I mBéal an Phobail

(I mBéal an Phobail takes a look, this week, at our friends and neighbours in the European Union.)

Peadar Bairéad

An Ród seo romhainn

Tá an tOlltoghchán thart. Tá na Teachtaí tofa. Tá an Rialtas roghnaithe, agus muid ag súil le tús nua i saol polaitíochta na tíre seo. Táthar ag súil, go gcuirfí críoch le caimiléireacht, le héagoir, le bochtaineacht, le hanró, agus le soc sa trach ag lucht cumhachta. Dár ndóigh, tá’s ag an lá, nach bhféadfaí chuile dhuine a shásamh sna cúrsaí seo, nó dá gcuirfeá an cnoc thall ar an gcnoc abhus, bheadh duine eicínt fágtha amuigh, agus ábhar clamhsáin aigesean, ach… an leas is mó, don uimhir is mó… sin an sprioc daonlathach is ceart a shocrú don Rialtas nua. Leis an scéal a dhéanamh i bhfad Éireann níos measa, tuigtear dá lán, nach de thimpiste a tharla a leithéid, ach gurbh é cúis a bhí leis, nó gur thit ar Rialtas ina gcodladh agus iad i mbun stiúrtha, agus gurbh é toradh a bhí ar an miogarnach sin nó gur caitheadh i dtír ar charraigreacha garbha, fiaclacha, fiachacha, muid, gur polladh báidín an Stáit, agus gur fágadh muidinne sáinnithe, gan slí éasca éalaithe fágtha againn. Ach, bíodh sin fíor bréagach, caithfidh muid ár mbealach a dhéanamh amach as an sáinn seo, ar ais nó ar éigean. Agus mar is eol do chách anois, sé an gad is giorra don scórnach atá le scaoileadh againn, ná go gcaithfidh muid an margadh a deineadh leis an AE, agus le IMF. a athstruchtúrú, nó má leantar le cúrsaí faoi mar atá i láthair na huaire seo, níl dabht ar domhan, de réir na saineolaithe, ach go mbeidh orainn loiceadh i nglanadh ár bhfiacha, amach anseo.

Ní mar a shíltear a bhítear

Ní mar a shíltear a bhítear, go minic, nó deir an AE, go mbeidís fhéin sásta athstruchtúrú a dhéanamh ar an margadh, ar choinníoll go mbeadh Rialtas nua na hÉireann sásta Cáin Chorporáide na tíre seo a ardú go leibhéal an Aontais Eorpaigh. Anois, níl an Rialtas s’againne sásta géilleadh puinn ar leibhéal na Cánach céanna sin, agus dá bharr sin, níl an tAontas sásta ísliú úis ar ár n-iasacht a thabhairt dúinn, agus sin mar a fágadh an scéal tar éis Chruinniú Mullaigh na dTaoiseach Eorpach, ar an Aoine, an t-aonú lá déag de Mhárta. B’fhéidir gur chóir a rá, gurbh iad an Fhrainc agus an Ghearmáin, ba mhó a chuir an leagan-amach sin chun tosaigh. Anois, b’fhéidir go bhfuil siadsan den tuairim sin, toisc go bhfuil toghcháin le reachtáil sna tíortha sin acu, gan mórán moille, agus nár chabhair in aon chor dóibh géilleadh do sheasamh na hÉireann, sa scéal seo.

Ach nár gheall tíortha an AE dúinn, sular ghlacamar le Conradh Lisboa, nár gheall siad dúinn, go mbeadh cead ár gcinn againn, sa todhchaí, ár gCáin Chorporáide, agus cúrsaí cánach go ginearálta, a choinneáil díreach mar a bhí. Ach, thugadar an gheallúint sin dúinn, nuair a theastaigh uathu, go nglacfadh pobal na tíre seo le Conradh Lisboa, ar an dara iaraidh. Ach, nach bhfuil sé deacair go maith, bheith ag brath orthu sin, sa todhchaí. Sea, ar mhaithe leis fhéin a dhéanann an cat crónán, agus nach in am an ghátair a aithnítear na cairde.” Sin an chomhairle a shíneann ár sinsear anuas chugainn, thar taoide thréan na mblianta. Tugaimis cluas easóige dóibh.                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                         

en_USEnglish