U a i r n a C i n n i ú n a

Peadar Bairéad

.

Dheamhan dabht ar domhan ach go bhfuil muid tagtha anois, i dtír seo na hÉireann, chuig tráth na cinniúna. Dhá bhealach ar aghaidh atá romhainn amach anois, ceann ar dheis, agus an ceann eile díreach ar aghaidh. Má leanann muid an ród atá romhainn amach anois, ionann sin is a rá, go bhfuil muid sásta leis an gcineál Poblachta atá i réim anseo faoi láthair, agus má iompaíonn muid ar dheis, ionann sin is a rá nach bhfuil muid sásta leis an treo a bhfuil muid ag gluaiseacht faoi láthair, agus go dteastaíonn uainn bealach nua a roghnú dúinn fhéin, bóthar a mheallfaidh muid ar bhealach ár leasa, sna blianta atá romhainn amach.

Athrú saolta?

An é nach bhfuil muid sásta leis an gcineál Éireann atá i réim in ár measc anseo, faoi láthair?

Is féidir leat a bheith cinnte nach bhfuil, nó leath-shásta fhéin, fiú.

Agus céard tá cearr leis an bPoblacht s’againne, faoi mar atá sí, i láthair na huaire seo?

Breathnaigh timpeall ort, in ainm an Áidh, agus feicfidh tú fhéin céard tá cearr lei. Ar an gcéad dul síos, tá an daonnacht caillte ag roinnt áirithe dár muintir faoi láthair, nó ní fiú an deich triuf, dár leosan, beatha an duine daonna feasta. Is féidir leat cos i bpoll a chur le duine ar bith, agus ní bheidh le déanamh agat ach thart ar chúig mhíle Euro a dhíol le gunnadóir eicínt, agus déanfaidh seisean an beart duit, agus ní bheidh ortsa fiú do lámha a shalú leis an ngníomh.

Meas a’ Mhadaidh!

Sa dara háit, níl meas a’ mhadaidh ag daoine áirithe ar dhlíthe na tíre, dlíthe a reachtaíoch le saol sibhialta, comharsanúil, daonna, a chur in áirthe dár muintir feasta. Sea, mh’anam, tá roinnt bheag daoine amuigh ansin, faoi láthair, agus chuirfidís scian, go feirc, trí lár do chroí, ar mhaithe le cupla Euro a fháil dóibh fhéin. Má tá an neart agat, bhuel, ansin, tá an ceart agat. Tá dearmad iomlán déanta acusan de na prionsabail a bhíodh i bhfeidhm fadó. Cé labhraíonn anois faoi Chothrom na Féinne? Nó faoi “troid le tréan agus taise le trua”. Nach bhfeictear an dearcadh sin á chur i bhfeidhm ar shráideanna ár gcathracha, agus ár mbailte, chuile lá anois, geall leis. Tá deireadh feasta le fearúlacht, agus le féaráilteacht, i gcúrsaí troda. Bain úsáid as an mbuille fill anois, má fhaigheann tú an deis chuige, sea, agus ná cuireadh sé as duit, a bheag nó a mhór, an chloch a bheith sa mhainchille agat.

Níl le déanamh agat ach breathnú ar na nuachtáin lá ar bith anois, agus feicfidh tú an chaoi a chaitear le créatúir bhochta nach mbíonn ar a gcumas iad fhéin a chosaint, agus iad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh abhaile san oíche. sea, agus breathnaigh freisin ar an méid seandaoine a gcaitear go dona leo, ar mhaithe le cupla Euro a bhaint díobh!

Decision Time!

D’fhéadfainn leanúint ar aghaidh ag tochrais ar an gceirtlín sin go dtiocfadh na ba abhaile, agus ní bheadh an scéal ar fad ríofa agam, ach, nach leor a bhfuil ráite agam, le tuairim a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú ar ár sráideanna, faoi láthair, agus ní hé sin an chuid is measa ar fad den scéal seo, ní hé muis! Is é an chuid is measa ar fad de, nó nach bhfuiltear ag déanamh mórán iarrachta le críoch a chur leis na céapair seo uilig.

Agus an gcreideann tú, i ndáiríre, gur féidir críoch a chur leis an mí-iompar seo uilig?

Bhuel, cuirfidh mé mar seo é, murar féidir linn críoch a chur leis, ansin bheadh sé chomh maith dúinn dul ag feadaíl, nó is gearr go mbeidh an tír ar fad faoina smacht ag na buíonta coirpeach seo, agus ansin beidh ar a gcumas rud ar bith is mian leo a dhéanamh, beidh siad in ann a gcuid drugaí a dhíol i lár an aonaigh, beidh siad in ann robáil agus mugáil a dhéanamh, tráth ar bith is mian leo, agus ní bheidh ar chumas éinne cur ina gcoinne, nó beidh fórsaí an stáit curtha faoi smacht acu, trí láimh láidir, trí bhullaíocht, trí imeaglú, agus trí chaimiléireacht de chuile chineál.

Daonlathas

Smaoinigh anois, nach bhfuil sna buíonta seo uilig ach uimhir an-bheag dár ndaonra, agus nach é an feall é, go mbreathnaíonn siad orthu fhéin faoi mar ba stát iontu fhéin iad, stát a reachtaíonn agus a chuireann a dhlíthe fhéin i bhfeidhm, beag beann ar fhórsaí slándála an Stáit Daonlathaigh s’againne. Sea, tá uair na cinniúna buailte linn, nuair a chaithfidh an Stát a chur ar a súile dóibh siúd, nach bhfuil aitheantas ar bith tugtha ag pobail na tíre seo dóibh, agus go gcaithfidh siad glacadh le flaitheas agus forlámhas Rialtais cheannasaigh, thofa, na tíre seo, faoi mar a dhéanann chuile shaoránach eile…….

.

en_USEnglish