Uisce Coiscricthe

Peadar Bairéad

Cuimhní Cinn

Bí ag caint ar dhul siar ar Bhóithrín na Smaointe! Ach nach bféadfá a rá, gur rud nádúrtha go leor é, – don té atá imithe anonn sna blianta, seal a chaitheamh ag dul siar thar chuimhní na mblianta, le cibé feoil atá fanta orthu a chreimeadh ar a shástacht. Ach, cibé faoi sin, chaith mé fhéin seal, ar na mallaibh, ag dul siar ar chúrsaí aimsire, faoi mar a bhíodh blianta ó shoin, ach gan dabht ar domhan, ba iad na stoirmeacha a chuir ag tochtrais ar an gceirtlín sin mé.

Ba iad na cuimhní a rith liom i dtosach nó cuimhní na Samhraí sámha, samhrúla, a bhíodh againn le linn m’óigese. Is cuimhin liom go maith go dtéimís ag snámh chuile mhaidin, d’fhéadfá a rá, agus muid ar ár mbealach chun na scoile, agus arís, thugadh an Máistir síos chun na farraige sinn, am lóin. Sea, agus céard déarfá fúinn agus muid sáite go dtí na cluasa sa bhfarraige arís, ar ár mbealach abhaile ón scoil, tráthnóna! Ach nach mbíodh sé éasca go maith sinn a ‘stripeáil’ na laethe sin, nó ní bhíodh á gcaitheamh againn ach léine agus bríste giortach, nó ní call dom a rá go mbíodh ár mbunús cosnochtaithe, ag an am! Sea, mh’anam! laethe fada, geala, grianmhara, a mhair ó mhaidin go hoíche, sin mar is cuimhin liomsa iad anois, ar aon chuma. Caithfidh nach mbíodh chuile Shamhradh chomh breá, buacach sin, ach mura mbíodh, bí cinnte go bhfuil dearmad glan déanta agamsa de na Samhraí céanna sin!

.

Geimhrí gáifeacha

Cuimhne eile a ritheann go glé, glinn, glan, chugam anois isea cuimhne na nGeimhrí fuara, feannaideacha, reoiteacha, a thagadh aniar aduaidh orainn, anois is arís. Chuirimisne, páistí, seanbhróga le daoine fásta orainn, agus amach linn ar fud na bhfud, ag sleamhnú is ag cleasaíocht ar loch is ar linn, go dtí go mbímis préachta le fuacht is le hoighreach. Anois, caithfear a rá, nach mbíodh na Geimhrí feanntacha úd chomh flúirseach leis na Samhraí róstacha, a luaigh mé thuas.

Cuimhne amháin eile, agus sin cuimhne na stoirmeacha scanrúla úd, le toirneach agus tinntreach, a thagadh orainn cupla uair sa bhliain, agus bí ag caint ar stoirmeacha! leagfadh an ghaoth sin tarbh bliana, gan trácht ar dhuine daonna in aon chor. Ní raibh ach leigheas amháin le muintir an tí a chosaint ar an toirneach bhodhrúil, chluasphléascach, chéanna sin, agus b’in steall d’uisce coisricthe a chraitheadh thart ar cheithre choirnéal an tí. Ba ansin a thagadh mo Mham isteach sa phictiúr, b’ise a chraitheadh an t-uisce coisricthe ar cheithre choirnéal an tí dúinn, agus i gcuimhne na laethe sin, chuir mé cupla véarsa i dtoll a chéile i gcuimhne na ndaoine a bhí thart orm an tráth úd. Solas na soilse dóibh uilig, agus ionad saor ó stoirmeacha agus ó drochshíon go raibh acu anois agus i dtólamh.

Seo chugat na véarsaí úd anois……..

.

Uisce Coisricthe

.

Scaoileann na tonnta sleamhna a moing le gaoth,

Is pléascann go toirniúil, ar fhaill, ar chloch, ar chreag,

Cáitheadh farraige is cúr ag léim go barr an aeir.

.

ile goirt go searbh ar bheola bealaithe.

Gaineamh biorach go sceanach, ag dealgadh,

Trí chraiceann is trí chnámh.

.

Sianaíl thaibhsiúil ag éaló

Go piachánach bodhar

Ó scornach gortach

Na bhfarraigí ionracha.

.

.

Marcaíonn faoileán amscaí

Go gioblach, scanraithe,

Ar mhuin gháifeach

Na stoirme géire crua.

.

Rásann scamaill ghiobacha

Thar spéartha treafa, liatha.

Srónann bó a slí trí ghort guaireach géar

An ghála réabadh-reilgigh.

.

Ach le huisce coisricthe

Smachtaíonn Mam an ghaoth,

Is siúlann líon tí go costirim, slán,

Thar uiscí corraithe Loch na Gailíle.

.

*****************************

.

.

en_USEnglish