Urscéalaí den scoth

.

.

The Associate..………………..céadchló…………..2009

le

John Grisham…………………………………………..£18.99

Seo an t-aonú úrscéal fichead ó pheann líofa an údair ildánaigh Mheiriceánaigh seo, agus tá’s ag madraí an bhaile fhéin, nach scríobhann an t-údar seo ach leabhair mhór-ráchairte, leabhair a bhaineann clú agus cáil domhanda amach dá n-údar, ó cheann ceann na cruinne, nó nach mbíonn blas na taighde, agus boladh na scile, ar chuile leabhar a leagann sé os ár gcomhair amach. Ní gá dhom a rá, nach é seo an chéad phíosa a scríobh mé faoi leabhair an údair seo, nó déanta na fírinne, scríobh mé píosa faoi chuile cheann acu, nó caithfidh mé a admháil, gur chuir mé suim, agus dhá shuim, san údar seo, ó thosaigh sé ag scríobh. Údar é, John Grisham, a bhfuil bunús a chuid leabhar bunaithe ar an dlí, agus ní taise don leabhar seo é. Rinne sé cupla iarracht ar ábhair eile a tharraingt chuige fhéin, i leabhair cosúil le, Playing for Pizza; A Painted House; Skipping Christmas; agus Bleachers; agus bíodh go bhfuil na leabhair chéanna sin spéisiúil go maith, ag an am gcéanna, níl an teannas, nó an dúthracht, nó fiú an dáiríreacht chéanna, ag baint leosan, is a bhaineann leis an gcuid eile dá shaothar. Ní gá dhom na leabhair eile a lua anseo, nó nach cuimhin le chuile dhuine agaibh, The Firm; The Pelican Brief; The Appeal; agus na cinn eile, ar liosta le háireamh iad uilig a lua anseo.

Leabhar lán teannais

Ach nach bhfuil sé thar am agam, tagairt a dhéanamh don leabhar atá idir chamáin againn anseo, “The Associate”, an leabhar is déanaí ó pheann an Grishamaigh.

Tosaíonn an scéal seo le príomhcharachtar an leabhair, le hOiliúnóir Pheil Chise ar an taobhlíne, ag breathnú ar a fhoireann ag imirt go holc, agus an bua in áirithe, cheana féin, ag a gcéilí imeartha. Seo Kyle McAvoy, a bhfuil dhá bhliain caite anois aige i mbun an ghnó seo, agus i ndáiríre, ní go ró-mhaith a d’éirigh leis diallait a bhualadh ar scileanna an Oiliúnóra, agus anois, tá socraithe aige éirí as an gceird seo agus a aire iomlán a dhíriú ar an gCúrsa Dlí atá idir chamáin aige i Scoil Dlí Yale, mar a bhfuil sé ina eagarthóir ar Iris ghradamach Dlí na Scoile sin. D’fhan sé go dtí gur cuireadh críoch oifigiúil leis an gcluiche, agus ansin, tar éis dó comhghairdeas a dhéanamh le hOiliúnóir na Foirne eile, agus lena imreoirí fhéin, d’éirigh leis éaló amach as an gCúirt Imeartha trí chúlbhealach, ach má dhein fhéin, nuair a shroich sé a charr, bhí ansin roimhe, fear a raibh cuma lorgaire air.

Bonn an Lorgaire

Bhain an t-é sin bonn as a phóca. Theaspáin do Kyle é, agus b’fhollas uaidh sin, go mba dhuine den FBI é, nó ba é adúirt an bonn nó, “Bob Plant, FBI.” Ba ghearr an mhoill go raibh leathbhádóir an Lorgaire seo ar an bhfód, agus Nelson Ginyard ab ainm dósan, nó b’in a bhí scríofa ar a bhonn seisean. Sin mar a chuirtear tús leis an scéal seo. Agus ní call dom a rá, go ndúisíonn an tús sin giorria na fiosrachta ionainn. Agus ar baillín beag, feictear dúinn, go bhfuil ar chumas an Oifigigh seo cupbard a óige a oscailt do Kyle bocht. Ba é an scéal a bhí le hinsint ag an Oifigeach seo nó go raibh scéal le plé acu le Kyle, scéal faoi eachtra a tharla, blianta roimhe sin, nuair a bhí Kyle agus a chairde ag freastal ar Ollscoil Duquesne. Féach mar a chuir Ginyard é…

“Duquesne University. Five years ago. Drunk frat boys and a

Girl.”

Dúirt Kyle leo go raibh na póilíní sásta, ag an am, nach raibh aon fhianaise acu leis an dlí a chur ar Kyle, nó ar a chairde, agus dá bhrí sin, ní dheachthas chun tosaigh leis an gcúis ina gcoinne.

Cat sa mhála!

B’fhéidir é, arsa na hOifigigh, ach tá an fhianaise ar fáil anois i bhfoirm fístéipe comhaimseartha, ach má sea fhéin, má thagann tú leis an scéal seo a phlé le hOifigeach eile, le Bennie Wright, beidh ar do chumas cos i bpoll a chur leis an gcúis dlí seo, go deo.

Casadh ar a chéile iad uilig, an oíche sin, agus tar éis do Kyle breathnú ar an bhfístéip, tuigeadh dó, nach raibh an dara rogha aige ach déanamh mar a dúradh leis, sé sin, dul isteach mar Chomhpháirtí, nó mar Associate, le Comhlacht ollmhór Dlí, le “Scully and Pershing”, agus ó tharla go raibh an Comhlacht sin ag feidhmiú thar cheann Tionsclóra ollmhóir, bheadh ar chumas Kyle doiciméid leochaileacha a ghoid, agus a thabhairt do Bhennie agus a lucht leanúna. Ghlac Kyle leis an dtairiscint sin, ach nárbh é rogha an dá dhíogha aige é? Ó tharla go mba é Kyle an Mac Léinn Dlí ba chumasaí i Scoil Dlí Yale, ag an am, bhí sé éasca go maith aige post a fháil le “Scully and Pershing”, agus uaidh sin amach, sa scéal, caitheann sé a dhúthracht, agus a chuid ama, ag iarraidh fuascailt na faidhbe sin a fháil.

Fadhb le scaoileadh

Conas a d’fhéadfadh sé éaló as an ngaiste ina raibh sé i sáinn ag Bennie? Ach ní raibh sé éasca an fhadhb chéanna sin a scaoileadh, nó ba ghlice é Vinnie ná mála sionnach, agus chomh maith le sin, tuigeadh do Kyle, faoin am sin, nach raibh baint ar bith ag Vinnie, nó ag a chairde, leis an FBI, nó le haon arm oifigiúil Stáit eile, ach oiread, agus dá bharr sin, tuigeadh dó, go raibh a spiairí iomadúla timpeall air, chuile bhabhta, agus tuigeadh dó freisin, go raibh gléasanna éisteachta, agus gleasanna féachana, feistithe acu i dteach agus i gcarr Kyle, ach níor lig Kyle faic air, sa chaoi go mbeadh ar a chumas dallamullóg a chur ar Vinnie is a chairde.

Ar an gcnámharlach sin a chrochann Grisham a scéal, agus caitheann sé a dhúthracht ansin, ag iarraidh feoil a chur ar an gcnámharlach céanna sin.

Ar éirigh le Kyle an lámh in uachtar a fháil ar Vinnie, agus ar a chairde? nó ar theip air sa bhfiontar sin. Cluiche báis nó beatha a bhí idir chamáin aige, agus ba mhaith a thuig sé sin, nuair a rinneadh duine dá chairde Ollscoile a dhúnmharú.

Faigh agus Léigh

Ach, más spéis leatsa freagra na gceisteanna sin a fháil, tá faitíos orm, go gcaithfidh tú an leabhar seo a fháil, is a léamh, duit fhéin. Níl le rá agamsa faoin scéal, ach go gceapaim nach mbeidh a chathú sin ort. Ní raibh mé fhéin iomlán sásta leis an gcaoi ar chríochnaigh an t-údar an scéal seo, ach ag an am gcéanna, luíonn an críoch le réasún, agus ní théann sé i gcoinne fianaise, nó fírinní, an scéil.

An-leabhar, an-léamh, an-chur chuige. Is deacair an leabhar seo a chur uait, go dti go mbeidh an deoir deiridh den scéal diúgtha agat.

en_USEnglish