Anuraidh, sna Stáit Aontaithe, fuair timpeall 70,000 duine bás de bharr na ródháileoige ópóidí.   

Scéal Matthew Davidson

Bhí Matthew lán le spórt an tsaoil nuair a bhí sé óg. Ach bhí fadhb shláinte aige freisin, mar fuarthas amach go raibh neamhord téachta ar Matthew haemaifilia. Leis an ngalar sin, d’fhéadfá bás a fháil de bharr cailleadh fola. Chomh maith leis sin, bíonn pian ainsealach ag baint leis.  Choimeád a mháthair, Karen, súil ghéar ar Matthew, de bharr a ghalair, ach seachas sin ba ghnáthbhuachaill é ag fás aníos.

Tar éis dó a chuid meánscolaíochta a chríochnú, d’fhág sé an baile agus thosaigh sé ag obair i mbialann. Ar laethanta maithe, bhíodh pearsantacht ghnaíúil aige, agus bhíodh an chraic aige lena chuid custaiméirí. Uaireanta eile, áfach, bhíodh sé tinn agus bhíodh gnáthchomharthaí an fhliú air.  Is maith a thuigeann Karen anois gurb airíonna éirí as a bhí i gceist, ach ní raibh a fhios aici ag an am.

Tharraing Matthew trioblóid air féin uair amháin nuair a ghoid sé airgead as sparáin a chomhghleacaithe sa bhialann. Ghoid sé seodra óna mháthair féin freisin, agus airgead óna chairde. Bhí sé deacair do Karen a chreidiúint a leithéid faoina mac féin, ach orbh fhéidir léi an fhírinne sin a shéanadh.

D’ordaíodh an dochtúir pianmhúcháin do Matthew mar chóir leighis dá phian a chur air agus bhí Karen den tuairim gurb é sin cúis a andúile. Ní raibh a fhios ag na dochtúirí ag an am gur drugaí iad na pianmhúcháin ópóideacha a chothaíonn andúil an-chumhachtach, mar d’inis comhlachtaí a dhéanta (cosúil le Purdue Pharmaceutical) bréag dóibh, ag rá nach bhféadfaí éirí gafa leo!

Nuair a d’fhreastail Matthew ar chlár athshlánúcháin ó dhrugaí, chreid a mháthair go bhfaigheadh Matthew an ceann is fearr ar a fhadhb. Ach bhí Matthew i bhfáinne fí na n-andúileach, ag freastal ar chlár agus ansin ag dul ar ais ar na drugaí – arís is arís eile. Nuair a ghlac sé ródháileog hearóine bhí foireann práinnfhreagartha in ann é a tharrtháil ón mbás cúpla uair.

Ach thréig an t-ádh é faoi dheireadh agus fuair sé bás de dheasca ródháileoige hearóine. Ní raibh seans ag an leaid bocht mar bhí beagán feantanaile sa dáileog sin agus is druga an-dainséarach é feantanail, a mharaíonn na mílte duine gach bliain sa tslí chéanna.

Thosaigh Karen craobh áitiúil den eagraíocht ‘Parents of Addicted Loved Ones’ in Kentucky, ag iarraidh cabhair a thabhairt do dhaoine cosúil lena mac féin. Tar éis bás a mic, lean sí ar aghaidh ag obair go dian don eagraíocht sin, agus tá súil aici go mbeidh sí in ann beatha daoine eile a shábháil.

Dainséar in Éirinn?

Cé go bhfuil scéal Matthew iontach brónach, sin fadhb Mheiriceánach agus níl aon chúis imní againn anseo in Éirinn, an ea?

Sna hochtóidí, réab eipidéim hearóine trí cheantair bochta i mBaile Átha Cliath agus cathracha eile in Éirinn. Thug an tír neamhaird ar an bhfadhb uafásach seo go dtí na nóchaidí ach ansin bhí an-deacair acmhainní a fháil agus plean a chur i bhfeidhm chun smacht a fháil ar an bhfadhb.  

Ar an drochuair, tá eipidéim druga eile cnagchócaon ar siúl in áiteanna in Éirinn anois, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath san áireamh.  I dtuairisc a d’eisigh tascfhórsa drugaí agus alcóil sa cheantar sin, tá an abairt seo faoin eipidéim cnagchócaoin: Fadhb ollmhór atá ann, agus muna dtéimid i ngleic leis láithreach bonn, beidh an eipidéim seo i bhfad níos measa ná eipidéim hearóine na hochtóidí!”

Sin tuar tubaisteach na tuairisce, gan tagairt ar bith do dhrugaí sintéiseacha! Sna Stáit Aontaithe meascann na mangairí drugaí sintéiseacha agus go háirithe feantanail isteach in ionad drugaí eile, mar tá drugaí sintéiseacha níos saoire ná drugaí atá díorthaithe ó phlandaí.  mheasctar an iomarca Feantanaile isteach in ionad druga eile, seans mór go marófar an t-úsáideoir. Tá feantanail 50 uair níos cumhachtaí ná hearóin, agus mar sin d’fhéadfadh a laghad agus dhá mhilleagram tú a mharú – sin an méid céanna le gráinne beag salainn!

Má tá súil agam nach dtiocfaidh meascán nimhiúil drugaí mar sin isteach ar an margadh in Éirinn, is ag brionglóid atá mé! Tiocfaidh an ghéarchéim ópóideach go hÉirinn gan dabht, agus ní mór dár rialtas a bheith réidh le tabhairt faoi chomh luath agus is féidir. Ní réiteach inghlactha dúinn é neamhaird a thabhairt don ghéarchéim cnagchócaoin atá ann cheana féin nó don ghéarchéim feantanaile a bheidh anseo luath nó mall. Thiocfadh leis an difear idir bás agus beacha a dhéanamh!

  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish