poirt sin, ag an aonú huair déag. Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine anois, go raibh tionchar cinniúnach ag an “Tweet” úd, a seoladh isteach chuig an “Frontline” le linn na diospóireachta deiridh teilifíse. Agus anois, bíodh gur chaith mé fhéin mo vóta ar son an Ghallchobhraigh, agus gur thuig mé go dtoghfaí é cinnte, ag an am gcéanna, tá mé cinnte, go bhfuil togha fir tofa againn don uachtaránacht, duine léannta, duine sciliúil i gcúrsaí polaitíochta, duine a bhfuil spéis agus dhá spéis aige sna healaíona frí chéile, agus cuir leis na buanna sin uilig gur Gaeilgeoir den scoth é, sea agus file freisin. Mar sin, níl locht ar bith le fáil agamsa ar ár nUachtarán Tofa. Fad saoil aige, agus gura seacht fearr a bheas sé seacht mbliana ó inniu. Ach sin uilig ráite, admhaithe, dearbhaithe, agam, tá mé go láidir den tuairim, gur baineadh tuisle gan choinne, as an bhfear eile. B’fhéidir gurb é an toradh céanna a bheadh ar an rás, ach, ní raibh mé an oiread sin ar fad ón gceart san alt sin a scríobh mé coicíos ó shoin, nuair a dhearbhaigh mé go mbeadh rith an ráis ag an nGallchobhrach. Tá mé ag ceapadh freisin, go n-éireoidh leis an nGallchobhrach, ar ball, a chás a mhíniú don phobal, agus ansin go dtuigfí an chaoi ar imríodh cleas na méaracán air, i nDiospóireacht Teilifíse, go gairid roimh Lá an Toghcháin, leis an “Tweet” úd, gan údarás, a seoladh isteach go dtí an Clár, Frontline”, agus ar baineadh úsáid as, mar ráiteas údarásach. a bhféadfaí cur leis, dá mba ghá, ar ball.

Leor sin do thuras na huaire seo.

An aontófá liom?

en_USEnglish