Bhí alt an-suimiúil san ‘Irish Times’ le déanaí, scríofa ag Fintan O’Toole, darb ainm ‘Ní bheadh tír inmharthana againn murach deich gcomhlacht mhóra ó na Stáit Aontaithe.’ San alt sin, rinne Fintan argóint láidir go bhfuil ár dtír ag brath go mór ar chomhlachtaí eachtrannacha; comhlachtaí cosúil le Microsoft, Google, Facebook, Intel, Pfizer, Merck agus Johnson and Johnson. Cé go bhfuil an cháin chorparáide a íocann siad thar a bheith luachmhar don tír, ag an am céanna tá costais eile i gceist agus, dar le Fintan, dhíolamar ár saoirse ar shaibhreas. Maíonn sé go bhfuil dhá shochaí in Éirinn dá bhrí sin – sochaí rachmasach ilnáisiúnta at thaobh amháin agus sochaí bhocht dhúchasach ar an taobh eile.  Ach i ndeireadh an lae níl aon réiteach á moladh ag Fintan, agus cén mhaith é sin in ainm Chroim?  Tá goimh ina cholún amhail is go raibh slí eile, slí níos fearr nár thugamar agus mar sin táimid ag íoc anois as na botúin a rinneadh fadó. Cé gur mór mo mheas ar Fintan, ceapaim go bhfuil sé ag labhairt go díspeagúil linn sa chás seo.

Claonta?

Seo m’fhógra séanta: is dócha go bhfuil mé beagáinín beag claonta! Tar éis dom mo chéim in innealtóireacht leictreach a bhaint amach, fuair mé mo chéad phost ag obair do Chóras Iompair Éireann (CIE) ag dearadh meaisíní díola. Ní post dona a bhí ann, ach ní fhaca mé mórán deiseanna os mo chomhair amach chun conair ghairme iontach a bheith agam ann. Tar éis bliain go leith fuair mé post eile ag obair do chomhlacht ilnáisiúnta darb ainm IBM, agus ansin tháinig athrú suntasach ar mo scéal. Bhí an post nua go hiontach agus i dtimpeallacht spreagúil, le deiseanna iontacha ar fáil. Gan dabht, b’iontach an tosach é sin ar mo shaol gairmiúil agus chuaigh mo ghairmréim ó neart go neart tar éis sin.

Deiseanna

Bhí geilleagar na tíre in ísle brí sna hochtóidí agus mise ag lorg oibre, agus bhí ar go leor daoine dul ar imirce chun obair a fháil. Ach a bhuí le hIBM agus na comhlachtaí ilnáisiúnta eile sa tír, bhí roinnt mhaith dúinn in ann poist iontacha a fháil in Éirinn, mise san áireamh. Bhí an t-ádh dearg orainn. Gan na comhlachtaí céanna, ní bheadh an rogha sin againn ar chor ar bith!

An Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (IDA)

Rinne an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail sárjab ag mealladh comhlachtaí ilnáisiúnta go hÉirinn, ag cabhrú leo a ngnó a lonnú anseo agus ag cinntiú go mbeadh fostaithe ar fáil leo leis na scileanna a bhí ag teastáil uathu. Nuair a thug siad faoi deara go raibh éileamh ar scileanna áirithe, chuir na hollscoileanna béim ar chúrsaí oiriúnacha chun an t-éileamh sin a shásúil. is réiteach é a bhfuil buntáiste ag gach taobh ann, i mo thuairim!

Dhá Shochaí?

Rinne Fintan plé ar choincheap go bhfuil soch amháin againn bunaithe ar chomhlachtaí ilnáisiúnta agus sochaí eile bunaithe ar chomhlachtaí dúchasacha. Ní aontaím leis agus is buntuiscint lochtach é sin. Nuair a bhog mé ó CIE go IBM, níor bhog mé ó shochaí amháin go sochaí eile ar chor ar bith. dhá shochaí ann go deimhin – an Saibhir agus an Daibhir, agus gan post maith agat sa lá atá inniu ann, beidh tú ag streachailt mar bhall an tsochaí dhaibhir, gan dabht. Agus gan na comhlachtaí ilnáisiúnta atá lonnaithe in Éirinn agus poist mhaithe á dtairiscint acu, bheadh cúrsaí in Éirinn i bhfad níos measa anois ná riamh.

Tá rioscaí ann dúinn mar is comhlachtaí Meiriceánacha iad formhór na gcomhlachtaí ilnáisiúnta atá againn, ach níl sé sin a rá nach fiú an tairbhe an trioblóid. Rinne an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail sárjab ag mealladh comhlachtaí Meiriceánacha go hÉirinn, agus b’fhéidir go bhfuil sé in am dóibh anois iarracht mhór a dhéanamh chun níos mó comhlachtaí as tíortha eile a mhealladh anseo freisin.  Dála an scéil, níl sé gan riosca dúinn ár gcomhlachtaí ilnáisiúnta féin a bheith againn, ach an oiread. Féach ar cad a tharla do Nokia san Fhionlainn nuair a tháinig an iPhone ar an bhfód tubaiste amach is amach a bhí ann!   

Conclusions

Tá ár dtír ar cheann de na tíortha is rathúla faoin spéir ó thaobh na heacnamaíochta de. Ba é ceann de na rudaí is fearr a rinneamar ina leith sin na comhlachtaí ilnáisiúnta céanna a ndearna Fintan tagairt dóibh a mhealladh anseo na blianta ó shin.  Comhlachtaí seanbhunaithe atá iontu anois le fréamhacha doimhne in Éirinn, agus ní dóigh liom go bhfágfaidh siad go ceann i bhfad. Nach maith an rud é seo?

.