Seo cuid a trí den tsraith a scríobh Peadar faoi thuras bóthair a rinneamar le chéile i samhradh 2017. Foilsíodh cuid a haon agus cuid a dó le déanaí.

Tréad Cuimhní

Tar éis dúinn spórt agus taitneamh a bhaint as na laethe a chaitheamar thiar, i ndeireadh na dála, tháinig an lá le slán a fhágáil ag an ‘Manor Hotel Ballina’, agus le filleadh abhaile athuair. Ní gá a rá, go raibh an dúiche thoir ag glaoch abhaile orainn, agus caithfear a rá, go raibh fonn ar chuile dhuine againn an glaoch sin a fhreagairt, ach ag an am gcéanna, ní hionann sin is a rá, nach mbeadh cumha orainn uilig, i ndiaidh an Iarthair Fhiáin. Ní dhéanfadh muid dearmad go luath ar a bhfacamar, nó ar ar chualamar, le linn na laethe breátha a chaitheamar thiar. Cé dhéanfadh dearmad ar an lá breá, gréine úd a chaitheamar thart ar Lissadell, i gContae suaimhneach Shligigh, nó ar an lá iontach sin a chaitheamar ag guairdeall thart in Iorras na n-Iontas, agus muid ag baint taitneamh as a raibh le feiceáil againn thiar ansin i ndúiche mo mhuintire,an talamh, an tír, na farraigí fiáine thart ar chósta na Leithinse, agus na hoileáin draíochta úd ina luí mar bhráisléad thart ar chósta na dúiche áille sin. Ach, mar adeir an seanfhocal, Más fada an lá, tiocfaidh an tráthnóna’ agus ba é an scéal céanna againne anois é, agus chaithfeadh muid filleadh ar ár ndúiche fhéin, ar deireadh thiar.

Soir a chuamar

Bhíomar inár suí go breá luath an mhaidin deiridh sin, agus tar éis dúinn chuile ullmhúchán a dhéanamh don turas fada soir, chaitheamar bricfeasta ríoga, i mBialann fial, flaithiúil, an Manor Hotel, mar ar roinneadh gan dochma, gan ghorta orainn, fad a bhíomar ag cur fúinn faoi dhíon fáilteach an Óstáin nua-aoisigh, sin. Bhailíomar ár gcip is ár meanaithe, agus go haiféalach, agus go brónach, líonamar isteach sa charr arís. Fad is a bhíomar ansin ar ár marana, dúirt duine eicínt nárbh olc an smaoineamh é cuairt a thabhairt ar an ‘Beleek Castle Hotel’, amuigh ar imeall an bhaile, roimh dhul abhaile dúinn. Níor chuir éinne i gcoinne na comhairle sin agus bíodh gur chaith mé fhéin seacht mbliana i mo mhúinteoir i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Atha, i gcaogaidí na haoise seo caite, caithfidh mé a admháil, nár thug mé cuairt riamh ar an ionad stairiúil sin, nó thart ar an am sin, ba Ospidéal é an Caisleán céanna sin in iarrachtaí na tíre seo an lámh in uachtar a fháil ar an Eitinn.

D’fhágamar an Manor Hotel Ballina inár ndiaidh, agus thugamar aghaidh ar an Belleek Castle Hotel, ar imeall an bhaile sin. Tá Belleek Castle Hotel píosa amach ón mbaile mór fhéin, ach i ndeireadh na dála, fuaireamar radharc ar an bhfoirgneamh stairiúil fhéin, agus ba bheag nár bhain sé radharc na súl dínn, nó sheas sé ansin go ríoga, státúil, agus faichí áille, glan-bhearrtha, os a chomhair amach, agus timpeall air. Níor leasainm ar bith caisleán ríoga a bhaisteadh air. Tógadh an caisleán úd Bhelleek idir 1825 agus 1831, agus tógadh é ar shuíomh mhainistreach mheánaoiseach, ceann de na ceithre mhainistir a suíodh ar bhruach thiar na Muaidhe, fadó. Ba é Sir Arthur Francis Knox-Gore, a shocraigh ar a fhoirgneamh a thógáil ar an suíomh sin, agus thaitin a chuma meánaoiseach le daoine, sa ré sin. Mhair muintir Knox-Gore sa Mhanor House sin go dtí daichidí na haoise seo caite.

Deisiú agus athnuachan

Bhí drochbhail ar an gCaisleán faoin mbliain 1961 nuair a fuair Marshall Doran, mairnéalach trádála, seilbh ar an áit, agus chaith sé seal á athnuachan, agus á dheisiú, go dtí gur oscail sé mar Óstán é, sa bhliain 1970, agus is é mac Marshall atá i mbun an Chaisleáin, faoi láthair, le cabhair ó Ms. Maya Nikolaeva. Bhí an-spéis ag Marshall fhéin i gcúrsaí mara, ach go hairithe, agus tá a chuma sin fós le léamh ar fheisteas agus ar throscán an Chaisleáin, agus chomh maith le sin, ba bhailitheoir airm agus seandachtaí é, sa chaoi gur iarsmalann neamhghnách é Belleek Castle, sa lá atá inniu fhéin ann. Chaitheamar seal ag guairdeall timpeall, agus ag tabhairt chuile shórt faoi deara, ach i ndeireadh na dála, tuigeadh dúinn, go raibh sé in am againn an bóthar abhaile a bhuaileadh, agus d’fhágamar slán ag ‘Belleek Castle Hotel’ ar bhruacha maorga na Muaidhe, agus le Béal an Átha freisin, ach gheallamar filleadh ar an áit arís, an bhliain seo chugainn, má fhágann Dia an tsláinte againn, agus, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó, ní haithrisítear ár n-imeachtaí gur bhuaileamar ceann ar scríbe i má mhéith Mhaigh Nuad.

.

.

.

.

    

en_USEnglish